‘Cinnlínte’ Dheagláin de Bréadún seolta ag Brian Cowen i mBaile Átha Cliath

Déanann Cinnlínte cur síos ar bhuaicphointí shaol iriseoireachta de Bréadún agus é i mbun saothair in Éirinn agus thar lear

‘Cinnlínte’ Dheagláin de Bréadún seolta ag Brian Cowen i mBaile Átha Cliath

An t-iarThaoiseach Brian Cowen agus Deaglán de Bréadún ag an seoladh. Pictiúr: Adrian Wojtas

Sheol an t-iarThaoiseach Brian Cowen leabhar nua an iriseora Deaglán de Bréadún Cinnlínte: Saol an Iriseora (Cois Life) i siopa leabhair Hodges Figgis i mBaile Átha Cliath aréir.

Cuireann Cinnlínte síos ar bhuaicphointí shaol iriseoireachta de Bréadún agus é i mbun saothair in Éirinn agus thar lear.

“Sraith caibidlí atá sa leabhar seo Cinnlínte, áit a meabhraíonn Deaglán cuid de na mórscéalta agus na pearsana a ndearna sé tuairisciú orthu. Tá ócáidí anseo aige, eachtraí, imeachtaí agus carachtair a bhí lárnach sna nuachtáin ar bhealach atá eolasach, soléite. Scil ar leith í sin, ar ndóigh, ag máistrí na ceirde,” a dúirt Brian Cowen, agus é ag seoladh an leabhair.

Dúirt de Bréadún go raibh súil aige go mbeidh an leabhar “ina ábhar spéise do dhaoine a bhfuil suim acu i stair ár linne” agus i scéalta na ndaoine aitheanta a chuir sé aithne orthu mar iriseoir, ina measc Charles Haughey, Albert Reynolds agus Yasser Arafat.

An slua i láthair in Hodges Figgis i mBaile Átha Cliath do sheoladh na hoíche aréir. Pictiúr: Adrian Wojtas
An slua i láthair in Hodges Figgis i mBaile Átha Cliath do sheoladh na hoíche aréir. Pictiúr: Adrian Wojtas

“Is dóigh liom gur ábhar iontais chomh maith le hábhar spéise a bheadh ann don aos óg, go mórmhór an cur síos atá agam ar an gcath mór fada le colscaradh a fháil ceadaithe i mBunreacht na hÉireann, scéal a chlúdaigh mé go mion,” a dúirt an t-iriseoir.

Mhol Caoilfhionn Nic Pháidín, stiúrthóir Cois Life, a d’fhoilsigh an leabhar, scóip an tsaothair.

“Tá foilseacháin cheana ag Cois Life i réimse na meán cumarsáide ach is breá ar fad linn cuimhní cinn ar a ghairm ó pheann Dheagláin de Bréadún a fhoilsiú inniu. Tá tuairiscí aige atá fréamhaithe in Éirinn agus tuilleadh a shíneann ar fud na cruinne. Comhghairdeas leis,” a dúirt Nic Pháidín,

Tá Cinnlínte ar fáil anois sna siopaí leabhar agus ó www.coislife.ie, agus tá sé ar fáil chomh maith mar  ríomhleabhar. 

_MG_5236_web
Deaglán de Bréadún faoi agallamh ag Máirín Ní Ghadhra ó RTÉ Raidió na Gaeltachta. Pictiúr: Adrian Wojtas

Fág freagra ar '‘Cinnlínte’ Dheagláin de Bréadún seolta ag Brian Cowen i mBaile Átha Cliath'