Cinneadh déanta ag réalta pheile óg as Gaoth Dobhair nach mbeidh fáil air do Dhún na nGall i mbliana

Tuairiscítear nach mbeidh Micheál Carroll, an t-imreoir óg a bhuaigh Craobh Faoi-21 Uladh le cúpla seachtain ó shin, ar fáil d’fhoireann Declan Bonner i mbliana

Cinneadh déanta ag réalta pheile óg as Gaoth Dobhair nach mbeidh fáil air do Dhún na nGall i mbliana

Tá cinneadh déanta ag Micheál Carroll, imreoir peile óg as Gaoth Dobhair, nach mbeidh sé ar fáil d’fhoireann peile Dhún na nGall i mbliana.

Is é Carroll an tríú himreoir a bhfuil an cinneadh déanta aige seasamh siar ó fhoireann shinsir an chontae i mbliana.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go raibh painéal Declan Bonner fágtha ag an gcúl báire, Peter Boyle, agus dheimhnigh fear Chill Charthaigh, Eoin McHugh, níos luaithe sa bhliain go raibh sé ag éirí as an bhfoireann idirchontae an séasúr seo agus fonn air díriú ar a chuid staidéir.

Is buille é imeacht Carroll do Dhún na nGall agus ardmheas ag daoine ar an bpeileadóir óg Gaeltachta a bhfuil gealladh mór faoi.

Bhí fear Ghaoth Dobhair ar fhoirne mionúir agus Faoi-21 an chontae ar éirigh leo craobhacha Uladh a buachan le blianta beaga anuas agus iad faoi cheannas Declan Bonner agus thosaigh sé i dtrí chluiche do na Conallaigh i gCraobhchomórtas Sinsear na hÉireann anuraidh.

Bhí an fear lár páirce gafa le cúrsaí club an t-earrach seo agus ról lárnach aige ar fhoireann Ghaoth Dobhair a bhuaigh Craobh Faoi-21 Uladh den chéad uair riamh cúpla seachtain ó shin.

Nuair a bhain Gaoth Dobhair áit amach i mbabhta leathcheannais an chomórtais sin chinn Carroll imirt dá chlub seachas d’fhoireann Dhún na nGall a bhí ag imirt in aghaidh na Gaillimhe sa tSraith Náisiúnta Peile an lá céanna.

Rinne comhghleacaí de chuid Carroll as Gaoth Dobhair, Odhrán Mac Niallais, cinneadh seasamh siar ó fhoireann Dhún na nGall in 2017 ach tá sé ag imirt arís i ngeansaí an chontae i mbliana.

Fág freagra ar 'Cinneadh déanta ag réalta pheile óg as Gaoth Dobhair nach mbeidh fáil air do Dhún na nGall i mbliana'