Ciarraí agus Maigh Eo sa tóir ar bhua eile agus a n-aghaidh ó thuaidh

Bhuaigh Ciarraí agus Maigh Eo sa chéad bhabhta den tsraith an deireadh seachtaine seo caite ach as baile a bheidh siad tráthnóna in aghaidh an Chabháin agus Thír Eoghain

Ciarraí agus Maigh Eo sa tóir ar bhua eile agus a n-aghaidh ó thuaidh

Kieran McGeary (Tír Eoghain) agus Seán O'Shea (Ciarraí). Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

An Cabhán v Ciarraí – Páirc Breffni, 2.00pm

Rinne peileadóirí Chiarraí a ndóthain in aghaidh Thír Eoghain an deireadh seachtaine seo caite. Ba é an chéad chluiche a d’imir siad faoi cheannas Peter Keane agus cé nach raibh fir na Ríochta i mbarr a maitheasa thug siad an lá leo i Staid an Ghearaltaigh.

Is iomaí sin deacracht a chruthaigh Tír Eoghain do Chiarraí san am a caitheadh ach ní raibh foireann Mickey Harte in ann ag a gcéilí comhraic an deireadh seachtaine seo caite. Níor scóráil Tír Eoghain ach seacht bpointe agus ní bhfuair siad ach péire ón imirt.

Níor imir tosaithe Thír Eoghain rómhaith ach chaithfeá moladh a thabhairt freisin do chosantóirí Chiarraí. Cé nach bhfuil na himreoirí agus an bainisteoir nua ach ag dul i gcleachtadh ar a chéile, bhí an fhoireann eagraithe go maith agus an-diongbháilte i mbun cosanta.

Is maith sin mar thús, mar má éiríonn le Keane feabhas a chur ar an bhfoireann ó thaobh na cosanta de, is cinnte go bhfuil na tosaithe ag Ciarraí chun foirne a bhualadh. Rinne Dara Moynihan go maith an deireadh seachtaine seo caite ina chéad chluiche leis na sinsir agus arís eile léirigh Seán O’Shea a mhianach. Tá cumas peile, neart agus ceannaireacht sa bhfear óg seo, agus é ar dhuine de na himreoirí is tábhachtaí ar fhoireann Chiarraí cheana féin.

Foireann Ultach eile a bheidh rompu an deireadh seachtaine seo agus iad in aghaidh chontae an Chabháin i Páirc Breffni tráthnóna, áit a raibh cluiche comhscóir idir na foirne seo sa tsraith in 2017.

Chaill foireann Mickey Graham in aghaidh na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo caite, toradh a fhágann go bhfuil siad faoi bhrú cheana féin. D’fhéadfadh an cluiche sin i Staid an Phiarsaigh a bheith buaite acu murach gur chuir siad lear mór iarrachtaí amú agus is ar éigean a thabharfaidh siad na cosa leo tráthnóna má bhíonn siad chomh siléigeach sin arís.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Michael McKernan agus Cathal McShanePictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tír Eoghain v Maigh Eo – Páirc Uí Éilí, 2.30pm

Caithfidh an-fheabhas teacht ar imirt Thír Eoghain tráthnóna agus iad in aghaidh Mhaigh Eo.

Thóg sé 27 nóiméad orthu a gcéad scór a fháil i Staid an Ghearaltaigh an tseachtain seo caite agus bhí 34 nóiméad caite sula bhfuair siad an chéad scór ón imirt.

Cé nach mbeidh Mickey Harte iontach buartha faoi dhrochthaispeántas amháin luath sa mbliain, beidh sé ag súil le feabhas mór óna chuid imreoirí tráthnóna mar sin féin.

Tá dhá athrú déanta ag Harte ar an bhfoireann do chluiche an lae inniu agus Kieran McGeary agus Lee Brennan tagtha isteach i measc na dtosaithe chun neart breise a thabhairt dóibh.

Fuair Maigh Eo an ceann is fearr ar Ros Comáin i bPáirc Mhic Éil i mbabhta 1. Bua aon phointe amháin, 1-8 in aghaidh 1-7, a bhí ag an bhfoireann baile ach ba dheacair mórán a fhoghlaim ón gcluiche sin, bhí an aimsir chomh dona sin.

Ba é Brian Reape a d’aimsigh an cúl cinniúnach do Mhaigh Eo deireanach sa dara leath agus é ag imirt sa tsraith do Mhaigh Eo den chéad uair. Bhí sé ar an bhfoireann a bhuaigh Craobh Faoi 21 na hÉireann in 2016 agus tá lucht tacaíochta na foirne ag súil go n-éireoidh leis áit a fháil ar an bhfoireann don chraobh agus fuinneamh a chur iontu.

Beidh dúshlán mór eile roimhe inniu agus é i gcoinne Ronan McNamee i líne lánchúil Thír Eoghain. Má dhéanann sé an beart tráthnóna, comhartha maith eile a bheidh ann.

Cluiche crua a bheidh ar an Ómaigh agus cé nach mbeidh mórán idir na foirne, bheifí ag súil le taispeántas níos fearr ó Thír Eoghain agus iad ag imirt sa mbaile.

Rogha Tuairisc.ie: Tír Eoghain

Fág freagra ar 'Ciarraí agus Maigh Eo sa tóir ar bhua eile agus a n-aghaidh ó thuaidh'