‘Ciallaíonn seo nach féidir le hEnda Kenny ná Michael Noonan an t-olltoghchán a cheannach’

Lucht feachtais na dtáillí uisce spreagtha ag breithiúnas Eurosat ar chás Uisce Éireann

18/04/15 Bin your Bills water protests. Pictured is Noel Carter from Drogheda at the Garden of Remembrance joining protesters as they march towards the Dail in Dublin today.Photo Leah Farrell /RollingNews.ie
Noel Carter as Droichead Átha ag an nGairdín Cuimhneacháin i dteannta lucht agóide in aghaidh táillí uisce. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá lucht feachtais na dtáillí uisce spreagtha an athuair ag cinneadh Eurostat go gcaithfear Uisce Éireann a áireamh mar chostas de chuid an Stáit.

Ag caint dó faoin mbreithiúnas céanna, dúirt an fear feachtais, Diarmaid Ó Cadhla le Tuairisc.ie gurb é “an rud is mó a thaispeánann sé ná cé chomh mór de phraiseach is atá déanta ag an Rialtas maidir le hUisce Éireann”. Creideann Ó Cadhla go “gcabhródh sé leis an mbaghchat atá á dhéanamh” ag sciar mór den phobal agus gur léiriú eile é de dhrochláimseáil an rialtais ar chúrsaí na tíre, láimhseáil arb ionann í agus “ceap magaidh”, a dúirt Ó Cadhla.

Dúirt an t-iarpholaiteoir agus an tráchtaire Seosamh Ó Cuaig, fear atá i mbun feachtais le fada faoi chaighdeán an uisce in Iar-Chonnachta, go bhfuil “praiseach cheart chríochnaithe déanta ag an rialtas seo d’Uisce Éireann. Ag damhsa de réir phort na Bruiséile a bhí siad féin agus rialtas Fhianna Fáil rompu”.

Dúirt sé gurb é an bhunaidhm a bhí ann ná “an t-uisce a chur i lámha príobháideacha”.

“Bí cinnte go mbeadh suim ag piardaí móra eile an rachmais ansin. An chuid de na daoine a bhí chomh seafóideach agus gur íoc siad an táille, ní cheapfainn go mbeidh fonn rómhór orthu an dara gála a íoc. An chuid againn nár íoc é, tá muid ag gáirí go croíúil inniu”, a dúirt sé.

Dúirt Ó Cuaig freisin gur “deis iontach atá san útamáil ar fad le tuilleadh maide a thabhairt d’Fhine Gael, agus go mór mór don Lucht Oibre, sa gcéad olltoghchán eile”.

Fear eile atá i mbun feachtais in aghaidh na dtáillí uisce is ea an scríbhneoir aitheanta, Pádraig Ó Cíobháin, a bheidh ag freastal ar an máirseáil in aghaidh na dtáillí céanna i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn, an 29 Lúnasa.

“Ciallaíonn seo nach féidir le hEnda Kenny ná Michael Noonan an t-olltoghchán a cheannach”, a dúirt Ó Cíobháin le Tuairisc.ie. “Ciallaíonn sé, leis, go ndíolfaidh níos lú daoine na chéad bhillí uisce eile”, ar seisean.

Dar leis an Seanadóir le Sinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh, níor mhór don rialtas a admháil go bhfuil praiseach iomlán déanta acu i dtaobh bhunú Uisce Éireann agus “éirí as a bheith ag cur airgead cáiníocóirí amú air”.

Dúirt Ó Clochartaigh go léiríonn “an chaibidil is deireanaí seo faoi Eurostat i scéal truamhéalach Uisce Éireann” gur chóir an t-airgead “a cuireadh amú” ar bhunú an chomhlachta seo a bheith caite ar “infreastruchtúr ceart agus uasghrádú córais uisce agus séarachais na tíre”, seachas “ar infheistíocht córais méadair nár theastaigh a fheistiú”.

Dúirt sé go bhfuil Uisce Éireann i ndiaidh méadair a chur isteach i gceantair ar fud na Gaillimhe ach gurbh fhearr dóibh “na píopaí luaidhe a athrú”, feabhas a chur ar an mbonneagar agus “dul i ngleic le fadhbanna” a bhaineann le caighdeán an uisce atá “le n-ól ar fud na cathrach agus ar fud an chontae”.

“Ghlac gníomhaithe Shinn Féin samplaí le deireanas ó sholáthar uisce tí ar an Seantalamh, Bóthar Mór agus Baile an Phoill. I gcásanna áirithe, léiríodh go raibh leibhéalacha an-ard luaidhe iontu, i bhfad os cionn an mheáin a cheadaíonn an tAontas Eorpach,”a dúirt Ó Clochartaigh.

Lena chois sin, dúirt sé gur léirigh an eachtra a bhain le truailliú an tsoláthair uisce ag Páirc Moyola sa chathair le déanaí an tábhacht atá le soláthar uisce sábháilte a bheith ar fáil “saor ó shrianta airgeadais nó comhshaoil”.

“Tá soláthar uisce faoi bhun an chaighdeáin againn ar an gCeathrú Rua, ar an Líonán agus in áiteachaí eile go leor agus tá moill curtha ar fheistiú córas ceart cóireála uisce ar an gCeathrú Rua, ar an Spidéal, i mBaile Átha an Rí agus cuid mhaith ceantar lena gcois,” a dúirt an Seanadóir.

Tá an Rialtas cáinte ag páirtithe eile an fhreasúra chomh maith. Dúirt Seán Fleming, urlabhraí Fhianna Fáil ar chúrsaí caiteachais phoiblí agus athchóirithe, gur léiriú é breithiúnas Eurostat gur ‘Taoiseach gan mhaith é Enda Kenny’ agus gur cheart dó a bheith os comhair Coiste Oireachtais chun ‘teip thubaisteach’ Uisce Éireann a mhíniú don phobal.

Fág freagra ar '‘Ciallaíonn seo nach féidir le hEnda Kenny ná Michael Noonan an t-olltoghchán a cheannach’'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Táim in Oirthear na hUngáire faoi láthair, áit nach féidir an t-uisce ón tap a ól.
    Baineann costas le huisce glan a sholáthar agus níl na Daoine Maithe nó an Slua Sí chun é a dhéanamh.
    Tá pobail tuaithe ar fud na hÉireann ag íoc táillí uisce le fad an lá trí scéimeanna príobháideach.
    Ní spárálfar uisce a dháilfear gan faic ach oiread.

  • seán

    Yipí! Tá sé fachta ó thalamh anois ag FG/PLO agus a chonách sin orthu. Tá scaitseálaí eile nach bhfuil luaiite san alt ar cheart dó náire shaolta a bheith air mar gheall ar an bprácás seo uile .i. Phil Hogan. Rinne sé tuar cait den chúram seo ar fad agus cuireadh comhlacht ‘Uisce Éireann na mbónas’ ar bun go rúnda faoina choimirce siúd .i. go rúnda. Brostaíodh tríd an Dáil an bille agus rinneadh iarracht sinn a bhreabadh le 100 euro ach níor éirigh leo é sin a chur abhaile ar 57% againn. Deonaíodh an folió is mó ó thaobh caiteachais sa Bhruiséal do Phil Hogan ‘an forghníomhaí’ ansin mar chomhartha buíochais. Cén saghas cocstí a dhéanfaidh sé den Talmhaíocht meas tú, nó atá á dhéanamh aige di cheana féin? An maistín a bhagair nach mbeadh le fáil ag daoine nach n-íocfadh na táillí ach silín uisce i gcomhair cupa tae!

  • Cormac O Grada

    An-alt: an fhirinne lom.

  • Pádraig Ó Cíobháin

    … gan gíocs ná míocs as Enda …á! N’fheadar cail sé? Ag oscailt bhainc buidéal i dtaobh éigin, sé is dóichí, féachaint an gceannódh san vótaí dhó!