Cinneadh le déanamh ag an Rialtas faoi athoscailt na n-oileán agus cur chuige céimithe á scrúdú

Reáchtáladh suirbhé ar Inis Mór aréir féachaint cén cur chuige ba mhaith le muintir an oileáin sin agus cuireadh torthaí an tsuirbhé faoi bhráid an Aire Stáit

Cinneadh le déanamh ag an Rialtas faoi athoscailt na n-oileán agus cur chuige céimithe á scrúdú

Inniu a dhéanfaidh an Rialtas cinneadh faoi cén uair a thabharfar cead do dhaoine taisteal chuig na hoileáin arís.

Meastar go tabharfaidh an rialtas a mbeannacht ag an gcruinniú céanna do mholadh go mbeadh sé éigeantach masc a chaitheamh ar an gcóras iompar poiblí.

Pléifear ag an gcruinniú rialtais inniu moladh Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne maidir le hathoscailt na n-oileán ar bhonn céimithe.

Reáchtáladh suirbhé ar Inis Mór aréir féachaint cén cur chuige ba mhaith le muintir an oileáin sin agus cuireadh torthaí an tsuirbhé faoi bhráid an Aire Stáit.

De réir an chur chuige athoscailte atá á mholadh ag an Aire Stáit do na hoileáin, bheadh cead ag daoine a bhfuil muintir leo ina gcónaí ar na hoileáin agus daoine a bhfuil tithe saoire acu taisteal chuig na hoileáin ón 29 Meitheamh agus dhéanfaí na hoileáin a athoscailt go hiomlán ar an 20 Iúil.

Is í an chomhairle atá faighte ag an rialtas ó NPHET, an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí, go dtabharfaí cead taisteal do gach duine chuig na hoileáin ar an 29 Meitheamh.

Deir Aire Stáit na Gaeltachta nach bhfuil sé “sásta” le moladh NPHET i dtaca le hathoscailt luath na n-oileán mar gheall ar an imní a bhí ar go leor daoine de bhunadh na n-oileán faoin cheist.

Deir  sé chomh maith nach bhfuil muintir na n-oileán aontaithe ar an ábhar agus nach bhfuil “gach oileán” fiú ar aon intinn faoi conas is fearr na srianta taistil atá i bhfeidhm a mhaolú.

Dúirt sé go mbeadh tuairimí mhuintir na n-oileán á chur san áireamh ag an rialtas, ina measc cibé moladh a bheadh ag Comhdháil Oileáin na hÉireann, grúpa a bhfuil ionadaithe aige ó na hoileáin – Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr san áireamh.

Ach i ráiteas ó Chomhdháil Oileáin na hÉireann an tseachtain seo, dúradh nach raibh an eagraíocht “freagrach as aon chinneadh” a dhéanamh faoin tsláinte phoiblí nó faoi phaindéim an COVID-19.

Dúradh go raibh “treoir shoiléir agus prótacal” iarrtha ag Comhdáil Oileáin na hÉireann ar an Rialtas agus NPHET faoi “athoscailt shábháilte na n-oileán agus saincheisteanna gaolmhara eile’.

“Go dtí seo ní bhfuair Comhdháil Oileáin na hÉireann aon fhreagra i scríbhinn ar aighneachtaí a cuireadh ar aghaidh ag gníomhaireachtaí stáit ag lorg treoir agus tacaíocht do na hoileáin amach ón gcósta.

“Tá bord Chomhdháil Oileáin na hÉireann, ar son gach oileán atá amach ón gcósta, ag lorg soiléireachta agus treoir ón Rialtas go práinneach maidir le hathoscailt shábháilte agus na tacaíochtaí riachtanacha atá ag teastáil,” a dúradh i ráiteas Chomhdháil Chomhdháil Oileáin na hÉireann.

An 10 Lúnasa an dáta athoscailte a tugadh do na hoileáin nuair a fógraíodh plean díchuibhrithe an rialtais ach tá dlús curtha leis an phlean sin ó shin agus deireadh curtha leis an chéim dheireanach de, an ceann lena raibh na hoileáin luaite.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta ag cruinniú de choiste Covid-19 an Oireachtais an tseachtain seo caite go raibh go leor daoine ar na hoileáin sásta leis an dáta i mí Lúnasa d’athoscailt na n-oileán do thurasóirí ach go raibh daoine eile, lucht gnó den chuid is mó, ag iarraidh na srianta a scaoileadh níos túisce.

Dúirt sé go raibh an chuid is mó de na hoileánaigh buartha go mbeadh na hoileáin ag oscailt níos luaithe ach go raibh gnóthaí ar na hoileáin ag iarraidh oscailt agus go mbeadh sé deacair muintir na n-oileán ar fad a shásamh. Chaithfí éisteacht leis an dá dhream, a dúirt sé, agus teacht ar réiteach ‘cothrom’.

Tá sé curtha in iúl ag an Taoiseach Leo Varadkar go mbeadh an cur chuige céanna ag teastáil ar na hoileáin ar fad más fúthu diúltú do mholadh NPHET d’athoscailt na n-oileán. 

D’fhéadfadh gurb é cruinniú rialtais an lae inniu an cruinniú deireanach ag an Rialtas. Tuigtear go bpléifear gach a bhfuil i gceist le Céim 3 de phlean díchuibhrithe an rialtais, a thiocfaidh i bhfeidhm ar an 29 Meitheamh.

I measc na n-ábhar eile a phléifear, tuigtear go ndéanfar cinneadh maidir le héileamh de chuid an Tascfhórsa um Athshlánú Eitlíochta go gcuirfí deireadh leis an leithlisiú 14 lá atá le déanamh ag daoine a thagann isteach chun na tíre seo ó thíortha thar lear.

I dtuairisc eatramhach a d’fhoilsigh an tascfhórsa an tseachtain seo, dúradh gur cheart don rialtas deireadh a chur leis an choicís coraintín ar an 1 Iúil.

Meastar nach scaoilfear na srianta maidir le taisteal chun na hÉireann ach amháin i gcás tíortha eile a bhfuil an galar curtha faoi smacht acu. 

Tuairiscítear gur ‘droichid aeir’ idir Éirinn agus tíortha áirithe eile atá sa cheann i gcónaí ag an Rialtas.

D’fhógair an Roinn Sláinte aréir go bhfuil seisear eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. 

Cúig chás nua den ghalar a deimhníodh. 

Chuir Roinn Sláinte an Tuaiscirt bás amháin eile de thoradh Covid-19 ar an taifead inné agus dhá chás nua a deimhníodh ó thuaidh. 

2,273 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,726 duine ó dheas den teorainn agus 547 ó thuaidh di.

30,270 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,396 cás ó dheas den teorainn agus 4,874 cás ó thuaidh di. 

Faoi mheán oíche Dé Domhnaigh, an 21 Meitheamh, bhí 92% de na daoine ó dheas a raibh an Covid-19 tolgtha acu tagtha chucu féin arís. 

Ní raibh aon chás nua le fógairt i gcúig cinn de na seacht gcontae Gaeltachta. Cás nua amháin a bhí le fógairt i gcontae na Mí, mar a raibh 807 cás, agus cás amháin a bhí i bPort Láirge, mar a raibh 156 cás.

Dúirt Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte go raibh sé ar chumas an uile dhuine cabhrú le scaipeadh an ghalair a choinneáil faoi chois.

“Trínár mbearta le chéile, táimid ag dul an treo ceart agus sinn ag troid in aghaidh scaipeadh Covid-19 go forleathan i measc an phobail. Agus aghaidh á tabhairt againn ar an gcéad chéim eile, is faoi gach duine againn atá iompar agus forás an ghalair seo.

“Tá sé ar chumas gach uile dhuine againn an bhail a chuirfeadh an galar seo ar na daoine is leochailí agus is mó atá i gcontúirt inár measc a mhaolú. Is fútsa atá sé agus déanfaidh tú sin ach fanacht dhá mhéadar amach ó dhaoine eile, clúdach éadain a chaitheamh in áiteanna poiblí atá lán le daoine, amhail siopaí agus an córas iompair phoiblí, agus gan bualadh ach leis an líon is lú daoine gach aon lá.”

Fág freagra ar 'Cinneadh le déanamh ag an Rialtas faoi athoscailt na n-oileán agus cur chuige céimithe á scrúdú'