Is ag cuimhneamh ar an gceoltóir Miles Davis a bhíos níos luaithe an tseachtain seo nuair a chuala bainisteoir Chiarraí Jack O’Connor ag cáiseamh na caide a imríodh ina mbua in aghaidh Dhoire.
Ba ag tagairt don gceol agus don tsaoirse a bhí laistigh de réimse an cheoil a bhí Miles Davis nuair a d’fhógair sé ar dhaoine go gceart dóibh an rud a chíonn siad os a gcomhair amach a sheinnt agus ansan an rud ná fuil os a gcomhair amach a sheinnt chomh maith. ‘Don’t play what’s there, play what’s not there.’ Ach bhí léamh eile ar fad ag Conchúrach Chiarraí ar an gcúram i gcomhthéacs na caide nua.
“Caitheann tú,” a dúirt O’Connor “a bheith de shíor ag brath romhat le cluichí caide an lae inniu, agus an rud a chíonn tú os do chomhair amach a léamh agus feidhmiú dá réir.”
“Ní haon tairbhe dúinne é,” a dúirt O’Connor, “a bheith ag tabhairt seilbh na caide uainn trí lascadh a thabhairt di, arís is arís eile fé mar a dheineamair cheana. Tá ciall cheannaithe againn agus nílimid chun leithscéal a ghabháil le haoinne dá bharra.”
Cad a bheidh le feiscint os ár gcomhair amach tráthnóna inniu mar sin? Cad atá foghlamtha fúthu féin ag an dá fhoireann ó na babhtaí ceathrú ceannais? Agus conas a thabharfaidh an dá fhoireann faoina bhfuil ag tarlúint os a gcomhair amach bunaithe ar an bhfoghlaim sin?
Ainneoin oiread de mhuintir Chiarraí agus d’iarimreoirí Chiarraí a bheith ag tathant orthu teacht amach chun imeartha agus a múnla docht a thréigean, ní chun tairbhe Ard Mhacha é san a dhéanamh agus ná bímis ag súil gur mar sin a bheidh tráthnóna ach an oiread.
Fuaireamar luathéachtaint babhta amháin eile i gcluiche Chiarraí agus Dhoire ar chumas David Clifford lena dhá phointe, ceann ón imirt agus ceann ón marc, agus ná bímis ag déanamh iontais de nuair ná ligfí dó amhlaidh a dhéanamh oiread is babhta amháin eile i gcaitheamh na huaire.
Bhí tuairim againn chomh maith gurb é Chrissy McKaigue a bheadh á fhaire coicíos ó shin tar éis na coimhlinte a bhí eatarthu beirt anuraidh. An uair seo níltear chomh soiléir céanna maidir le cé air a thitfidh an chros. An raghfar le Barry McCambridge, fear a bheadh inniúil ó thaobh aclaíochta agus nirt chun dul i ngleic le Clifford, ach fear chomh maith a d’aimsigh báide agus dhá phointe i gcoinne Ros Comáin? Ní dóigh liom gur chun leasa Ard Mhacha é an bhagairt is mó atá sa líne leathchúil acu a theanntú istigh sa líne lánchúil, go háirithe leis an tslí atá an imirt le seachtainí anuas. An gcuirfí ceist ar Pheadar Mogan, Ryan McHugh, Brian Ó Beaglaoich nó Dylan McHugh an cúram céanna a dhéanamh ar thosaí an deireadh seachtaine seo? Ní dóigh liom é.
Tá cúiseanna misnigh agus dóchais d’Ard Mhacha sa chéad dá ionsaí a deineadh sna babhtaí ceathrú ceannais a bhí acu féin agus ag Ciarraí. Bhí deis ar bháide ag Gareth McKinless sa chéad ionsaí a dhein Doire agus fuair Conor Turbitt pointe ar an gcéad ionsaí a dhein Ard Mhacha in aghaidh Ros Comáin. Fiú nuair a bhíodh Ciarraí sprionlaithe agus teann sa chosaint dhá bhliain ó shin, bhíodar ag tabhairt deiseanna ar chúil don bhfreasúra agus cé go bhfuil tamall maith ó bhí Ciarraí saonta sa chosaint, tugann siad léasanna beaga dóchais don gcéile comhraic i gcónaí.
Is iad Oisín Conaty agus Conor Turbitt i measc thosaithe Ard Mhacha is mó atá ag baint earraíochta as na deiseanna atá á dtabhairt dóibh go nuige seo ach chaithfeá a shamhlú nach fada eile a bheidh Rian O’Neill ina shuan. Tá 1-9 fachta go dtí seo sa chraobh ag fear Chrois Mhic Lionnáin ach tá i bhfad níos mó ann. Thógas ceann de chomhrá gearr a bhí ar an dtaobhlíne idir O’Neill agus a bhainisteoir, Kieran McGeeney, ach a dtógadh amach é tar éis leathchéad nóimeat in aghaidh Ros Comáin. Dob é a dheartháir Oisín a tháinig chun páirce ina áit ach taibhsítear dom go raibh McGeeney ag iarraidh teachtaireacht a chur trasna ar Rian O’Neill agus cic sa tóin a thabhairt dó ag an am gcéanna. Bead féin agus scata eile ag súil le speach uaidh tráthnóna.
Is é an dála céanna ag cuid de phiardaí móra Chiarraí é. Níl David Clifford leis féin ag snámh sa phatuaire ó thús na craoibhe. Ainneoin a dheich gcinn de chúilíní, tá breis dánaíochta is tiarnúlachta á lorg ó Tom O’Sullivan an Daingin, ó Dhiarmuid O’Connor, ón gcaptaen Paudie Clifford agus Seán O’Shea go háirithe. Pé rud é fé bheith ag brath romhat is ag imirt de réir mar a chíonn tú an imirt chughat is uait, bítear ag súil leis an áirithe sin sa bhreis ós na himreoirí is fearr an tráth seo den mbliain, pé acu is áin leo é nó nach áin.
Ceal samhlaíochta ag teacht le stíl na caide féin, ceal bunábhar seanchais is scéalaíochta, nó b’fhéidir ceal aithne chun méadú ar an dtarcaisne, tá an t-allagar roimis chluiche an lae inniu bunaithe ar fhinscéalaíocht ó bhliain an dá mhíle, ó 2002 agus 2006 nuair a bhí an dá threibh agus contae Uí Néill in airde láin. Tá sé thar am caibidil eile a scríobh idir an dá chontae seo. Tá sé thar am ag imreoirí an script a caitheamh uathu, srathair ainnis na caide nua a chur díobh agus blúire beag dánaíochta is teaspaigh a nochtadh d’fhonn áit a bhaint amach sa chluiche ceannais i ndeireadh na míosa.
Sa chás san, bítear i gcónaí ag faire amach don virtuoso a bhfuil de chumas ann na nótaí arda binne a bhualadh. Dála fáthscéal Lúcáis, an té go dtugadh mórán dó, iarrfar mórán air. Fé David Clifford atá anois.
Fág freagra ar 'Ciarraí agus Ard Mhacha ag fanacht ar an virtuoso a bhfuil de chumas ann na nótaí arda binne a bhualadh'