Ciceanna amach cinniúnacha, easpa cruinnis Mhuineacháin, deiseanna caillte an Dúin agus Sinatra i bPáirc an Chrócaigh

Caitheann Tuairisc súil siar ar na scéalta móra ó chluichí an deireadh seachtaine i bPáirc an Chrócaigh

Ciceanna amach cinniúnacha, easpa cruinnis Mhuineacháin, deiseanna caillte an Dúin agus Sinatra i bPáirc an Chrócaigh

Géarchoimhlintí buaite i dtrí nóiméad

Bhí dhá choimhlint den scoth againn i mbabhtaí leathcheannais na Craoibhe Sinsir Peile ag an deireadh seachtaine. Mhair an péire breis is 80 nóiméad an ceann san iomlán agus ba bheag a bhí idir na foirne i gcaitheamh an ama.

In ainneoin na hoibre uile a rinneadh, na gaiscí a chonacthas agus na cathanna a troideadh, tháinig cora cinniúnacha an dá chluiche in dhá thréimhse trí nóiméad i dtreo dheireadh na himeartha nuair a chuir dream amháin brú aisteach ar chic amach an dreama eile.

Ar an Domhnach, níor éirigh le Ciarraí ach ceann amháin de chiceanna amach Dhoire a bhuachan sa chéad 65 nóiméad ach, nuair a bronnadh cic saor ar Stephen O’Brien gar don chúl, tugadh an deis do Chiarraí bheith faoi réir chun brú mór a chur ar chic amach Odhrán Lynch.

Bhí ochtar imreoirí ag Ciarraí laistigh de líne 65m Dhoire agus ceathrar eile i lár na páirce nuair a rinne Lynch iarracht an cluiche a thosú arís. Rinne an cúl báire comhartha gur theastaigh uaidh go ndéanfadh imreoirí Dhoire iarracht níos mó chun spás a aimsiú. Bhéic bainisteoir na foirne, Ciarán Meenagh “Move!” ón taobhlíne chomh maith ach, bíodh sin mar gheall ar an obair ollmhór a bhí curtha isteach roimhe sin nó marcáil Chiarraí, ní raibh cosantóirí Dhoire in ann éalú ó fhir na Ríochta agus bheartaigh Lynch an liathróid a lascadh i dtreo lár na páirce. Ar an drochuair bhí sí buailte rófhada do Conor Glass agus Brendan Rogers agus ghlac Tadhg Morley seilbh uirthi. Tugadh pas do David Clifford, bhuaigh sé cic saor agus bhí Ciarraí ansin ar ais ar comhscór.

Tharla an rud céanna arís ansin, Lynch ag lorg cúnaimh, ceann fada buailte amach aige agus an briseadh buaite an uair seo ag Tony Brosnan. Cúpla pas ina dhiaidh sin, chuir Stephen O’Brien Ciarraí chun tosaigh den chéad uair ón 23ú nóiméad. Bhuaigh siad seilbh ar an gcéad cheann eile chomh maith agus a naoú pointe aimsithe ag David Clifford agus an ceathrú ceann ag Ciarraí i dtréimhse trí nóiméad.

B’amhlaidh an scéal ar an Satharn. Tar éis do Brian Fenton scór iontach a fháil ón imirt chun Áth Cliath a chur pointe chun tosaigh théis 60 nóiméad, chuir Áth Cliath brú mór ar chic amach Rory Beggan. Chuir cúl báire Mhuineacháin ceann gearr i dtreo Ryan Wylie agus cé go ndearna na hUltaigh iarracht briseadh amach, d’fhág an brú gur ghéill siad cic saor, cic a sheol Paul Mannion thar an trasnán.

Idir bronnadh an tsaorchic sin agus scór Mannion, fuair Áth Cliath áiméar ar réiteach don chic amach agus brú suas arís. Chinn Beggan an liathróid a bhualadh amach fada ach rinne sé praiseach di agus díreach chuig Eoin Murchan i lár na páirce a buaileadh í. Sé phas ina dhiaidh sin, bhí spás agus am ag Jack McCaffrey scór eile a fháil d’Áth Cliath. Trí phointe acu laistigh de thrí nóiméad agus bearna chinniúnach curtha idir iad féin agus a gcéilí comhraic.

 

Gary Mohan, ag cur tús le hionsaí Mhuineachán eile

Muineachán ag íoc as easpa cruinnis

Théis an chéad 20 nóiméad den chéad leath den chluiche idir Muineachán agus Áth Cliath, bhí breis is a dhá oiread níos mó iarrachtaí ar na postaí tógtha ag na hUltaigh ach d’fhág easpa cruinnis nár baineadh leas iomlán as na deiseanna a bhí á gcruthú acu.

Sa chéad chúig nóiméad, bhí an cuaille buailte faoi dhó ag Muineachán agus iarracht eile ó Michael Bannigan blocáilte, Stephen O’Hanlon a fuair a gcéad scór faoi dheireadh théis ocht nóiméad. Chuir Conor McManus cic saor amú ina dhiaidh sin agus bhí seans iontach ag Muineachán théis 17 nóiméad nuair a d’aimsigh Ryan McAnespie bearna i gcosaint Átha Cliath ach, in áit an liathróid a thabhairt trasna go dtí O’Hanlon a bhí saor i mbéal an chúil, thug McAnespie faoi iarracht a bhí lag go maith agus bhlocáil Michael Fitzsimons í go héasca.

Scóráil Rory Beggan an cic 45 a tháinig ina dhiaidh sin ach chuir Conor McCarthy iarracht eile ar phointe ar strae cúpla nóiméad ina dhiaidh sin a d’fhág go raibh naoi n-iarracht ar scór tógtha ag Muineachán sa chéad 20 nóiméad agus gan ach trí phointe acu ar chlár na scór.

Ar an taobh eile, ní fhéadfadh Áth Cliath a bheith níos cruinne. Trí huaire a thug Cormac Costello faoi na postaí sa chéad 20 nóiméad agus d’aimsigh sé an sprioc le chuile cheann, mar a d’aimsigh Paddy Small lena iarracht sin théis 10 nóiméad.

D’fhág Paul Mannion ceann i mbéal an chúil díreach agus 20 nóiméad imeartha ach bhí ocht bpointe ó 12 iarracht faighte ag Áth Cliath ag leath ama, i gcomparáid le seacht gcinn ó 15 ag Muineachán. Chríochnaigh Áth Cliath le 1-17 ó 24 iarracht agus 0-13 ag Muineachán ón méid céanna iarrachtaí. I ngéarchoimhlint, bhí sin cinniúnach.

 

Súil go leor ar an liathróíd.

Deiseanna curtha amú ag contae an Dúin

An fhadhb chéanna a chuir as do chontae an Dúin i gcluiche ceannais Chorn Tailteann ach seachas scata iarrachtaí a chur amú, beidh lucht tacaíochta an Dúin ag díriú isteach ar chúpla deis a d’fhéadfadh casadh eile a chur ar an gcluiche dá mbeadh siad aimsithe acu.

Ocht gcinn de chúil a d’aimsigh an Dún ina gcluiche leathcheannais in aghaidh Laoise, rud a léirigh an dúil atá acu i gcúil, agus cé gur chruthaigh siad roinnt deiseanna in aghaidh na Mí Dé Sathairn, theip orthu aon cheann acu a aimsiú.

Bhí an chuid is fearr den imirt ag foireann Conor Laverty ach bhí siad 0-5 in aghaidh 1-3 chun deiridh díreach roimh leath ama agus an t-ádh glan ar chontae na Mí leis an gcúl a fuair siad. D’fhéadfadh scéal eile ar fad a bheith ann dá mbeadh an dá dheis a bhí ag an Dún ar chúil roimh leath ama, nó fiú ceann acu, aimsithe acu. Ag Ryan Johnston a bhí an chéad iarracht théis 33 nóiméad, neamhaird déanta aige ar bheirt ón Dún a bhí ar a dheis, agus iarracht buailte aige díreach isteach faoi chosa Sheán Brennan i gcúl na Mí.

Bhí deis níos fearr fós ag an Dún cúpla nóiméad ina dhiaidh sin, Liam Kerr leis féin deich slat amach ón gcúl ach bhuail sé a iarracht ró-ard agus seo léi thar an trasnán. D’fhág an pointe sin na foirne ar comhscór ag leath ama ach chaill an Dún a ndeis agus rinne gaiscí Jack Flynn agus Jack O’Connor na Mí sa dara leath an scéal níos measa.

 

Pictiúr: INPHO/Evan Treacy

Lá mór Nua-Eabhrac agus Ol’ Blue Eyes

Idir chluichí ceannais na míosa seo agus chluichí ceannais na gclubanna mí Eanáir seo chugainn, tá roinnt corn fós le bronnadh ag Uachtarán CLG Larry McCarthy sula mbeidh a thréimhse mar Uachtarán istigh san earrach ach is maith an seans nach dtabharfaidh aon cheann de na bronntaí atá roimhe, nó go deimhin na cinn atá déanta aige, an oiread sásaimh dó agus a thug bronnadh Chraobh Shóisir Peile na hÉireann ar Nua-Eabhrac i bPáirc an Chrócaigh ag an deireadh seachtaine.

Bhuaigh Nua-Eabhrac ar Chill Chainnigh leis an aon phointe amháin sa chluiche ceannais agus údar mórtais é do chuile dhuine atá bainteach le CLG Nua-Eabhrac, McCarthy san áireamh, gur i Meiriceá a rugadh gach duine a bhí ar an bhfoireann bhuacach.

Cé nach raibh mórán sna seastáin luath tráthnóna Dé Domhnaigh don chluiche ceannais, níor léir gur chuir sé tada isteach ar an gceiliúradh a rinne imreoirí agus foireann Nua-Eabhrac agus an chraobh bainte acu. Mar bharr ar a n-éacht ba bhreá an rud an rogha cheoil a seinneadh dóibh a chloisteáil freisin. B’iontach ‘Empire Stat of Mind’ le Alicia Keys agus, go háirithe, ‘New York, New York’ le Frank Sinatra a chloisteáil á sheinm go hard ar fud Pháirc an Chrócaigh. Nach meabhródh sé do dhuine gur mór an trua nach raibh leagan de ‘The Rose of Mooncoin’ nó ‘Molly Malone’ taifeadta ag Ol’ Blue eye do na seachtainí seo romhainn.

Fág freagra ar 'Ciceanna amach cinniúnacha, easpa cruinnis Mhuineacháin, deiseanna caillte an Dúin agus Sinatra i bPáirc an Chrócaigh'