Cill Choirín/Cluain Bheirn ar thairseach na staire ach sárfhoireann Mhainistir na Móna rompu

Tá seaimpíní na Gaillimhe, Cill Choirín/Cluain Bheirn, ag iarraidh Craobh na hÉireann a bhuachan den chéad uair ach beidh orthu an ceann is fearr a fháil ar churaidh 2018, Mainistir na Móna

Cill Choirín/Cluain Bheirn ar thairseach na staire ach sárfhoireann Mhainistir na Móna rompu

Eimear Meaney (Mainistir na Móna) agus Louise Ward (Cill Choirín/Cluain Bheirn). Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Mainistir na Móna (Corcaigh) v Cill Choirín/Cluain Bheirn (Gaillimh)

Páirc na nGael – 5pm (Beo ar TG4)

Beidh cuid de na peileadóirí is fearr sa tír le feiceáil i bPáirc na nGael i Luimneach anocht nuair a thabharfaidh Mainistir na Móna agus Cill Choirín/Cluain Bheirn aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile na gClubanna.

Tar éis dóibh cluichí ceannais a chailliúint in 2014, 2015 agus 2017, d’éirigh le Mainistir na Móna Craobh na hÉireann a thabhairt leo faoi dheireadh anuraidh nuair a bhuaigh siad ar Charraig an tSionnaigh/Cábán tSíle. Tá siad anois sa chluiche ceannais arís agus iad ag iarraidh an chraobh a bhuachan den dara bhliain as a chéile.

Ach tá foireann Chill Choirín/Chluain Bheirn imithe ó neart go neart le blianta beaga anuas.

B’iontach an t-údar díomá do mhná na Gaillimhe trí chluiche leathcheannais na hÉireann a chailleadh idir 2014 agus 2018. Mainistir na Móna a fuair an ceann is fearr orthu i bpéire de na cluichí sin ach is mór an feabhas atá tagtha ar Chill Choirín/Cluain Bheirn ó shin agus fiú le bliain anuas féin. Tá a n-áit i gcluiche ceannais na hÉireann tuillte go maith acu.

Bhuaigh siad Craobh na Gaillimhe den seachtú bliain as a chéile i mbliana agus thug siad  leo craobh an chúige nuair a bhí bua cuimsitheach acu ar bhoic mhóra Mhaigh Eo, Ceathrú na Con, sa bhabhta leathcheannais.

Tá imreoirí den scoth ar fud na páirce acu. Bhuaigh an cúpla, Louise agus Nicola Ward, gradaim All Star den chéad uair an deireadh seachtaine seo caite agus ainmníodh do na gradaim chéanna beirt eile atá ar fhoireann Chill Choirín/Chluain Bheirn, an cúl báire Lisa Murphy agus an tosach Olivia Divilly.

Foireann óg go maith í den chuid is mó agus scata mór imreoirí acu a bhuaigh craobhacha na hÉireann faoi aois le Gaillimh le cúpla bliain anuas, ina measc an triúr Noone, Siobhán Fahy agus Ailish Morrissey. Tá an-taithí acu chomh maith agus tá Annette Clarke, bean a bhí ina captaen ar fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2004, fós ag imirt dóibh.

I gcluiche leathcheannais na hÉireann, a thug foireann Chill Choirín/Cluain Bheirn an taispeántas is fearr a thug siad fós i mbliana agus iad in aghaidh Charraig an tSionnaigh-Cábán tSíle, curaidh Laighean le cúig bliana anuas. Bhí an lámh in uachtar ag mná na Gaillimhe ó thús go deireadh agus farasbarr aon phointe dhéag a bhí idir na foirne, 5-12 in aghaidh 2-10.

Dá fheabhas iad, caithfidh tuilleadh feabhais teacht orthu tráthnóna más leo an cluiche ceannais seo a thabhairt leo. Bhí ocht bpointe le spáráil ag Mainistir na Móna ar Chill Choirín/Cluain Bheirn nuair a thug siad aghaidh ar a chéile sa gcluiche leathcheannais sin anuraidh agus d’ainneoin dul chun cinn mór a bheith déanta ag foireann na Gaillimhe ó shin, caithfidh siad a bheith i mbarr a maitheasa i gceart chun seaimpíní na Mumhan a bhualadh.

Is iad réaltaí Chorcaí, na deirfiúracha Doireann agus Ciara O’Sullivan, a rinne an beart do Mhainistir na Móna sa chluiche sin anuraidh. D’aimsigh Doireann 0-8 agus scóráil Ciara trí chúilín. Imreoirí maithe iad a mbeirt deirfiúracha chomh maith, Méabh atá sa gcúl agus Róisín sa líne leathchúil.

Bhí an cosantóir Eimear Meaney ar dhuine de na himreoirí ab fhearr a bhí ar fhoireann shinsir Chorcaí i mbliana agus tá cúpla imreoir eile acu a bhain caitheamh as geansaí an chontae, Máire O’Callaghan agus Aisling O’Sullivan ina measc.

Neartaíodh foireann Mhainistir na Móna go mór nuair a d’aistrigh sárimreoir Átha Cliath, Noelle Healy, síos go Corcaigh cúpla bliain ó shin. Tosach den chéad scoth í Healy agus má roghnaíonn lucht bainistíochta Chill Choirín/Chluain Bheirn Nicola Ward chun í a mharcáil, is iontach an choimhlint a bheidh eatarthu.

D’fhéadfadh an bheirt sin an-tionchar a bheith acu ar an toradh inniu, sin má éiríonn le duine acu an ceann is fearr a fháil ar an duine eile.

Fág freagra ar 'Cill Choirín/Cluain Bheirn ar thairseach na staire ach sárfhoireann Mhainistir na Móna rompu'