Cinneadh cead a dhiúltú d’óstán 81 seomra sa Spidéal curtha ar ceal

Cinneadh cead a dhiúltú d’óstán 81 seomra sa Spidéal cealaithe san Ard-Chúirt

Cinneadh cead a dhiúltú d’óstán 81 seomra sa Spidéal curtha ar ceal

Tá cinneadh a rinne An Bord Pleanála curtha ar ceal ag breitheamh Ard-Chúirte. In 2018 dhiúltaigh an Bord Pleanála d’achomharc a rinne Baile Éamoinn Teoranta (BET) faoi chead pleanála a diúltaíodh dóibh chun óstán 81 seomra a thógáil sa bhaile Gaeltachta.

Lorgaíodh cead freisin do dhá theachín saoire, sé theach leathscoite agus mol nuálaíochta bia ceardaí a thógáil sa Spidéal.

D’iarr Baile Éamoinn Teoranta athbhreithniú breithiúnach ar dhiúltú an Bhoird Pleanála don achomharc a rinne an comhlacht faoi dhiúltú Chomhairle Chontae na Gaillimhe don fhorbairt.

Bhí an comhlacht ag lorg cead pleanála d’óstán ceithre réalta, darbh ainm Óstán an Chuain, a thógáil ar shuíomh soir ó bhaile an Spidéil, in aice leis an gCeardlann agus díreach trasna ó Thrá na mBan.

Dúirt an Breitheamh Anthony Barr  inniu go raibh rún aige an t-iarratas pleanála a chur ar ais chuig an mBord Pleanála chun go ndéanfaí an cás a athmheas  agus a bhreithiúnas á chur san áireamh acu.

Dúirt an Breitheamh nach dtabharfadh sé a bhreith chríochnúil go dtí go mbeadh deis ag an dá thaobh an bhreith a mheas.

Dhiúltaigh an Bord Pleanála cead don fhorbairt ar an mbonn go raibh an córas fuíolluisce poiblí sa gceantar easnamhach agus nach bhféadfaí a leithéid d’fhorbairt a dhéanamh go mbeadh córas poiblí cóireála fuíolluisce tógtha san áit.

Bhí sé i gceist ag Baile Éamoinn Teoranta córas cóireála príobháideach a chur i bhfearas go dtí go mbeadh córas poiblí ar fáil.

Dúirt an Breitheamh Barr gurbh é a bhreithiúnas féin nach raibh an diúltú réasúnta agus go ndearnadh an cinneadh sin agus an Bord agus a chigire in earráid faoi stádas iarratas pleanála Uisce Éireann chun córas cóireála poiblí fuíolluisce a thógáil sa Spidéal.

Ó tharla gur ar an 6 Meitheamh 2018 a rinne Uisce Éireann an t-iarratas sin, rinne An Bord Pleanála a gcinneadh “agus tuiscint iomlán mícheart acu ar na fíricí ábhartha”.

Chuir sé an diúltú ar ceal chomh maith toisc nach raibh dóthain fianaise ann go bhféadfadh an fhorbairt a bheith ar aimhleas na sláinte poiblí.

Bhí sé ráite ag cigire an Bhoird Pleanála nach raibh aon chontúirt ó thaobh na timpeallachta sa bhforbairt ach  “ait go leor”, a dúirt an Breitheamh,  mheas sé go mba chontúirt a bheadh ann do dhaoine a bheadh ag snámh ar dhá thrá a raibh an bhratach ghorm acu.

Dúirt an Breitheamh nár thug an cigire aon fhianaise a sheasfadh lena chuid imní faoin uisce snámha.

Nuair a fógraíodh an plean don óstán bhí Údarás na Gaeltachta i measc na ndreamanna a thug tacaíocht dó agus dúradh go gcuirfeadh sé le tionscal turasóireachta an Spidéil.

Bhíothas ag súil go bhfostófaí idir 80-100 duine sa bhforbairt agus dúradh go dtabharfar tús áite do dhaoine le Gaeilge.

Bhí súil ag Rónán Bairéad, atá i mbun na forbartha, gur áis thar a bheith tairbheach a bheadh sa bhforbairt do mhuintir an Spidéil agus do phobal Ghaeltacht Chonamara, agus gur deis a bheadh ann imeachtaí móra a mhealladh chun na háite – leithéid Chomórtas Peile na Gaeltachta, chomh maith le ceolchoirmeacha agus féilte ar leith.

Fág freagra ar 'Cinneadh cead a dhiúltú d’óstán 81 seomra sa Spidéal curtha ar ceal'