Cinneadh mór déanta maidir leis an loca pionóis ach an cinneadh is mó ar fad fós le déanamh…

Caitheann ár gcolúnaí súil siar agus súil chun cinn ar chúrsaí CLG agus éiginnteacht mhór ann i gcónaí faoi cad atá romhainn

Cinneadh mór déanta maidir leis an loca pionóis ach an cinneadh is mó ar fad fós le déanamh…

Cárta buí á thaispeáint ag an réiteoir Justin Heffernan d'imreoir na Gaillimhe, Daithí Burke. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Tá coicís caite ó bhí Comhdháil Bhliantúil CLG ann, comhdháil ag ar glacadh leis na moltaí go léir a bhí ar an gclár don lá stairiúil fíorúil.

An rud is annamh is iontach, a deir tú.
Ó shin tá mórán léite agam faoi Rún a 20 agus an ‘sin bin’ ceadaithe don séasúr nua iomána agus peile pé am a cheadófar do na cluichí idirchontae tosú. Tá mórán cainte le tamall de bhlianta faoin bhfocal soiniciúlacht agus an t-ardú ar líon na gcalaoisí soiniciúla.

Agus níl aon dabht ach go bhfuil imreoirí sásta neamhaird a dhéanamh de chothrom na Féinne nuair a shíleann siad go bhfuil gá leis, go háirithe nuair a bhíonn imreoir de chuid an fhreasúra taobh istigh den líne 20 méadar agus é ar tí cúl a scóráil. Ach níl gach duine sásta leis an gcinneadh nua seo agus roinnt áirithe saoithe, (John Kiely agus Davy FitzGerald ina measc) den tuairim nach raibh aon ghá leis na rialacha a athrú. Ach tá Willie Barrett, Cathaoirleach Chumann Forbartha na Réiteoirí, sásta leis an athrú, mar atá an réiteoir aitheanta Fergal Horgan. Tá an riail nua seo mínithe go soiléir. Tarraing imreoir chun talún, bain úsáid mhíchúramach as an gcamán, bain barrthuisle as imreoir le lámh, cos nó camán agus tá tú i dtrioblóid.

Ach ansin tháinig sé chun solais nach bhfuil aon tagairt sa riail faoi chamán a tharraingt. Beimid ag faire amach do réiteach na faidhbe áirithe sin sula dtosóidh cúrsaí ar pháirceanna na himeartha arís. Tá ceistín beag eile agamsa faoin bpionós a bheidh ann do thumadóirí, nó daoine a chaitheann iad féin chun talún ag ligint orthu féin go bhfuil calaois déanta orthu. An bhfaighidh siad deich nóiméad sa mbin? Nó an é go bhfuilim pas beag soinicúil mé féin agus mé ag ceapadh nach ndéanfadh aon tosaí aon rud chomh cam san.

Cinneadh a deineadh ag an gComhdháil ‘Split Season’ a imirt, nó an séasúr a roinnt, cinneadh a d’fhág go bhfuil deireadh á chur le Cumann na nImreoirí Club. Tá a gcúram déanta acu agus a misean curtha i gcrích acu. Bhí sé mar phríomhsprioc acu go mbeadh sceideal cluichí ann a bheadh cothrom ceart do na himreoirí club. Agus má tháinig aon rud dearfach as paindéim an Covid-19 do CLG ba é gur imríodh an séasúr club sular thosnaigh na comórtais idirchontae. De réir tuairiscí, bhí na clubanna agus na himreoirí thar a bheith sásta leis an bhféilire nua seo. Agus anois tá an cinneadh déanta ag CLG leanúint ar aghaidh leis sin sa todhchaí.
Ach an cheist ollmhór atá ann anois ná cathain a bheidh an séasúr nua ag tosnú? Agus an bhfuil seans ann go rithfear comórtais na gclub roimh na cinn idirchontae? Tá seans, dar ndóigh, go mbeadh cead ag roinnt leantóirí freastal ar na cluichí níos déanaí sa bhliain agus seans ag CLG roinnt airgid a dhéanamh.

Ach tá CLG fós ag feitheamh ar ghlaoch ón Rialtas agus ‘Spórt Éireann’ faoi thús a chur athuair le cúrsaí. Dúirt Alan Milton, stiúrthóir Cumarsáide CLG, i lár na seachtaine nach bhfuil siad ag súil le tosnú arís go dtí luath mí Aibreáin, ar a thúisce.
De réir mo chuid foinsí féin, tá an tuairim ann go rithfear an séasúr idirchontae roimh an gceann club agus go dtabharfar cead do thraenáil agus cluichí do pháistí timpeall na Cásca. Dar ndóigh, tá gach rud ag brath ar an Covid agus dul chun cinn leanúnach a bheith ann maidir leis an víreas a chur faoi chois.
Tríd is tríd tá dul chun cinn á dhéanamh agus súil againn go léir go mbeidh aicsean arís againn ar pháirceanna fud fad na tíre sula fada.

Tá sé ag teastáil go géar.

Fág freagra ar 'Cinneadh mór déanta maidir leis an loca pionóis ach an cinneadh is mó ar fad fós le déanamh…'