Cine 4 chugainn, súil Scorsese, ar ‘The Irishman’ agus bean Cheatharlach mar ‘Mary Queen of Scots’…

Caitheann ár léirmheastóir scannán a shúil ar chuid de na saothair shuaithinseacha a bheidh ar an scáileán mór in 2019

Cine 4 chugainn, súil Scorsese, ar ‘The Irishman’ agus bean Cheatharlach mar ‘Mary Queen of Scots’…

Saothair Ghaeilge

Beidh lucht na Gaeilge ag súil go mór leis na fadscannáin a thiocfaidh as ceárta Cine4; an chomhghuaillíocht úd idir TG4, Bord Scannán na hÉireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá Abú Media ag obair ar an saothar aigneolaíoch Finky atá bunaithe ar an gcarachtar Micí Phincí Ó Foghlú, ceoltóir óg a bhfuil saol tragóideach aige agus atá ina chláiríneach de bharr timpiste chairr. Faigheann sé deis cruth éigin a chur ar a shaol nuair a théann sé le sorcas atá ceannródaíoch ach brúidiúil chomh maith. Tá an saothar Arracht ón gcomhlacht Macalla suite i rith an Ghorta Mhóir. Díríonn sé ar fhear óg a bhíonn in umar na haimléise nuair a chuirtear dúnmharú ina leith.  Téann sé ar a theitheadh ar feadh blianta agus eascraíonn cairdeas idir é féin agus cailín óg. Filleann an seansaol air, áfach.

Mary Queen of Scots

An é seo an táirge a ghnóthóidh duais Oscar do bhean Cheatharlach sa deireadh? Anuraidh d’éirigh le Saoirse Ronan ainmniúchán Oscair a ghnóthú dá taispeántais in Lady Bird, mar a rinne Margot Robbie le I, Tonya. Cé gurbh í Frances McDormand a thug an chreach léi sa deireadh níl aon dabht ach go bhfuil gairm na beirte seo (agus iad fós sna fichidí) in airde láin. Ní haon iontas go bhfuil cad é bús faoin gcéad chomhghuaillíocht seo eatarthu. Sa saothar leo léireoidh siad an choimhlint idir an Bhanríon Eilís 1 agus Máire Stíobhaird. Ní nach ionadh bainfear casadh as eachtraí is fíricí na staire ach nach cuma sin nuair atá na piardaí mór aisteoireachta seo le haghaidh a thabhairt ar a chéile.

Roma 

Tá cad é bús faoin gceann seo le tamall. Bhain Alfonso Cuarón go leor cáil amach dó féin mar gheall ar an scríbhneoireacht shnoite agus an stiúradh slachtmhar a bhain le Gravity (2013); saothar a chroch leis seacht nduais Oscar. Seo an chéad fhadscannán uaidh ó shin agus tá an scannán dubh agus bán seo lonnaithe ar fhód dúchais Cuarón. Beidh rian den dírbheathaisnéis ag baint leis an saothar mar sin agus é ag díriú ar theaghlach den lucht oibre i gCathair Mheicsiceo sna seachtóidí. Táthar ag tuar go mb’fhéidir gurb é seo an chéad saothar de chuid Netflix a bheidh san iomaíocht do dhuaiseanna móra Oscar.

Boy Erased

D’éirigh le Joel Edgerton na piardaí móra Nicole Kidman agus Russell Crowe a earcú don saothar machnamhach, mothúchánach seo. Ministir Baisteach é carachtar Crowe agus seolann sé féin agus a bhean chéile (Kidman) a mac chuig campa speisialta le gur féidir leis ‘teiripe’ a fháil dá homaighnéasacht. Tá an scannán bunaithe ar an leabhar den teideal céanna le Garrard Conley. Is é Lucas Hedges atá i ról an bhuachalla agus táthar ag maíomh go mbainfidh sé an bláth den bheirt seanfhondúirí atá taobh leis.

A Private War

Sa saothar seo déanfaidh Rosamund Pike léiriú ar an gcomhfhreagraí cogaidh Marie Colvin; bean a maraíodh i rith léigear Homs sa tSiria in 2012. Bunaithe ar an réamhbhlaiseadh atá ar fáil, is carachtar cróga, diongbháilte a bheidh os ár gcomhair, ach is bean í a bhfuil rian den neamhord strus iarthrámach uirthi. Agus an paiste súile sainiúil sin á chaitheamh aici tabharfar cuntas ar shaol eachtrúil Colvin agus í ag tuairisciú ó na láithreacha is dainséaraí ar domhan. Is é Jamie Dornan a bheidh taobh léi mar an grianghrafadóir Paul Conroy.

The Irishman

Scorsese, De Niro, Pacino agus Pesci. Scothfhoireann má bhí a leithéid riamh ann. Tá’s againn ar fad cad a d’eascair as na comhghuaillíochtaí idir De Niro agus Scorsese. Cuir Pesci leo, agus d’éirigh leis an triúracht na sárshaothair Goodfellas (1990) agus Casino (1995) a thabhairt dúinn. Seo chugainn arís iad agus, cinnte, don uair dheireanach. Baineann an táirge áirithe seo le cuimhní cinn an aimsitheora Frank Sheeran (De Niro), fear a mhaítear a raibh baint aige le dúnmharú Jimmy Hoffa. Táirge eile de chuid Netflix. Tá uisce le fiacla cheana féin.

Fág freagra ar 'Cine 4 chugainn, súil Scorsese, ar ‘The Irishman’ agus bean Cheatharlach mar ‘Mary Queen of Scots’…'