Chuirfeadh an córas sláinte crannchur i gcuimhne duit uaireanta…

Go dtí le gairid cheap mé go raibh córas sláinte measartha maith againn 

Chuirfeadh an córas sláinte crannchur i gcuimhne duit uaireanta…

Nuair a bhíonn daoine breá folláin is beag aird a thugann siad ar na seirbhísí sláinte. Go dtí le gairid, bhí mé féin ar dhuine den dream a cheap go raibh córas measartha maith i bhfeidhm agus má bhí duine eolach faoin gcaoi ar oibrigh sé, bhí sé togha. Eolach, sin focal tábhachtach.

Tá an córas sláinte sa tír seo roinnte ina dhá chuid – seirbhís phoiblí agus seirbhís phríobháideach.

Simplí go maith, a deir tú. Ciallaíonn sé sin go bhfaighidh tú chuile shórt i gceart agus in am – má tá tú sásta íoc as polasaí árachais nó fiú amháin íoc as do phóca féin, nach gciallaíonn?

Bhuel, sea agus ní hea, mar a deir an ceann eile. Bhí beagán plé agam leis na seirbhísí le gairid – an córas príobháideach mar a tharla sé, agus d’imigh chuile shórt i gceart. Agus scríobh mé roinnt seachtainí ó shin faoi Charmel agus an timpiste a bhí aici i Stigh Lorgan. Ní hé amháin gur tháinig otharcharr i gcabhair uirthi ach tháinig péire ag an am céanna agus dhá fhoireann para-leighis ag déanamh cúraim di.

Ach más léiriú é sin ar thada, is léiriú amháin eile é den mhíchothromaíocht atá sa gcóras. An tseachtain seo chonaic mé teachtaireacht ar Twitter ó bhean as Baile Átha Cliath atá i gceannas ar choimisiúnú clár sa mBBC i Londain. Bhí timpiste ag a hathair i mBaile Átha Cliath agus tar éis ceithre lá a chaitheamh ar thralaí san ionad éigeandála, fós ní raibh aon dé ar leaba dhó.

‘Céard is féidir a dhéanamh,’ a d’impigh sí ar dhomhan Twitter. ‘Tá polasaí árachais sláinte aige ach ní haon mhaith dó é.’

Tháinig na freagraí chuici ina rabharta. Gach scéal a insíodh ní ba mheasa ná an ceann a chuaigh roimhe. Seanfhir agus seanmhná fágtha gan leapacha, gan príobháideachas toisc ‘nach tosaíocht’ iad. Bhíodar gortaithe, nó bhí tinneas orthu, bhíodar gaibhte in aois agus ní raibh aon duine dá muintir in ann tada a dhéanamh dóibh.

Faoin am a bhfoilseofar an t-alt seo, is cinnte go mbeidh sé seo ina scéal mór. Sin mar a tharlaíonn le Twitter. Rud maith amháin a dhéanann na meáin shóisialta, ná go dtugann siad deis do dhaoine a gcuid scéalta féin a phoibliú toisc gur ardaigh duine eile an cheist ar dtús.

Agus rud suntasach a tháinig chun solais – ach b’fhéidir go bhfuil a fhios ag chuile dhuine eile faoi seo- ná, nach ndéanann sé difríocht ar bith, cén cineál polasaí árachais atá agat. Má thugtar isteach ag an aonad éigeandála thú, is othar poiblí thú ar an bpointe. Tóg d’áit sa scuaine.

Mar sin, d’fhéadfadh duine an cheist a chur: an fiú a bheith ag íoc as polasaí costasach árachais ar chor ar bith?

D’inis cara liom le gairid go nglacfadh sí leis an tseirbhís sláinte phoiblí dá mbeadh an rogha aici arís. Agus sin tar éis na blianta a chaitheamh ag fáil cúraim ón tseirbhís phríobháideach.

‘Ar deireadh thiar, níl aon difríocht eatarthu,’ a dúirt sí. ‘Is iad na saineolaithe agus na comhairleoirí céanna a fheicfidh tú agus go minic faigheann tú cúram níos fearr sa gcóras poiblí.’

D’inis cara eile scéilín dom a léiríonn cé chomh fánach agus bhíonn an cúram pearsanta go minic.

Tá sí féin agus bean eile ag obair le chéile i ngnó i lár na cathrach. D’inis mo chara dom tamall ó shin go raibh mac leis an mbean eile go dona tinn tar éis babhta Covid.

Is cosúil go bhfuil sé san ospidéal ó mhí na Samhna seo caite. Ar feadh i bhfad bhí sé gan aithne gan urlabhra, agus é curtha i gcóma d’aon turas ag na dochtúirí. Bhí an-imní ar an mbean seo le gairid nuair a chuala sí an lucht leighis san ospidéal ag caint faoi athrú go cúram ‘athshlánaithe’ san ospidéal i nDún Laoghaire.

Tá an mac fós ceangailte le níl a fhios cén méid tiúbanna agus gléasra leighis chun é a choinneáil beo. Ní go dtí le fíorghairid a thosaigh sé ag corraí a chloigeann ó thaobh go taobh agus tugadh faoi deara freisin go raibh sé in ann deor a shileadh.

Lá amháin, bhí sí féin ag plé le cliant sa ghnó a bhfuil sí ag obair ann i lár na cathrach. ‘Agus cén sórt jab atá agat féin?’  d’fhiafraigh sí agus í ag líonadh na bhfoirmeacha cuí.

‘Tá mise i gceannas ar an Aonad Dianchúraim’ (agus luaigh sé an t-ospidéal). Baineadh siar aisti. Rith sí isteach ag mo chara san oifig ar gcúl. Bhí an fear a bhí ina sheasamh ag an gcuntar taobh amuigh i gceannas ar an aonad ina raibh a mac coinnithe. An luafadh sí a chás leis an bhfear seo?

‘Cinnte,’ dúirt mo chara. ‘Amach leat ar an bpointe.’ D’inis sí a scéal dó. Bhí aithne aige ar a mac ach ní raibh an scéal faoina aistriú go Dún Laoghaire cloiste aige. Ná níor chuala sé faoin meaisín ‘nach raibh ag obair’ a thabharfadh cúnamh dó seasamh.

Tharraing sé amach a fhón póca agus thosaigh ag tabhairt orduithe agus ag cur ceisteanna. ‘Cén fáth nach bhfuil sin ag obair? Cé a dúirt go raibh sé le n-aistriú amach as an aonad?’ Ba léir go raibh rudaí ag tarlú ar an taobh eile den chomhrá teileafóin.

Thug an eachtra sólás nach beag don bhean bhocht. Ní hé go leigheasfar a mac ná baol air. Tá bóthar fada, crua roimhe. Ach bhí áthas uirthi gur thapaigh sí an deis agus gur labhair sí amach.

Bí cinnte de go bhfuil polasaí árachais den scoth ag an mbean seo. Tá post maith aici agus íocaíocht dá réir.

Ach nach fánach mar a chas sí ar an t-aon duine amháin a bhí in ann cabhrú léi? Chuirfeadh sé crannchur i gcuimhne duit.

‘Phioc tú na huimhreacha cearta an tseachtain seo! Beidh deis agat labhairt go díreach leis an gcomhairleoir ospidéil!’

Labhair amach, sin an teachtaireacht, fiú más ar Twitter féin é. Tá an seanfhear a bhí i gcruachás anois i leaba ospidéil agus ag fáil cúraim ansin. Is i mbarda poiblí atá sé agus tá a iníon fós ag cur na ceiste: ‘Cén fáth a mbeadh polasaí árachais sláinte príobháideach ag éinne?’

Fág freagra ar 'Chuirfeadh an córas sláinte crannchur i gcuimhne duit uaireanta…'