Chuireamar cosc ar bhaint móna, anois tá brícíní móna á dtabhairt isteach as tíortha eile againn

Ní cabhair ar bith scéal na móna le pobal na hÉireann a thabhairt ar aon intinn faoin bpolasaí atá riachtanach le téamh an domhain a mhaolú

Chuireamar cosc ar bhaint móna, anois tá brícíní móna á dtabhairt isteach as tíortha eile againn

Nach iontach go deo na méiseálaithe, na bobaidí agus na hútamálaithe atá i gceannas orainn sa tír seo? Tóg, mar shampla, an chaoi a bhfuil siad ag déileáil le bearta a d’fheilfeadh le téamh na cruinne a smachtú.

Thug an rialtas ordú do Bhord na Móna éirí as baint na móna ach anois tá brícíní móna á dtabhairt isteach as tíortha eile agus neart den chaonach móna lena chois sin.

Is gearr ó d’admhaigh Michael Healy-Rea sa Dáil gur brícíní móna as an nGearmáin atá sé a dhíol ina shiopa i gCiarraí.

Ábhar é an caonach móna a theastaíonn go géar ó ghairneoirí. Baineann siad leas as le breis fáis a chur faoi mhuisiriúin, faoi thorthaí agus faoi ghlasraí.

B’éigean dóibh cuid de a thabhairt isteach as Sri Lanca tamall ó shin. Tá Srí Lanca breis is 9,000 ciliméadar as Éirinn.

Sa bhfómhar seo caite tugadh lasta mór den chaonach móna isteach go Droichead Átha as An Laitvia. Bhí 3,600 tonna de ann. Tá An Laitvia 2,108 ciliméadar soir ó thuaidh uainn.

Na gairneoirí a bhí ag fanacht leis an lasta sin bhíodh caonach móna le fáil acu i bhfoisceacht deich gciliméadar dóibh nuair a bhí an mhóin á baint sa tír seo.

Rinne na gairneoirí casaoid ghéar faoin bpraiseach atá á dhéanamh den scéal ar fad. Chuaigh a gcuid cainte i bhfeidhm ar chuid de na polaiteoirí. Shocraigh an Seanadóir Regina Doherty, Fine Gael, agus an Seanadóir Robbie Gallagher, Fianna Fáil, cur le chéile le réiteach réasúnach a fháil ar an bhfadhb.

Mhol siad go n-achtófaí dlí sealadach a thabharfadh cead móin a bhaint le freastal ar na gairneoirí agus orthusan amháin.

Dúirt an Rialtas go gcuirfidís in aghaidh an bhille. Bhí comhairle faighte acu ón Ard-Aighne, a dúirt siad, go bhféadfadh a leithéid de dhlí a bheith ag teacht salach ar rialacha timpeallachta Aontas na hEorpa.

Scéal é seo a chuir mearbhall agus cantal ar an Seanadóir Fine Gaelach as Conamara, Seán Kyne. Nach bhfuil An Laitvia in Aontas na hEorpa freisin? ar seisean.

Tá, a Sheáin, ach an gcuireann údaráis na Laitvia rialacha Aontas na hEorpa i bhfeidhm nuair nach bhfeileann siad dóibh?

Déanann an dream sin againne é. Lútálaithe atá ionainn nuair atá deireadh ráite. Is fada an lá muid ag feacadh na glúine d’eachtrannaigh.

Thuig Seán Kyne nach cabhair ar bith an scéal le pobal na hÉireann a thabhairt ar aon intinn faoin bpolasaí atá riachtanach le téamh an domhain a mhaolú.

Cén chaoi a bhféadfá a dhul chuig cruinniú feirmeoirí agus a rá leo gur cheart dóibh a dhul ag cur crainnte, ag tabhairt aire do ghnáthóga agus ag laghdú ar an méid nítrigine a chuireann siad amach? ar seisean.

Is maith luath a chaithfidís i do bhéal an tuairisc faoi na brícíní móna agus faoin gcaonach móna, ar seisean.

Cén bhrí ach a bhfuil de dheacrachtaí ag baint le foraoiseacht faoi láthair. Teastaíonn cead pleanála le crainnte a chur, le crainnte a bhaint agus le bóthar a dhéanamh trí choill.

Tá meall mór iarratas ar chead pleanála istigh agus gan aon deifir ar na húdaráis déileáil leo.

An mhoilleadóireacht seo freisin a thug ar an gcomhlacht as an Iorua, éirí as an smaoineamh a bhí acu muilte gaoithe a chur ar snámh siar ó Ghob na Muine i gContae an Chláir.

Bhí siad féin agus Bord Soláthar an Leictreachais le dhul i gcomhar le chéile leis an togra a chur chun cinn ach d’éirigh dream na hIorua bréan de leibideacht an Stáit seo againne agus bhuail siad bóthar abhaile.

Fág freagra ar 'Chuireamar cosc ar bhaint móna, anois tá brícíní móna á dtabhairt isteach as tíortha eile againn'

  • Puiteach

    Le bheith féaráilte, tá na brícíní móna as an nGearmáin déanta níos fearr!

  • michael Roche

    Ní bricíní móna iad ón nGearmáin ach lignít, cineál guail éadtrom. Díoltar thar lear arís an chuid is mó den chaonaigh móna a thagann ón Laitví. Ní hé Bord na Móna an t-aon mangaire móna atá againn.

  • Críostóir

    Tá tionscnaimeamh bainte móna na tíre seo dírithe go huile is go hiomlán ar mhóin a easpórtáil. Fad is a bhí cúpla tonna surach á iomportáil ós comhair na ceamraí, bhí breis is deich n-oiread níos mó á easpóirtáil gan trácht ó éinne.

  • Fiachra

    Stopadh táirgeadh siúcre in Éirinn bunnaithe ar fhigiúirí lochtacha an Aontais Éorpaigh. Anois tagann sé seo. Cui bono?