Chun ‘pas a fháil sna scrúduithe’ a dhéantar an Ghaeilge a fhoghlaim

Ach ardú tagtha ar chéatadán na ndaoine ó thuaidh agus ó dheas a thugann le fios go bhfuil fonn orthu an Ghaeilge a fhoghlaim ar scoil

4/6/2014. Leaving Cert Exams Start

Chun ‘pas a fháil sna scrúduithe’ a dhéantar an Ghaeilge a fhoghlaim agus creidtear stádas níos ísle a bheith aici ná ábhair scoile eile.

Taibhsítear do dhaoine an Ghaeilge ‘a bheith ina hábhar scoile’ i bPoblacht na hÉireann, de réir tuarascáil nua ón ESRI, a choimisiúnaigh Foras na Gaeilge.

Léirigh an Suirbhé Gaeilge 2013, atá mar chuid den tuarascáil nua, go measann 68% de dhaoine fásta ó dheas ‘go bhfuil stádas na Gaeilge níos ísle ná ábhair eile’ agus go bhfuil ábhair eolaíochta níos tábhachtaí dá gcuid páistí ná foghlaim na Gaeilge. Chreid 86% de dhaoine fásta ó thuaidh amhlaidh.

Fuarthas sa tuarascáil nua chomh maith gur fearr leis na daltaí an léitheoireacht i mBéarla ná i nGaeilge.

Ba amhlaidh an cás i ‘ngach cineál bunscoile’, Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta san áireamh.

In ainneoin an dearcadh sin a bheith sa treis, tháinig méadú ón uair dheireanach a rinneadh a leithéid de shuirbhé, in 2001, ar chéatadán na ndaoine ó dheas a thug le fios go raibh fonn orthu an Ghaeilge a fhoghlaim ar scoil.

Dúirt 36% de dhaoine ó dheas in 2001 go raibh an fonn sin orthu, le hais 52% in 2013. Mhéadaigh an céatadán de dhaoine ó thuaidh a dúirt go raibh fonn orthu an Ghaeilge a fhoghlaim ar scoil ó 14% in 2001 go dtí 21% in 2013.

Tugtar le fios sa tuarascáíl nuafhoilsithe gur gnách go measann daltaí bunscoile agus iar-bhunscoile, fiú iad siúd i gcóras an ghaeloideachais, ‘nach bhfuil an Ghaeilge chomh spéisiúil ná chomh húsáideach le hábhair eile, an Béarla nó an Mhatamaitic, cuir i gcás’.

Dúirt roinnt mhaith daoine a ceistíodh mar chuid den suirbhé gur chun ‘pas a fháil sna scrúduithe’ a rinne siad staidéar ar an nGaeilge.

Ní raibh an scéal amhlaidh i dTuaisceart Éireann, áit nach bhfuil an deis chéanna ag daoine staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge. Dúirt formhór na ndaoine a ceistíodh ó thuaidh gur ar ‘a son féin’ a d’fhoghlaim siad Gaeilge.

‘Dá mbeadh an Ghaeilge le tairiscint mar ábhar roghnach sna cineálacha éagsúla scoile i dTuaisceart Éireann, bheadh deis ag daltaí a rogha féin a dhéanamh,’ a deir an tuarascáil.

Molann an ESRI ábhar breise amháin a mhúineadh trí mheán na Gaeilge d’fhonn imeacht ón tuiscint atá coitianta i measc daoine ó dheas nach bhfuil sa Ghaeilge ach ‘ábhar scoile’ agus chun tuilleadh deiseanna a thabhairt do dhaltaí an teanga a labhairt ar scoil.

Leiríonn torthaí an staidéir nuafhoilsithe go mbíonn labhairt na Gaeilge níos coitianta i measc daoine ‘a d’fhás aníos i dteaghlaigh ina mbíodh an Ghaeilge á labhairt agus inar mhian leis na tuismitheoirí go bhfoghlaimeodh na páistí an Ghaeilge ar scoil’.

‘Má bhíonn tuilleadh deiseanna ann chun an Ghaeilge a úsáid sna scoileanna, ar shiúl ón seomra ranga, seans go spreagfar daoine óga chun an teanga a úsáid níos minice,’ a deirtear in Dearcadh an Phobail i leith na Gaeilge.

Maítear sa tuarascáil gur léir ról lárnach a bheith ag tuismitheoirí maidir ‘le dearcadh dearfach a chothú trí spéis a léiriú i ndul chun cinn an pháiste ó thaobh fhoghlaim na Gaeilge de’.

‘D’fhéadfaí an-leas a bhaint as tionscnaimh de chineál “tuismitheoirí ag tacú le tuismitheoirí” agus cabhrú le tuismitheoirí sa dá dhlínse atá ag iarraidh a gcuid páistí a thógáil go dátheangach,’ a deirtear sa tuarascáil nua.

Chuirfeadh a leithéid ‘de thionscnamh tuismitheoirí a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge i dteagmháil lena chéile agus thabharfadh sé deis dóibh a dtaithí a roinnt’.

‘Má chuirtear le feasacht an phobail maidir le tábhacht shaol an bhaile ó thaobh seachadadh teanga de, seans go spreagfaí tuilleadh tuismitheoirí chun an teanga a úsáid lena gcuid páistí féin, fiú mura mbeadh ann ach cúpla frása,’ a deir údair Dearcadh an Phobail i leith na Gaeilge, Merike Darmody agus Tania Daly, ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta.

Fág freagra ar 'Chun ‘pas a fháil sna scrúduithe’ a dhéantar an Ghaeilge a fhoghlaim'

  • seán

    ‘Fuarthas sa tuarascáil nua chomh maith gur fearr leis na daltaí an léitheoireacht i mBéarla ná i nGaeilge.’ Iontas na n-iontas! .. Bheadh an teanga sna leabhair Ghaeilge, dá fheabhas iad ….. róchosúil le …..Gaeilge. Is iomaí mac léinn Ollscoile a bhain céim amach sa Ghaeilge a mhaíonn nár léigh sé/sí aon leabhar Gaeilge riamh. Agus a chomharthaí sin orthu lena chois sin. Daoine gairmiúla féin atá ‘ag saothrú na Gaeilge’ agus tuarastal maith acu, is leasc leo leabhair Ghaeilge a léamh. An Ghaeilge bhocht anois ian sean-striapach.

  • sceolaing@hotmail.com

    Dúirt Jane Ó Donnabháin Rosa ‘that Rossa in his last days “became, if possible, more purely Irish than before”. Addressing him in English, his family could get no answer but if he was spoken to in Irish, the language of his boyhood, “his face would light up, and he would keep up the conversation in that language till he was exhausted”

  • cormac@hotmail.com

    Eachtrannaigh atá ar m’aithne agus a thug orthu féin an Ghaeilge a fhoghlaim agus iad siúd ar bronnadh dámhachtainní orthu le gairid i gConamara ina measc , tugann faoi fhoghlaim na Gaeilge le flosc agus le tuiscint agus éiríonn le han-chuid acu í a shealbhú go maith, cuid acu éiríonn thar barr leo. Ach cuir na ‘bundúchasaigh’ i gcomhnaird leo agus is minic gur a mhalairt ar fad a bhíonn i gceist. Ní orthu féin an locht i gcónaí ach toisc gur múineadh mar sin dóibh í .i. go sleamchúiseach, faillíoch, botúnach. Tá práinn ag baint le coláiste amháin oiliúna lánGhaeilge – ar a laghad – a chur ar bun athuair d’ábhair mhúinteoirí……. ó chuir Patrick Hillary deireadh leo táthar ag cacadh ar na huibhe ó shin. Bhí sármhúinteoir agam féin .i. Roibeard Ó hÚrdail, Béara, agus aon duine a tháinig faoina choimirce siúd fuair sé teagasc den gcéad scoth sa Ghaeilge, sa Stair, sa Tíreolas etc. Agus tá a rian orthu ó shin. Braitheann an-chuid ar an múinteoir/eacht, má thugann tú blianta d’óige i bhfianaise drochmhúinteora beidh an-dochar déanta. Agus ní miste a rá ná go bhfuil siad ann go rábach.