Chuirfeadh an coróinvíreas seacht dtroithe depression ort dá scaoilfeá leis

Go mbeire an diabhal leis an víreas corónach go hard na gcailleach agus beidh piúnt pórtair arís again I bhfochair a chéile

Chuirfeadh an coróinvíreas seacht dtroithe depression ort dá scaoilfeá leis

Tá sé tugtha fé ndeara agam ó thosnaíos ag obair thuaidh i bParóiste na Cille go bhfuil muintir na háite úd lán go barra de chainteanna deasa.

Daoine deisbhéalacha is ea iad bail orthu. Tá nath amháin dá gcuid ceangailte im’ cheann ó tháinig an víreas corónach ar barra – chuirfeadh sé seacht dtroithe depression ort.

Tá daoine ana-thrína chéile aige (‘an fear nó bean an víreas?’ a chuala thuaidh chomh maith), ní nach iontach.

Táid ag crith ina gcraiceann ag na scéalta uafáis ón Iodáil, ón Spáinn, agus go deimhin ón dtír seo agus ón oileáinín beag suarach lastoir dúinn. Tá daoine buartha go dtiocfaidh an víreas chun an tí chucu, go háirithe daoine cnagaosta nó daoine nach bhfuil an tsláinte go rómhaith acu, agus éinne a bhaineas leo.

Táimid ag gabháilt tríd tréimhse nach bhfacthas a leithéid cheana, tréimhse atá tar éis sinn a chur dár mbuille agus atá tar éis sinn a chur as taithí agus as gnáthchleachtais ár saoil. Caillfear daoine, dúnfar gnóthaí, agus tógfaidh sé stáir teacht as an tsáinn ina bhfuilimid.

Ach tiocfar as.

Chuirfeadh an tréimhse seo seacht dtroithe depression ort dá scaoilfeá leis, ach caithfear iarracht a dhéanamh rud éigin dearfach a bhaint as an tsáinn seo, mar mura ndéanfar beimid ar fad dulta le báiní gan rómhoill. Caithfear earraíocht a bhaint as na srianta atá i bhfeidhm agus as na nithe atá ceilte orainn dá mbarra, chun tuiscint níos fearr a fháil ar na rudaí tábhachtacha sa tsaol.

B’fhéidir gur deis atá sa tréimhse seo dúinn ar fad an cnaipe mór ‘athshocraigh’ a bhrú, roinnt féinmhachnaimh a dhéanamh, agus seasamh siar tamall ón bhfuadar is ón hurlamaboc a bhaineann leis an saol.

Tiocfar as seo fé mar a thángthas as an ainnise cheana. Cailleadh oiread daoine mar thoradh ar chogadh is ar ghorta le linn agus tar éis éirithe amach i nDeasumhain sa séú céad déag go ndúradh gur ar éigean a bhí géim bó nó guth treabhdóra le cloistint ó Dhún Chaoin go Caiseal Mumhan.

Cailleadh idir 13% agus 20% de dhaonra na tíre, nó a trí nó a ceathair de chéadta míle duine, i mBliain an Áir, gorta a tharla in Éirinn de dheasca geimhridh an-fhuar agus an-chrua i 1740/41.

Cailleadh milliún éigin duine, agus d’fhág milliún eile, le linn an Drochshaoil.

Cailleadh fiche a trí míle duine agus leagadh ocht gcéad míle duine eile nuair a bhuail an fliú Spáinneach an tír i 1918/19, agus ní fios ach an díobháil a dhein an eitinn do phobal na tíre seo isteach go maith sa bhfichiú haois.

Tiocfar as.

Sinne atá lán d’ochlán toisc go bhfuil na pubanna dúnta, toisc nach bhfuil caid nó sliotar buailte nó nach ceadmhach dúinn sáithigh a dhéanamh dínn féin i bproinntithe, cuimhnímis ar na daoine atá ina bpríosúnaigh ina dtithe féin, iad aosta nó i ndrochshláinte, agus iad sceimhlithe go dtiocfaidh an víreas don tigh chucu. Má tá aon mhaitheas ionainn in aon chor, fanfam inti tamall eile, ar mhaithe leis na daoine seo.

Agus déanfaidh an tréimhse seo maitheas dár sochaí, táim cinnte dho. Bhíomar mar shochaí ag rith le brothall aríst, fé mar a bhí i ré an rachmais. Bhí, mar shampla, praghsanna i mbialanna na tíre, go háirithe i mbailte turasóireachta dulta thar ceart aríst, ach ar iompú do bhoise bhí a ngnóthaí dúnta, rud a chuirfidh ag machnamh iad b’fhéidir. Tá spiorad na comharsanachta fillte in áit an mhéféineachais, agus tá daoine ag faire amach dona chéile aríst. An-rud é sin. Tuigimid an leigheas atá i gcomhluadar, seachas bheith id’ chaonaí ag stánadh isteach i d’fhón, agus an lón anama agus an mhaitheas shíceolaíoch atá i gcúrsaí spóirt, ceoil agus cultúir. Tá daoine a bhíodh caite siar ar an gcúits gach tráthnóna ag corraí amach dóibh féin agus iad le feiscint ar a mbogsteobhar agus ag baint sásaimh as an nádúr.

Cuimhnigh ar an gcuileachta a bheidh sna pubanna nuair a scaoilfear sinn isteach iontu aríst.

Cuimhnigh cé chomh milis is a bheidh piúnt pórtair tar éis dúinn a bheith seal dhá cheal.

Cuimhnigh ar na geasa draíochta a imreoidh David Clifford agus Shane Conway orainn ach a bhfeicfear iad ar fhaichí CLG aríst.

Agus samhlaigh cé chomh binn is a bheidh seisiún ceoil beo nuair a bheimid ar aon láthair leis na ceoltóirí.

Mair, a chapaill is geobhair féar, go n-imeoidh an víreas corónach in ainm phuilíní an diabhail, agus go mbeire an diabhal leis é go hard na gcailleach.

Fág freagra ar 'Chuirfeadh an coróinvíreas seacht dtroithe depression ort dá scaoilfeá leis'

  • Róisín ni Dhúshláine

    Scríofa go hálainn, fé Mar is dual duit i gcónaí a Dhaithí. Ardfhear!