Cill Chainnigh ag iarraidh amadáin a dhéanamh dínn ar fad arís

Cé go bhfuil go leor daoine á rá go dtabharfaidh na Cait dúshlán do Luimneach i gcluiche ceannais na hÉireann inniu, is beag duine atá sásta dul sa bhearna bhaoil agus an rogha a thabhairt do Chill Chainnigh

Cill Chainnigh ag iarraidh amadáin a dhéanamh dínn ar fad arís

Luimneach v Cill Chainnigh – Páirc an Chrócaigh, 3.30pm (Beo ar RTÉ & Sky)

Chaithfeá a bheith i d’amadán chun beag is fiú a dhéanamh de Brian Cody agus Cill Chainnigh i gcluiche ceannais na hÉireann ach is fúthusan anois é amadáin a dhéanamh dínn ar fad.

Cé go bhfuil go leor daoine á rá go dtabharfaidh na Cait dúshlán do Luimneach, atá sa tóir ar an tríú craobh as a chéile, is beag duine atá sásta dul sa bhearna bhaoil agus an rogha a thabhairt do Chill Chainnigh. Thuigfeá dóibh.

Cé nach raibh Luimneach i mbarr a maitheasa go dtí seo i mbliana, tá barúil láidir againn céard a dhéanfaidh siad sa chluiche ceannais. Tá siad feicthe cheana againn ach scéal eile atá ann iad a stopadh. Níl ach cluiche mór craoibhe amháin caillte acu le cúig bliana anuas. Cluiche leathcheannais 2019 a bhí i gceist, ar ndóigh, agus cé eile a chloígh iad ach na Cait.

An neart agus an díograis a léiríonn foirne Chill Chainnigh chomh minic sin ba bhunchloch don bhua sin agus beidh na tréithe sin agus tuilleadh ag teastáil inniu más leo stop a chur le Luimneach.

Bhí na Cait níos láidre agus níos díocasaí ná na Cláirínigh sa chluiche sin agus bhí na cosa tugtha leo ag Cill Chainnigh faoi leath ama. Ní bheidh rudaí chomh héasca sin, ná baol air, in aghaidh Luimnigh ach tús maith a bheadh ann dá bhfeicfí an mianach sin i bhfoireann Brian Cody amárach.

Ní minic a bhíonn rudaí le foghlaim ag Cill Chainnigh ó thaispeántais na Gaillimhe ach beidh sé feicthe ag Cody gur thug fir an iarthair dúshlán do Luimneach sa chluiche leathcheannais eile. Bhí Fintan Burke ar fheabhas ar fad ag marcáil Ghearóid Hegarty mar a bhí Joseph Cooney ar Tom Morrissey. Baineadh beirt fhathach Luimnigh den pháirc agus an cluiche idir dhá cheann na meá mar nach raibh Burke ná Cooney ag tabhairt orlach spáis dóibh, fiú nuair a bhí fir Luimnigh imithe siar i dtreo a gcúil féin sa tóir ar an sliotar.

Fágadh spás ollmhór os comhair líne lánchúil na Gaillimhe dá bharr, rud a lig do Shéamus Flanagan agus Aaron Gillane, go háirithe, scrios a dhéanamh sa chéad leath. Ní féidir, áfach, an dá thrá a fhreastal in aghaidh Luimnigh, nó níl éirithe le haon fhoireann é a dhéanamh go dtí seo. Má bhrúitear suas ar Morrissey agus Hegarty, beidh an spás istigh. Má ligtear don bheirt amuigh, gheobhaidh siad cúig nó sé de phointí an duine gan stró.

Roghnaigh na Gaillimhigh dul sa seans go bhfaigheadh Daithí Burke agus Darren Morrissey an ceann is fearr ar Gillane agus Flanagan istigh agus cé go ndearna na cosantóirí a ndícheall, níor éirigh leo. Beidh Cill Chainnigh ag súil go n-éireoidh níos fearr le Mikey Butler agus Huw Lawlor.

Ar an taobh eile den pháirc, níl tosaithe Chill Chainnigh chomh maith is a bhí blianta eile agus iad ag brath go mór, rómhór i ndáiríre, ar TJ Reid, Eoin Cody agus nuair a bhíonn sé thuas ansin, Adrian Mullen.

Fiú má choinnítear TJ ciúin san imirt, déanfaidh sé an beart ó na pocanna saora ach caithfidh Cody cluiche maith a bheith aige más le Cill Chainnigh an cluiche seo a bhuachan. 

D’fhéadfadh gurb é Seán Finn a bheadh á mharcáil, cosantóir nach bhfuil a shárú le fáil faoi láthair, ach d’fhéadfadh Cody fadhbanna a chruthú dó. Tá cáil ar fhear Bhaile Héil as a chuid imeartha sa líne lántosaithe ach chruthaigh sé an-chuid fadhbanna don Chlár nuair a tháinig sé amach ar an gcliathán ar an daichead slat. Imreoir iontach é Finn ach b’fhéidir nach mbeadh sé ar a chompord chomh fada sin ón gcúl agus spás ag Cody taobh thiar dó.

Ag breathnú ar Luimneach, buille mór a bheadh ann mura mbeidh Cian Lynch in ann imirt tráthnóna ach ba léir sa chluiche leathcheannais nach raibh sé tagtha chuige féin ón ngortú agus drochsheans go raibh John Kiely ag brath go huile agus go hiomlán ar fhilleadh Lynch don chluiche seo.

Ní hé gach duine a aontaíonn leis an gcinneadh Kyle Hayes a chur i measc na dtosaithe ach bhí an-tionchar aige ar an gcluiche in aghaidh na Gaillimhe nuair a theastaigh sé. Léirigh an cluiche sin na roghanna atá ag Kiely i measc na n-ionadaithe freisin mura mbeidh rudaí ag dul i gceart.

Tharraing fir Luimnigh iad féin as gábh an lá sin agus, théis a bhfuil foghlamtha acu ó 2019, mheasfá go bhféadfaidís a leithéid a dhéanamh arís inniu, más gá.

Fág freagra ar 'Cill Chainnigh ag iarraidh amadáin a dhéanamh dínn ar fad arís'

  • JP

    Is ag CC atá na hiománaithe is fearr agus bíonn cniotáil ar luas lasrach gan cháim eatorthu mar fhoireann ó cheann ceann na páirce. Tá an chniotáil sin tugtha chun barr feabhais acu i mbliana. Tá ealaín dhiamhair acu sna rostaí, scafántacht scanrúil, cruas agus cumas thar meán, ach thar aon rud eile tá ‘intlíocht’. Sin bua ná déantar puinn tráchta air ach is é dlúth agus inneach na hiomána í agus ná téir chun páirce dá huireasa! Déantar dea-thréithe an iománaí a fháisceadh sna leanaí i rang na naíonán féin. An chéad lá ag dul ar scoil dóibh beireann siad leo camán agus ‘satchel’ mar a mbíonn leabhartha, dar ndó, agus bosca lóin. Agus istigh sa bhoiscín sin, in aonacht leis na ceapairí breátha feola, tá sliotar!