Cinneadh Cluxton, tábhacht na gCeallach agus ‘peacaí’ na gCláiríneach

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na scéalta is mó ó chluichí peile agus iomána an deireadh seachtaine

Pictiúr: ©INPHO/Tommy Dickson

Ní shiúlfaidh Cluxton isteach tar éis d’fhir eile an obair a dhéanamh

Tá ráite ag bainisteoir Átha Cliath Dessie Farrell nach bhfuil cúl báire iomráiteach na foirne, Stephen Cluxton, éirithe as an imirt ach dúirt sé freisin nach raibh a fhios aige cén uair a bheadh sé ar ais. Agus tús curtha ag Áth Cliath le feachtas craoibhe d’uireasa Cluxton den chéad uair ó 2004, is beag seans go bhfeicfidh muid é idir na postaí do sheaimpíní na hÉireann i mbliana.

Deirtear go minic gurb é Cluxton is cúis leis an tiomantas iontach atá léirithe ag Áth Cliath le roinnt blianta anuas agus shamhlófá nach mbeadh Cluxton féin sásta le haon imreoir eile a thiocfadh isteach ar an bhfoireann agus gur míshuaimhneach a bheadh sé faoi áit duine eile a rinne an obair chrua go léir a thógáil.

B’fhéidir gur léir ar an gcluiche in aghaidh Loch Garman Dé Domhnaigh go mbraitheann Áth Cliath go mór uathu Cluxton agus an caighdeán ard a bhíonn aige agus a éilíonn sé ó dhaoine eile. Cé gur bhuaigh fir na bpríomhchathrach le hocht bpointe ar deireadh, ba é an farasbarr ba lú a bhí acu in aon chluiche i gCraobh Laighean ó 2013. Deir iarimreoir na foirne Paddy Andrews gur mar a chéile a bhíonn réiteach ag Áth Cliath is cuma cé atá á imirt acu, bíodh sin Loch Garman nó Ciarraí. B’fhéidir agus Cluxton imithe, nach bhfuil sé sin fíor níos mó.

 

Paul Kelly. Pictiúr: ©INPHO/Ryan Byrne

Tábhacht na gCeallach do Ghaillimh

Rinne bainisteoir na Gaillimhe Pádraic Joyce tagairt do na taispeántais mhaithe a thug na himreoirí óga a bhí ar an bhfoireann aige in aghaidh Ros Comáin. Luadh Matthew Tierney agus Paul Kelly, beirt a bhí mar chuid d’fhoireann faoi 20 na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann anuraidh agus an bheirt a d’aimsigh na cúil chinniúnacha i bPáirc de hÍde Dé Domhnaigh. Sin trí chúl le ceithre chluiche anuas atá aimsithe ag Paul ach léirigh a dheartháir, Seán, arís sa chluiche go mb’fhéidir gurb é an t-imreoir is tábhachtaí atá ar fhoireann na Gaillimhe.

Sa líne lánchúil a thosaigh Seán an cluiche ag an deireadh seachtaine agus an príomhchúram a bhí air ná súil a choinneáil ar Conor Cox, tosach cumasach Ros Comáin. Níor tugadh spás ar bith do Cox agus, i ndáiríre, chaith sé níos mó ama ag leanúint Kelly ná mar a chaith fear Mhaigh Cuilinn ag cosaint.

Ba léir sin san imirt ag tús an dara leath. Agus seilbh na liathróide buaite ag Gaillimh  ar an taobh eile den pháirc, chuaigh Kelly ar ruathar mór fada suas an pháirc. Is beag seans go bhfaigheadh Kelly pas ach bhí a fhios aige go mbeadh ar Cox é a leanúint agus faoin am ar chas Kelly timpeall tar éis ráib 80 méadar, bhí pé fuinneamh a bhí faighte ag Cox ag leath ama caite aige. Baineadh den pháirc é agus nach mór 20 nóiméad fágtha.

Bhí tionchar nach beag ag Kelly ar chruthú chúil na Gaillimhe freisin. Bhí na Gaillimhigh ag streachailt sa chéad leath agus córas an-chosantach i bhfeidhm ag Ros Comáin ach léirigh Kelly an stuaim atá ann an pas cinniúnach a thabhairt do Peter Cooke sa ghluaiseacht don chéad chúl. Is é a chuir an liathróid i dtreo Matthew Tierney don dara cúl freisin.

Agus Kelly taobh istigh den líne 21m don dá chúl sin, léiríonn sé cé chomh deacair a bhíonn sé ag tosaithe na foirne eile coinneáil leis ar feadh 70 nóiméad.

 

Pictiúr: ©INPHO/James Crombie

Níor íoc ach na Cláirínigh as a gcuid ‘peacaí’

Chuthaigh an riail nua maidir le bosca an pheaca an-chuid cainte i gcluichí iomána an deireadh seachtaine. Bronnadh poc éirice agus cuireadh fear den pháirc ar feadh 10 nóiméad i dtrí cinn de na ceithre chluiche mór a bhí ann i gCúige Mumhan agus i gCúige Laighean, agus ní raibh ach ceann amháin de na cinntí sin go hiomlán ceart.

Bhí tionchar ollmhór ag cinneadh James Owens Aidan McCarthy a chur den pháirc sa chluiche idir Tiobraid Árann agus contae an Chláir. 2-4 a scóráil Tiobraid Árann agus McCarthy imithe agus thuigfeá an fhearg a bhí ar bhainisteoir an Chláir, Brian Lohan, i ndiaidh an chluiche.

Sa chluiche eile i gCúige Mumhan, bhí mí-ádh ar Peter Casey as Luimneach nuair a cuireadh i mbosca an pheaca é tar éis dó feall a dhéanamh ar Conor Cahalane. Bhreathnaigh sé go raibh roinnt imreoirí eile idir Cahalane agus cúl Luimnigh ach mheas Paud O’Dwyer go raibh deis ar chúl ann.

Patrick Horgan a bhuail an poc éirice do Chorcaigh ach rinne Nickie Quaid sábháil den scoth. Cé go raibh fear sa bhreis ag Corcaigh, d’éirigh le Luimneach an bhearna a bhí idir na foirne a mhéadú.

Is sa chluiche idir Loch Garman agus Cill Chainnigh a bhí an cinneadh is éasca ag an réiteoir nuair a leag cúl báire na gCat, Eoin Murphy imreoir de chuid Loch Garman, Connal Flood. Bhí an t-ádh ar Murphy nár taispeánadh cárta dearg dó ach bhí Fergal Horgan sásta leis an gcárta buí agus poc éirice.

Shlánaigh cúl báire na gCarmannach an poc éirice ach bhí na foirne ar comhscór faoin am ar tháinig Murphy ar ais ar an bpáirc mar nár scóráil Loch Garman ach pointe amháin eile sa tréimhse sin, i gcomparáid le ceithre cinn ag Cill Chainnigh.

 

Patrick McBrearty. Pictiúr: ©INPHO/Tommy Dickson

Coimhlintí éagothroma in Ulaidh

Deirtear i gcónaí gurb í Craobh Uladh an ceann is iomaíche de na comórtais pheile ach aontaobhach go maith a bhí na cluichí inti go dtí seo. Ag an deireadh seachtaine, bhí farasbarr 13 pointe ag Ard Mhacha ar Aontroim agus deich bpointe de bhearna a bhí idir Muineachán agus Dún na nGall. Nuair a chuirtear bua sé phointe dhéag Dhún na nGall ar an Dún leosan, bearna 13 pointe ar an meán a bhí i gceist go dtí seo.

Le bheith féaráilte, coinníodh na boic mhóra óna chéile go dtí seo agus ba cheart go dtiocfadh feabhas ar chúrsaí an deireadh seachtaine seo chugainn. Imreoidh Tír Eoghain agus seaimpíní 2020, An Cabhán, in aghaidh a chéile Dé Sathairn agus casfaidh Doire agus Dún na nGall ar chéile lá arna mhárach. Ba cheart go mbeadh Tír Eoghain agus Dún na nGall ina roghanna láidir na coitiantachta agus iad ag imirt in aghaidh foirne a bhí i Roinn 3 na sraithe i mbliana ach bheifeá ag súil go mbeadh níos lú ná 13 pointe idir na foirne sin ag deireadh an lae.

Fág freagra ar 'Cinneadh Cluxton, tábhacht na gCeallach agus ‘peacaí’ na gCláiríneach'