Ciapadh gnéis – rómhinic a bhíonn drogall ar ár bhformhór ‘stop’ a rá

Tá géarghá le feachtas fógraíochta nua  i gcoinne an chiaptha ghnéis atá á sheoladh ag an Rialtas

Ciapadh gnéis – rómhinic a bhíonn drogall ar ár bhformhór ‘stop’ a rá

An tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Beidh sraith fógraí teilifíse á gcraoladh an deireadh seachtaine seo a tharraingeoidh aird ar chiapadh gnéis agus a thabharfaidh tacaíocht láidir rialtais don fheachtas ina choinne.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan, agus an feachtas fógraíochta, a mhairfidh trí bliana, á sheoladh aige Déardaoin go raibh tri aidhm leis:

1. Tuiscint a scaipeadh ar chiapadh agus ar fhoréigean gnéis. 

2. Meon agus iompar daoine a athrú.

3. Daoine a ghríosadh chun foréigean gnéis a stopadh nó a laghdú.

Seoladh an feachtas fógraíochta (tá sampla le feiceáil anseo coicís tar éis don Phríomh-Oifig Staidrimh figiúirí a fhoilsiú a léirigh claonadh chun donais maidir le coireanna gnéis go háirithe. Tháinig méadú 28% ar líon na dtuairiscí ar éigniú (655) a d’fhiosraigh na Gardaí anuraidh i gcomparáid le 2016 (511). Tháinig méadú 16.9% ar choireanna gnéis de gach cineál (3,182) a d’fhiosraigh siad i gcomparáid le 2016.

Níl freagra cinnte ar fáil ar an gceist a chuirtear go minic maidir le figiúirí dá leithéid. Ar éigníodh mná níos minice anuraidh nó an amhlaidh gur chinn níos má ban go gcuirfidís gearán éignithe faoi bhráid na nGardaí?  Déanta na fírinne, is cuma céard a bhí i gceist leis an ardú – méadú ar an ráta éignithe nó ar an ráta gearáin, nó meascán den dá rud – is ábhar imní an cás.

Thagair Charlie Flanagan do mhórábhar imní eile a tháinig chun solais le gairid i dtuairisc ar thaighde a rinne an comhlacht Red C mar chuid de shuirbhé faoi chiapadh gnéis a rinneadh i 40 tír ar fud an domhain. Dúirt 32% de mhná a bhí idir 18 agus 34 bliain d’aois a ceistíodh in Éirinn go ndearnadh ciapadh gnéis de shaghas éigin orthu le bliain anuas. B’airde líon na dtuairiscí ar chiapadh in Éirinn ná i dtír ar bith eile san Eoraip, agus is i Meicsiceo amháin a bhí céatadán níos mó ban a dúirt go ndearnadh ciapadh gnéis orthu.

Ní foláir a rá ag an bpointe seo nach ar fhir amháin atá an feachtas nua fógraíochta dírithe. Sin ráite, ní cóir agus ní féidir an fhírinne a shéanadh. Cén dream is mó a bhíonn freagrach as ciapadh nó as mí-iompar gnéis? Fir. Agus cén dream is mó a fhulaingíonn dá bharr? Mná. Ní haon iontas é mar sin go bhfuil cóimheas inscne dá réir le feiceáil go follasach sna fógraí atá feicthe ag an scríbhneoir seo. Ní léiriú ar ionsaithe atá i gceist sna fógraí físe ach leide faoin uafás agus is treise a n-éifeacht dá bharr.

Is é ‘No Excuses’ an mana a bheas ag an bhfeachtas – níl mana ná fógra i nGaeilge curtha ar fáil fós ag an Roinn Dlí agus Cirt – agus tá a éirim thar a bheith soiléir agus an cur i láthair samhailteach agus láidir. Ní bhaineann mí-iompar gnéis le héigniú ná le hionsaithe díreacha amháin. Ní foláir aird a tharraingt freisin ar mhí-iompar, ar imeaglú, ar bhulaíocht agus ar an gcineál teagmhála míchuí nach gcuirtear stop léi go minic toisc go mbíonn drogall uaireanta, ar mhná go háirithe, ‘stop’ a rá leis an té atá freagrach.

Dúiseoidh an feachtas go leor ceisteanna. Mar shampla, má tá bean á ciapadh nó á crá i dteach tábhairne ag fear láidir atá ar meisce, céard ba chóir agus céard is féidir a dhéanamh chun í a chosaint? Náireoidh an feachtas ciontóirí áirithe. Gan dabht, ní rachaidh sé i bhfeidhm ar chuid eile de lucht an chiaptha. Spreagfaidh sé díospóireacht freisin ar chúrsaí dlí agus ar chumas na nGardaí gearáin faoi chiapadh gnéis a fhiosrú.

Ach má bhíonn dea-thoradh ar an bhfeachtas seo, is ar mheon an phobail a thiocfaidh an t-athrú is tábhachtaí. Rómhinic a bhíonn drogall ar ár bhformhór ‘stop’ nó  ‘éirigh as’ a rá nuair atá bulaíocht ar bun no lámh á cur ar bhean nó ar fhear lena neamhthoil. Bíonn faitíos rómhinic freisin ar dhaoine a d’fhulaing a gcás a chur faoi bhráid a bhfostóra nó na nGardaí.   

Má athraíonn an feachtas fógraíochta nua seo ceachtar den dá chlaonadh sin, is fiú go mór an caiteachas agus rachaidh sé chun tairbhe do mhná agus d’fhir araon.

Fág freagra ar 'Ciapadh gnéis – rómhinic a bhíonn drogall ar ár bhformhór ‘stop’ a rá'