Ciarraí chun tosaigh ach guaim a choinneáil orthu féin

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar chluiche leathcheannais peile na hÉireann tráthnóna, mar a mbeidh Ciarraí agus Tír Eoghain á fhéachaint le chéile

Tommy Walsh (Ciarraí) agus Joe McMahon i gcluiche ceannais na hÉireann 2008. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Tommy Walsh (Ciarraí) agus Joe McMahon (Tír Eoghain) i gcluiche ceannais na hÉireann 2008. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Cluiche Leathcheannais na hÉireann – Ciarraí v Tír Eoghain, Páirc an Chrócaigh, 3.30i.n.

Ó bhuail Tír Eoghain Muineachán sa chluiche ceathrú ceannais coicís ó shin, is faoi lochtanna Thír Eoghain is mó a bhí an chaint. Agus gach duine ar bior chun Tiernan McCann a cháineadh, níl mórán airde tugtha ar an gcaoi ar imir Tír Eoghain sa bhua sin agus bheifeá ag ceapadh go bhfuil Mickey Harte lánsásta leis sin.

Is é an fáth leis seo ná go raibh Tír Eoghain ar fheabhas i gcoinne Mhuineacháin. Cé go raibh a fhios againn uile go raibh ar Thír Eoghain stop a chur le Conor McManus, is rud eile ar fad an beart.

Níor thug cosantóirí lucht na Láimhe Deirge spás ar bith do Conor McManus agus ní raibh Muineachán in ann dóibh ar an bhfrithionsaí.

Arís agus arís eile, rinne imreoirí ar nós Peter Harte, Ronan McNabb agus Mattie Donnelly dul chun cinn agus iad ag rith díreach i dtreo na gcosantóirí, seachas a bheith ag iarraidh dul timpeall orthu mar a bhí Muineachán. Chomh maith leis sin, chruthaigh luas Darren McCurry agus Connor McAliskey fadhbanna ó thús agus scóráil siad beirt  0-11 eatarthu.

Lena chois sin sin, ní dhéanfaidh an raic seo faoi McCann aon dochar do Thír Eoghain ach a mhalairt. Tabharfaidh an chonspóid le chéile iad agus é mar údar spreagtha acu. Cé go raibh McCurry é féin i mbaol an cluiche seo a chailleadh agus tréimhse fionraíochta á bagairt air, fógraíodh i rith na seachtaine go mbeidh cead aige imirt.

Gan amhras, beidh sé seo uile tugtha faoi deara ag Éamonn Fitzmaurice. Má tá bainisteoir ar bith sa tír nach n-éiríonn róshuaite faoi chlampar mar seo, is é Fitzmaurice an bainisteoir sin. Bhí Fitzmaurice ag imirt nuair a chaill Ciarraí i gcoinne Thír Eoghain i 2003 agus 2005 agus beidh tuairim mhaith aige dá bharr faoi céard atá i ndán dá fhoireann.

Bhí bua fíor éasca ag Ciarraí i gcoinne Chill Dara agus bua sách éasca acu i gcluiche ceannais athimeartha na Mumhan agus bfhearr leo go mbeadh tástáil níos déine curtha orthu. Thug an chéad chluiche i gcoinne Chorcaí blaiseadh beag dóibh, áfach, den díograis a bheidh ag teastáil i bPáirc an Chrócaigh inniu.

Tá deichniúr den fhoireann a chaill cluiche ceannais na hÉireann 2008 fós ag imirt do Chiarraí agus beidh taithí na n-imreoirí sin, leithéid Colm Cooper, Marc Ó Sé agus Kieran Donaghy, chomh tábhachtach céanna inniu is a bhí riamh. Mura mbíonn rith an ráis ag Ciarraí ag tús an chluiche, beidh Fitzmaurice ag brath ar fhoighid, muinín agus cumas peile na n-imreoirí céanna.

Údar imní do bhainisteoir Chiarraí é go raibh sé chomh héasca sin ag Corcaigh spás a dhéanamh dóibh féin chun cúil a fháil ach ruathar dionsaithe a thabhairt ar chosantóirí Chiarraí, taictic a bheidh in úsáid ag Tír Eoghain inniu, shílfeá. Beidh bainisteoir na Ríochta ag súil go bhfuil ceacht foghlamtha ag a chuid imreoirí ó shin. Beidh sé ag súil chomh maith le sárthaispeántas ó Anthony Maher agus David Moran lár páirce, bíodh siad ar an ionsaí nó i mbun cosanta.

Mura dtarlaíonn sé sin, beidh sé thar a bheith deacair Colm Cavanagh agus, go háirithe Mattie Donnelly, a choinneáil faoi chois.

Is ar Chiarraí is mó atá brú toisc nach raibh súil ag aon duine go rachadh Tír Eoghain chomh fada seo sa chraobh, ach má éiríonn leis na Muimhnigh guaim a choinneáil orthu féin agus imirt de réir a mianaigh, ba cheart go dtiocfaidís slán, más ar éigean é.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí