Cinneadh faoi mhaoiniú breise na gcoláistí samhraidh le déanamh mar chuid d’athbhreithniú

Tá sé deimhnithe ag Roinn na Gaeltachta go bhfuiltear chun tabhairt faoi athbhreithniú ar chás na gcoláistí samhraidh an fómhar seo

Cinneadh faoi mhaoiniú breise na gcoláistí samhraidh le déanamh mar chuid d’athbhreithniú

Deir Roinn na Gaeltachta gur amach san fhómhar a dhéanfar cinneadh faoin maoiniú breise atá curtha ar leataobh i mBuiséad 2023 d’earnáil na gcoláistí samhraidh.

Tá sé deimhnithe ag an Roinn go dtabharfaidh siad faoi athbhreithniú ar chás na gcoláistí samhraidh sna míonna amach romhainn agus go socrófar ceist an mhaoinithe bhreise nuair a bheidh an obair sin curtha i gcrích.

Mar chuid de Bhuiséad 2023, fógraíodh go bhfuil €2.5 milliún breise ceadaithe do Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne. Dheimhnigh an Roinn do Tuairisc go bhfuil airgead breise do mhná agus d’fhir tí na gcoláistí samhraidh san áireamh ansin, ach níor tugadh aon bhriseadh síos ar an leithdháileadh.

Dúradh, áfach, go n-díreofar go háirithe ar chúrsaí lóistín agus ar scoláireachtaí do dhaltaí i scoileanna DEIS.

“Leis an maoiniú breise atá fógartha tá súil go mbeidh tacaíocht bhreise ar fáil do mhná tí atá cheana sa chóras agus atá faoi bhrú ó thaobh an chostais maireachtála. Tá sé mar sprioc ag an Roinn teaghlaigh nua a mhealladh isteach sa chóras chomh maith agus an costas tosaithe a bhaineann leis sin a mhaolú níos mó.”

Bhí deacrachtaí go leor ag coláistí samhraidh i mbliana mar gheall ar easpa ban tí do na cúrsaí Gaeilge agus ní raibh roinnt coláistí Gaeltachta in ann oscailt i rith an tsamhraidh.

I measc na mbeartas tacaíochta a luadh roimh an mBuiséad, tuairiscíodh go bhféadfaí ardú 10% a cheadú ar an liúntas a íoctar le mná tí. €11 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche a íoctar le fir agus mná tí na gcoláistí samhraidh ó ardaíodh an liúntas ó €10 níos túisce i mbliana. Ba é sin an chéad ardú ar an liúntas ó 2017.

Breis is €500,000 a chosnódh ardú 10% eile agus bhainfeadh tuairim is 700 teaghlach sa Ghaeltacht leas as.

Tuairiscíodh freisin go raibh sé i gceist cur go mór leis an deontas a íoctar le mná tí atá ag smaoineamh ar lóistín a chur ar fáil do na coláistí samhraidh den chéad uair – ó €2,000 go €6,000 – chun tuilleadh daoine a mhealladh.

Deir an Roinn go roinnfear an t-ardú €2.5 milliún atá tugtha dá gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga ar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, Scéim na gCúntóirí Teanga agus Scéim na gCampaí Samhraidh Gaeilge. Meastar go mbeidh an céatadán is mó den mhaoiniú breise ag dul i dtreo na gcoláistí samhraidh agus na mná tí tríd Scéim na bhFoghlaimeoirí Teanga.

Fág freagra ar 'Cinneadh faoi mhaoiniú breise na gcoláistí samhraidh le déanamh mar chuid d’athbhreithniú'