Ciarraí, Áth Cliath, Doire, Tír Eoghain agus tuilleadh ag iarraidh a mianach a léiriú i gCraobh na hÉireann

Den chéad uair riamh, beidh gach contae in Éirinn, seachas CIll Chainnigh, ag imirt cluichí craoibhe an deireadh seachtaine céanna agus cluichí tábhachtacha i gCraobh na hÉireann agus i gCorn Tailteann

Ciarraí, Áth Cliath, Doire, Tír Eoghain agus tuilleadh ag iarraidh a mianach a léiriú i gCraobh na hÉireann

Beidh féile peile ann an deireadh seachtaine seo agus, den chéad uair riamh, beidh foirne peile ó gach contae sa tír seachas Cill Chainnigh, ag dul chun páirce idir na cluichí i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann agus Corn Tailteann.

As an 32 foireann a bheidh ag imirt idir seo agus tráthnóna amárach, an Longfort an t-aon cheann nach bhfuil seans ar bith acu an chéad bhabhta eile den chraobh a bhaint amach. Beidh na foirne uile eile i gCorn Tailteann ag díriú ar áit sna réamhbhabhtaí ceathrú ceannais, ar a laghad, a bhaint amach agus an babhta deireanach sna grúpaí le himirt. Tá dhá chluiche fós le himirt ag na foirne i gCraobh Shinsir na hÉireann ach deireadh seachtaine tábhachtach é seo, go háirithe dóibh siúd nár bhuaigh ar an gcéad iarracht.

Cuirfear tús leis an aicsean sa chomórtas sin leis an gcluiche mór i bPáirc Uí Chaoimh idir Corcaigh agus Ciarraí. Céim ar gcúl d’fhir na Ríochta a bhí sa chailliúint in aghaidh Mhaigh Eo cúpla seachtain ó shin agus an chuma ar an scéal gur áit sna réamhbhabhtaí ceathrú ceannais atá i ndán dóibh anois.

Theastódh bua uathu inniu más leo a chinntiú gur i gCill Airne a bheidh an cluiche sin ach ba cheart go mbeadh beagán dóchais ag Corcaigh tar éis dóibh Lú a shárú i gcoimhlint mhaith an deireadh seachtaine seo caite. Níl aon chaint ar bháisteach inniu mar a bhí i bPáirc Uí Chaoimh trí bliana ó shin nuair a tháinig na Corcaígh aniar aduaidh ar Chiarraí sa chraobh ach beidh ar an bhfoireann baile an spiorad agus an díograis a léirigh siad an oíche sin a thaispeáint arís más leo an lámh in uachtar a fháil.

Beidh obair mhór le déanamh ag Cill Dara freisin agus iad ag iarraidh na boic mhóra béal dorais a chloí. Thíos i bPáirc Uí Nualláin a thabharfaidh siad aghaidh ar Áth Cliath agus beidh Cill Dara ag súil go bhfeilfidh an pháirc nua dóibh agus iad ag iarraidh fir na príomhchathrach a bhualadh sa chraobh den chéad uair ó bhliain na mílaoise. Is beag a bhí idir na foirne nuair a chasadar ar a chéile i gcluiche leathcheannais Laighean roinnt seachtainí ó shin ach theip ar Chill Dara buille maraithe na muice a bhualadh ar Áth Cliath agus scaoil siad leo. Léirigh an taispeántas in aghaidh Ros Comáin an tseachtain seo caite nach bhfuil foireann Dessie Farrell i mbarr a réime go fóill ach níl mórán ag súil go gclisfidh siad sa cheann seo.

Ba iad na Gaillmhigh an t-aon dream a bhuaigh craobh chúige ar éirigh leo a gcéad chluiche i mbabhta a haon na ngrúpaí a bhuachan agus rachaidh siad chomh fada leis an Muileann gCearr inniu agus iad ag iarraidh cur leis an mbua a bhí acu ar Thír Eoghain coicís ó shin. Dea-scéal é go bhfuil fear Árann, Seán Ó Maoilchiaráin, ar ais i measc na n-ionadaithe agus é ag streachailt le drochghortú glúine le bliain go leith anuas. Bhí mí-ádh ar an Iarmhí gur chaill siad in aghaidh Ard Mhacha an deireadh seachtaine seo caite ach feicfimid an bhfuil taispeántas mór eile iontu.

Is é cath na nUltach an cluiche mór i nGrúpa 2 agus Tír Eoghain agus Ard Mhacha ag tabhairt aghaidh ar a chéile. D’fhág an cárta dearg a bronnadh ar Frank Burns luath sa chluiche go raibh Tír Eoghain faoi mhíbhuntáiste in aghaidh na Gaillimhe ach d’fhan siad lena gcéilí comhraic don chluiche uile. Beidh siad ag súil le toradh níos fearr inniu agus iad ag iarraidh Ard Mhacha, nach raibh ach cuibheasach in aghaidh na hIarmhí, a shárú.

Ar an Domhnach, rachaidh An Clár suas go Cluain Eois agus fios acu go bhfuil bua ag teastáil más leo aon mhaith a dhéanamh sa ghrúpa. Beidh Muineachán muiníneach go maith, áfach, tar éis dóibh an fód a sheasamh in aghaidh Dhoire an tseachtain seo caite. Dún na nGall atá ar bharr Ghrúpa 4 faoi láthair a bhuíochas don bhua a bhí acu ar na Cláirínigh sa chéad bhabhta. Is mór an t-ugach a bhí sa toradh sin do na Conallaigh ach tá dúshlán i bhfad níos deacra rompu amárach agus Doire ag teacht go Bealach Féich.

I nGrúpa 1, beidh Maigh Eo ag súil leis an gceann is fearr a fháil ar Lú tar éis d’fhoireann Kevin McStay seaimpíní na hÉireann a bhualadh sa chluiche deireanach. Thug Lú taispeántas níos fearr in aghaidh Chorcaí ná mar a thugadar i gcluiche ceannais Laighean ach léirigh an cluiche sin in aghaidh Átha Cliath go bhfuil siad cúpla céim chun deiridh ar na boic mhóra go fóill.

Ros Comáin in aghaidh Shligigh an cluiche eile atá againn ar an nDomhnach. Chríochnaigh an dá chluiche a bhí ag na foirne seo ar comhscór sa chéad bhabhta agus cé go raibh an toradh sin a fuair Ros Comáin i bPáirc an Chrócaigh níos suntasaí, beidh Sligeach sásta go maith freisin gur choinnigh siad le Cill Dara i bPáirc Markievicz cúpla seachtain ó shin. Bhí dhá phointe dhéag le spáráil ag Ros Comáin nuar a bhuadar ar Shligeach i gCraobh Chonnacht anuraidh, agus feicfear amárach an bhfuil laghdú na bearna sin i Sligeach.

Craobh Shinsir Peile na hÉireann

Dé Sathairn, 3 Meitheamh

Corcaigh v Ciarraí – Páirc Uí Chaoimh, 3.00in (Beo ar GAAGo)

Cill Dara v Áth Cliath – Páirc Uí Nualláin, 5.00in (Beo ar GAAGo)

An Iarmhí v Gaillimh – Páirc Uí Chíosóig, 5.00in

Tír Eoghain v Ard Mhacha – Páirc Uí Éilí, 7.00in (Beo ar RTÉ)

Dé Domhnaigh, 4 Meitheamh

Muineachán v An Clár – Páirc Naomh Tiarnach, 2.00in

Maigh Eo v Lú – Páirc Mhic Éil, 2.00in (Beo ar RTÉ)

Ros Comáin v Sligeach – Páirc de hÍde, 3.00in (Beo ar GAAGo)

Dún na nGall v Doire – Páirc Mhic Cumhaill, 4.00in (Beo ar RTÉ)

 

Corn Tailteann

Dé Sathairn, 3 Meitheamh

An Mhí v An Dún – Páirc Parnell, 1.00in (Beo ar GAAGo)

Tiobraid Árann v Port Láirge – Páirc Uí Chaoimh, 1.00in

An Cabhán v Uíbh Fhailí – Páirc an Phiarsaigh, 3.00in

Laois v Londain – Páirc Parnell, 3.00in

Dé Domhnaigh, 4 Meitheamh

Luimneach v Cill Mhantáin – Páirc Uí Mhórdha, 1.00in

An Longfort v Ceatharlach – Páirc Uí Mhórdha, 3.00in

Fear Manach v Aontroim – Páirc Lúthchleasaíochta, 3.00in

Loch Garman v Liatroim – Páirc Parnell, 3.00in

 

Fág freagra ar 'Ciarraí, Áth Cliath, Doire, Tír Eoghain agus tuilleadh ag iarraidh a mianach a léiriú i gCraobh na hÉireann'