Cinneadh aire de chuid an DUP faoi Ghaelscoil curtha ar neamhní san Ard-Chúirt

Máthair dalta de chuid Ghaelscoil an Lonnáin ar Bhóthar na bhFál a lorg an t-athbhreithniú ar chinneadh an iar-aire oideachais Peter Weir diúltú d’iarratas go n-athlonnófaí an scoil

Cinneadh aire de chuid an DUP faoi Ghaelscoil curtha ar neamhní san Ard-Chúirt

Tá cinneadh an iar-aire oideachais Peter Weir diúltú d’iarratas go n-athlonnófaí Gaelscoil atá i bhfoirgneamh 115 bliain in iarthar Bhéal Feirste curtha ar neamhní san Ard-Chúirt i mBéal Feirste.

Chinn an Breitheamh Keegan san Ard-Chúirt inniu go gcaithfí athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas a bhain le diúltú an iarratais i leith athlonnú na scoile.

Máthair dalta de chuid Ghaelscoil an Lonnáin ar Bhóthar na bhFál a lorg an t-athbhreithniú.

D’áitigh dlíodóirí na mná nach raibh aon chiall le cinneadh an pholaiteora de chuid an DUP agus gur cliseadh a bhí ann ar an dualgas reachtúil atá ann an Gaeloideachas a fhorbairt.

D’éirigh sa chúirt inniu le héileamh na mná ar ordú cúirte a thabharfadh ar na húdaráis athlonnú na Gaelscoile a cheadú nó athbhreithniú a dhéanamh ar a chinneadh.

Dúirt an Breitheamh Keegan nár chuir Peter Weir dearcadh Chomhairle na Gaelscolaíochta san áireamh nuair a dhiúltaigh sé don iarratas agus mháigh an breitheamh go raibh sé “ró-righin” ina chur chuige.

D’aontaigh sí chomh maith gur cliseadh a bhí ann ar an dualgas reachtúil atá ann an Gaeloideachas a fhorbairt.

“Caithfear an cinneadh seo a chur ar neamhní, agus i bhfianaise an chinnidh seo, beidh mé ag ordú go ndéanfar athbhreithniú ar na moltaí maidir le hathfhorbairt na scoile,” a dúirt an Breitheamh.

Timpeall 60 dalta atá cláraithe i nGaelscoil an Lonnáin atá ar an láthair chéanna ar Bhóthar na bhFál ó 2004.

Mhaígh dlíodóirí na mná go bhfuil an foirgneamh ina bhfuil a gasúr ag freastal ar scoil “róbheag agus rósháinnithe” agus nach bhfuil sé “feiliúnach” mar láthair scoile. Ba ag deireadh na bliana seo caite, 2015, a chuir Bord Gobharnóirí Ghaelscoil an Lonnáin iarratas faoi bhráid na Roinne Oideachais go n-aistreofaí an scoil go dtí an láthair ina mbíodh scoil Naomh Comgall.

Cé go raibh tacaíocht ag an iarratas ó údaráis oideachais éagsúla dhiúltaigh Peter Weir dó i mí an Mheithimh agus tuairiscítear go raibh ‘inmharthanacht’ na scoile i measc na gcúiseanna leis an diúltú sin.

Dúirt lucht dlí na mná san Ard-Chúirt gur cuireadh san áireamh “nithe nár bhain le hábhar” agus an cinneadh á dhéanamh.

Dúradh chomh maith nár thug an tAire Weir aird ar an ardú atá ar an éileamh ar ghaeloideachas sa cheantar. Líomhnaítear chomh maith gur sháraigh an cinneadh Coinbhinsiún na hEorpa ar Chearta an Duine toisc nár tugadh tús áite do leas an pháiste.

Fág freagra ar 'Cinneadh aire de chuid an DUP faoi Ghaelscoil curtha ar neamhní san Ard-Chúirt'