‘Chuirfeadh comharthaíocht Ghaeilge in Ollscoil na Banríona leis an ‘chill factor’ a bhraitheann mic léinn Phrotastúnacha’

Is trua le Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona, Béal Feirste dearcadh Chumann Aontachtaithe Óga na hollscoile faoi chomharthaí dátheangacha

‘Chuirfeadh comharthaíocht Ghaeilge in Ollscoil na Banríona leis an ‘chill factor’ a bhraitheann mic léinn Phrotastúnacha’

Tá litir curtha ag aontachtaithe óga in Ollscoil na Banríona chuig údaráis na hollscoile sin chun an “imní mhór” atá orthu faoin éileamh ar chomharthaíocht dhátheangach ar champas na hollscoile a léiriú.

I litir ina bhfuil macalla de ráiteas cáiliúil David Trimble go raibh an Tuaisceart tráth ina “cold house for Catholics”, deir Cumann na nAontachtaithe Óga gurbh amhlaidh go dtreiseodh comharthaí Gaeilge an “chill factor” do Phrotastúnaigh in Ollscoil na Banríona.

Dúirt urlabhraí ó Chumann Gaelach na hOllscoile, atá ag éileamh comharthaí dátheangacha, le Tuairisc.ie gur trua leo go mbeadh a leithéid de dhearcadh ag Cumann na nAontachtaithe Óga.

“Is mór an trua go bhfuil an dearcadh seo ag daoine, is léir nach bhfuil siad eolach faoi mhuintir na Gaeilge. Ní labhraíonn Cumann na nAontachtaithe Óga ar son achan aontachtóir. Tá aontachtóirí ina ndlúthbhaill den Chumann Gaelach agus tá muid oscailte do gach duine. Fáiltíonn muid roimh an tacaíocht a fuair muid go dtí seo ó dhaoine i ngach gné den tsochaí agus tá súil againn dul i ngleic le tuairimí mar seo amach anseo,” a dúirt Oisín Mag Uiginn ó Chumann Gaelach Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Tuairiscíodh sa Newsletter, gur thug Cumann na nAontachtaithe Óga le fios i litir a seoladh go dtí Oifig an Leas-Sheansailéara an tseachtain seo, go rabhadar “an-bhuartha” maidir leis an phlé atá ar siúl faoin éileamh go dtabharfaí ar ais na comharthaí dátheangacha a bhíodh le feiceáil ar an champas cheana.

Tá sé ina raic faoi cheist na comharthaíochta dátheangaí in Ollscoil na Banríona, ó thug údarás na hollscoile le fios coicís ó shin don Chumann Gaelach ansin go mbeadh sé “provocative, offensive and intimidatory” comharthaí dátheangacha – Béarla agus Gaeilge – a chrochadh.

Chuir dearcadh na n-údarás “díomá agus fearg mhór” ar lucht na Gaeilge san ollscoil agus thuill freagra Oifig an Leas-Shainsealéara ar an éileamh ar chomharthaí Gaeilge diancháineadh ó dhaoine agus ó ghrúpaí éagsúla.

An tseachtain seo caite, ghabh Uachtarán feidhmeach agus Leas-Sheansailéir Ollscoil na Banríona, James C McElnay leithscéal as aon duine a maslaíodh ag an fhreagra a thug sé ar éileamh Chumann Gaelach na hollscoile ar chomharthaíocht dhátheangach ar an gcampas i mBéal Feirste. 

Beidh cruinniú Dé Luain seo chugainn ag an gCumann Gaelach leis an Leas-Sheansailéir le cás na teanga san Ollscoil a phlé.

Sa litir a sheol Cumann na nAontachtaithe óga, cumann a bhfuil nasc aige leis an UUP, dúradh nach raibh “aon deacracht acu leis an Ghaeilge inti féin” ach go raibh imní orthu go raibh an t-éileamh ar chomharthaí dátheangacha á dhéanamh ar mhaithe le “clár oibre polaitiúil a fhorbairt seachas chun cearta teanga a bhaint amach”.

Dúirt Cumann na nAontachtaithe Óga sa litir a sheol siad chuig Oifig an Leas-Sheansailéara go bhfuil siad “tiomanta i gcónaí don chomhionannas agus don éagsúlacht in Ollscoil na Banríona”, ach go bhfuil siad “i gcoinne comharthaíocht i nGaeilge mar go gcuirfidís isteach ar an dá luach sin”.

“Ba mhaith linn a chinntiú go bhfanfadh Ollscoil na Banríona ina háit shábháilte a mbíonn fáilte ann roimh chuile dhuine, beag beann ar a gcúlra. Creidimid go léireodh comharthaíocht dhátheangach doicheall roimh mhic léinn ón phobal Protastúnach,” a scríobhadh sa litir ó Chumann na nAontachtaithe. 

“Nuair a chuimhnímid ar stair an ábhair bhuartha seo, measaimid gurb é an rud deireanach atá de dhíth in Ollscoil na Banríona polasaithe a chur i bhfeidhm a chothaíonn tuilleadh coimhthís i measc na mac léinn Protastúnach agus a chuireann leis an ‘chill factor’ a bhraitheann an pobal sin.

“Chothódh an chomharthaíocht coimhthíos chomh maith roimh mhic léinn eile nach labhraíonn an teanga ó chúlraí, ó phobail agus ó thíortha éagsúla.”

Maíodh sa litir go mbraitheann an pobal aontachtach agus “na mílte eile san Ollscoil” go mbeadh comharthaíocht dhátheangach “provocative and intimidatory”.

Dúradh gur baineadh an chomharthaíocht dhátheangach anuas in Ollscoil na Banríona thiar i 1997 chun “ollscoil níos oscailte do mhic léinn ó gach chineál cúlra a dhéanamh di”.

Dúirt Cumann na nAontachtaithe Óga gurbh “fhearr i bhfad” leo dá gcaithfí airgead na hollscoile ar cheisteanna a rachadh chun sochair do mhic léinn na hollscoile uile agus tugadh “pinsin léachtóirí” mar léiriú ar cheist a bhféadfaí aghaidh a thabhairt uirthi agus a bhfuil tábhacht ag baint léi do “phobal na mac léinn uile”. 

Fág freagra ar '‘Chuirfeadh comharthaíocht Ghaeilge in Ollscoil na Banríona leis an ‘chill factor’ a bhraitheann mic léinn Phrotastúnacha’'