Ciarán Mac Giolla Bhéin ceaptha ina cheannasaí ar Chomhairle na Gaelscolaíochta

Chuir paindéim an Covid-19 moill shuntasach ar an bpróiseas earcaíochta, ach fógraíodh ceapachán Mhic Ghiolla Bhéin an tseachtain seo

Ciarán Mac Giolla Bhéin ceaptha ina cheannasaí ar Chomhairle na Gaelscolaíochta

Tá sé fógartha go bhfuil Gael aitheanta a bhí lárnach sa bhfeachtas Dearg le Fearg ceaptha ina phríomhfheidhmeannach ar an bhforas a bhíonn ag plé leis an nGaelscolaíocht sna Sé Chontae.

Inniu a thosaigh Ciarán Mac Giolla Bhéin ina ról nua mar phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle na Gaelscolaíochta.

Chuir paindéim an Covid-19 moill shuntasach ar an bpróiseas earcaíochta ach fógraíodh ceapachán Mhic Ghiolla Bhéin an tseachtain seo.

Chaith Mac Giolla Bhéin blianta mar Oifigeach Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge agus bhí baint mhór aige leis an ngrúpa feachtasaíochta An Dream Dearg. Is ag obair mar stiúrthóir ar Chultúrlann Mac Adam Ó Fiaich a bhí sé le bliain anuas.

Dúirt sé go raibh sé ag súil go mór lena phost nua.

“Tá mé ag dúil go mór leis an dúshlán úr iontach seo agus tá mé an-bhuíoch do Bhord Chomhairle na Gaelscolaíochta as an deis seo a thabhairt dom,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

“Tá borradh ar leith faoi fhás na Gaelscolaíochta faoi láthair, de réir mar a roghnaíonn níos mó tuismitheoirí í, agus is é an ról a bheidh agam ná comhoibriú le daoine óga, tuismitheoirí, múinteoirí agus gach duine eile atá bainteach le hearnáil na Gaelscolaíochta, leis an fhorbairt sin a chothú.”

Iardhalta Gaelscoile is ea Mac Giolla Bhéin féin, a bhfuil an-suim aige, a deir sé, i bhforbairt earnáil na hóige agus i gcothú na Gaeilge i measc daoine óga go ginearálta.

Tá baint aige le grúpaí éagsúla, amhail Glór na Móna, Fóram na nÓg agus Laochra Loch Lao, an cumann CLG lán-Ghaeilge i mBéal Feirste.

Tá Mac Giolla Bhéin ina ionadaí ar son earnáil óige na Gaeilge ar Ghrúpa Comhairleach Áitiúil an Údaráis Oideachais agus tá sé ina chathaoirleach ar Bhord Gobharnóirí Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh chomh maith.

Chuir Tarlach Mac Giolla Bhríde, Oifigeach Sinsearach Polasaithe agus Abhcóideachta Chomhairle na Gaelscolaíochta, fáilte roimh cheapachán Mhic Ghiolla Bhéin agus dúirt sé go raibh sé “ag dúil go mór le bheith ag obair leis sna blianta atá amach romhainn”.

Fág freagra ar 'Ciarán Mac Giolla Bhéin ceaptha ina cheannasaí ar Chomhairle na Gaelscolaíochta'