‘Cinniúint réigiún Donbas ag brath ar an gcath i gcathair Severodonetsk’ – Zelensky

Chuir an tUachtarán Zelensky ionradh na Rúise i gcomparáid le Covid agus dúirt gur smachtbhannaí agus airm an vacsaín ina choinne

‘Cinniúint réigiún Donbas ag brath ar an gcath i gcathair Severodonetsk’ – Zelensky

Deir Uachtarán na hÚcráine go bhféadfadh go mbeadh cinniúint réigiún Donbas in oirthear na tíre ag brath ar an gcath i gcathair Severodonetsk.

Chuir an tUachtarán Zelensky ionradh na Rúise i gcomparáid le Covid agus dúirt gur smachtbhannaí agus airm an vacsaín ina choinne.

“Vacsaín atá sna hairm agus sna smachtbhannaí in aghaidh Covid-22 a thug an Rúis isteach,” a dúirt sé.

Tá an feachtas míleata ag gabháil in olcas don Úcráin i réigiún Donbas ach níl aon stad ar an troid ar na sráideanna ná ar an airtléire throm agus chaon taobh ag iarraidh smacht a fháil ar chathair Severodonetsk.

Cé gur mó go mór trúpaí atá ag an Rúis sa gceantar, tá greim fós ag saighdiúirí na hÚcráine ar cheantair thionsclaíocha sa gcathair agus an Rúis á rúscadh le haerionsaithe, airtléire agus moirtéir in iarracht an chathair ar fad a ghabháil.

Is í an troid in Severodonetsk croílár an chogaidh thnáite i réigiún Donbas faoi láthair agus an dá thír ag iarraidh an fód sin a choinneáil.

Dúirt gobharnóir Luhansk, Serhiy Haidai, nárbh fhéidir daoine a thabhairt amach slán as an gcathair faoi léigear faoi láthair ach dá gcuirfeadh an t-iarthar arm fadraoin ar fáil go mbeadh fórsaí na hÚcráine in ann Severodonetsk “a ghlanadh amach in dhá nó trí lá”.

An ghéarchéim sa soláthar bia an t-údar imní atá ag Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres. Mheabhraigh sé arís an drochthionchar atá ag an gcogadh ar sholáthar bia an domhain agus dúirt go raibh impleachtaí “an-dian” aige do “slándáil bhia, fuinneamh agus airgeadas” an domhain.

Dúirt Guterres gur theastaigh uaidh teacht ar shocrú a cheadóidh bia na hÚcráine “a easpórtáil go sábháilte” ar an Muir Dhubh.

Tá an tUachtarán Zelensky ag iarraidh go ndíbreofaí an Rúis amach as Foras Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe de bharr í a bheith ag cosc easpórtálacha na hÚcráine.

Fág freagra ar '‘Cinniúint réigiún Donbas ag brath ar an gcath i gcathair Severodonetsk’ – Zelensky'