Cinneadh déanta nach raibh mír ar ‘Liveline’ faoin nGaeilge claonta agus míchothrom

Rinne duine a ghlaoigh ar chlár de chuid ‘Liveline’ gearán leis an BAI ag maíomh go raibh an díospóireacht éagothrom agus gur fhág an comhrá ar an aer cráite é agus fearg agus díomá air

Cinneadh déanta nach raibh mír ar ‘Liveline’ faoin nGaeilge claonta agus míchothrom

Dhiúltaigh Údarás Craolacháin na hÉireann [BAI] do ghearán a rinneadh faoi mhír a bhí ar chlár raidió de chuid RTÉ, Liveline, faoin nGaeilge.

Rinne duine a ghlaoigh ar an gclár gearán leis an BAI ag maíomh go raibh an díospóireacht éagothrom agus gur fhág an comhrá ar an aer cráite é agus fearg agus díomá air.

Mhaígh Aodhán Ó Deá, atá ag obair le Conradh na Gaeilge ach a rinne an gearán ina cháil phearsanta, gur sháraigh an clár na rialacha maidir le cothrom na Féinne, oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht sa nuacht agus i gcúrsaí reatha.

Mhaígh an gearánaí nár tugadh deis dó labhairt le linn na díospóireachta faoi sprioc an Rialtais go mbeadh líofacht sa nGaeilge ag 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

Ina ghearán dúirt Ó Deá gur briseadh isteach arís agus arís eile ar a chuid cainte ar an gclár a craoladh ar an 17 Feabhra 2022 agus gur cuireadh rudaí ina leith nach raibh fíor.

Dúirt sé gur baineadh siar as agus go raibh an-díomá air nuair a d’úsáid an láithreoir a ainm iomlán ar an aer cé nach raibh a chead sin tugtha aige féin.

Dúirt sé gur cheistigh Joe Duffy, láithreoir Liveline, go mífhéaráilte é faoi fhíric maidir leis an gcéatadán d’fhoireann na Roinne Oideachais a raibh ar a gcumas seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge.

Mhaígh an gearánaí gur chuir an láithreoir tuairimí ina leith nach raibh léirithe in aon chor aige agus gur thug sé le fios go raibh sé [Ó Deá] ag déanamh leathcheal ar oibrithe cistine agus ar phobal an lucht oibre.

Mhaígh an gearánaí nár cuireadh an díospóireacht i láthair ar bhealach oibiachtúil neamhchlaonta.

Ghabh RTÉ a leithscéal gur chuir an comhrá ar an aer fearg agus díomá air ach d’áitigh gur chaith an láithreoir go féaráilte agus go hómósach leis an ngearánaí. Dúirt an craoltóir gur don ghearánaí a tugadh formhór an ama a bhí ag mír na Gaeilge ar an gclár.

Dúirt RTÉ go raibh sé de cháil ar Liveline go mbíonn an “díospóireacht dúshlánach agus láidir” agus go dtuigeann daoine a bhíonn páirteach ann go gceisteofar a dtuairimí. Dúirt RTÉ nár dhúirt Aodhán Ó Deá le taighdeoir an chláir a chuaigh i dteagmháil leis tar éis dó téacs a chur chuig an gclár nach raibh cead á thabhairt aige a shloinne a úsáid.

Dúirt RTÉ gurb é an gnáthchleachtas ainmneacha iomlána a úsáid ar an gclár.

Dúirt an craoltóir gur bhain Joe Duffy leas as an mbealach cuí leis na pointí a rinne an gearánaí a chíoradh, de réir stíl an láithreora agus a mbíonn an lucht éisteachta ag dúil leis ón gclár.

Dúirt RTÉ go raibh sé soiléir ó thras-scríbhinn den chlár gur tugadh, go hómósach agus go cúirtéiseach, am agus áiméar don ghearánaí lena chuid pointí a dhéanamh.

Chosain RTÉ an tagairt a rinne Joe Duffy do thaighde na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta [ESRI] faoin nGaeilge. Mhaígh an craoltóir go ndearnadh amhlaidh chun eolas a chur ar fáil don díospóireacht agus mar gur léiriú a bhí ann “ar na difríochtaí socheacnamaíochta idir daoine a labhraíonn Gaeilge agus daoine nach bhfuil an teanga sin acu”.

D’áitigh an craoltóir gur tugadh am don ghearánaí le freagra a thabhairt ar an bpointe a d’ardaigh an láithreoir maidir leis an lucht oibre a bheith á gcur faoi mhíbhuntáiste ag an leasú ar an reachtaíocht a bhí á mholadh. Dúirt an craoltóir go gcreideann siad gur caitheadh le meas agus go cóir leis an ngearánaí.

Chinn an tÚdarás Craolacháin gur tugadh dóthain ama don ghearánaí lena chuid tuairimí a chur in iúl sular chuir an láithreoir roinnt ceisteanna air agus sular cheistigh sé cuid dá chuid ráiteas. Is cuid de ghnó an láithreora tuairimí agus áitiú na rannpháirtithe a cheistiú.

Tá leagan amach an chláir seanbhunaithe, a deir an BAI, agus bíonn an lucht éisteachta ag súil tuairimí láidre, tuairimí a bhíonn conspóideach ar uairibh, a chloisteáil ó na daoine a ghlaonn ar an gclár sin.

Ba é cinneadh an BAI nár sháraigh an clár na forálacha cuí den Acht Craolacháin, 2009 ná Cód Cothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht na Nuachta agus Cúrsaí Reatha.

Fág freagra ar 'Cinneadh déanta nach raibh mír ar ‘Liveline’ faoin nGaeilge claonta agus míchothrom'

  • Sinéad

    Tá fuaim i bhfad níos airde ar mhicreafón Joe ná atá ag na haíonna. Ar ndóigh tá sé sin foirfe do Joe gearradh isteach ar na haíonna nuair is toil dó. Chaith Aodhán go ró-dheas leis agus bhí sé ró mhacánta i gcomparáid.

  • MÁIREAD

    TÁ SE IN AM DUINE LE GAEILGE A BHEITH I MBUN LIVELINE.