Bhí mé féin agus mo dheartháir óg Brasaíleach inár seasamh ar bhalcóin m’árasáin agus bhí fuadar faoi éan beag sa charrchlós thíos fúinn.
Fluvicola nengeta a bhí ann, éinín bán a bhfuil ‘líne luais’ mar a bheadh ar charr rásaíochta ar a chloiginnín géar biorach. ‘Masked water tyrant’ a thugtar air i mBéarla (níor aimsigh mé leagan Gaeilge) ach lavadeira, nó ‘bean níocháin’ a thugtar air i bPortaingéilis.
Tá sé sa seanchas, mar a mhínigh mo dheartháir óg Brasaíleach, gur nigh an ‘tíoránach masctha uisce’ seo éadaí Íosa Críost tar éis dó siúd bás a fháil ar an gcrois. Fear cráifeach é mo dheartháir óg Brasaíleach ach d’admhaigh sé féin ar an bpointe boise gur éacht amach is amach a bheadh ansin d’éan atá ar cóimhéid le spideog agus nach maireann ach in oirthuaisceart na Brasaíle – na mílte míle ón talamh naofa.
Ach bhí sé soiléir go raibh cúis eile ann, leis, nach mbeadh ar chumas an éinín thíos sa charrchlós tabhairt faoi chúram chomh casta sin: bhí an t-ainmhí bocht (an t-eiseamláir seo, pé scéal é) chomh dúr le slis.
Bhí sé á mharú féin ag eitilt anonn is anall idir fuinneoga dhá charr a bhí páirceáilte taobh le taobh, ag béiceach, ag priocadh lena ghoibín géar agus ag bualadh a chuid sciathán go fíochmhar lena scáil féin sa ghloine.
‘Tá mé ag dul isteach,’ a dúirt mo dheartháir óg Brasaíleach tar éis deich nóiméid den ealaín seo. ‘Níl mé in ann breathnú air seo a thuilleadh.’
Agus mé i mo sheasamh ar an mbalcóin i m’aonar chuimhnigh mé ar cheist a chuir mo dheartháir óg Brasaíleach orm an uair dheireanach a bhí sé ar cuairt: ‘An bhfuil tú fós sa tóir ar D. nó an dtuigeann tú faoi dheireadh go bhfuil tú ag cur dallamullóg ort féin?’
D., sin é an fear a bhfuil mé ag rith ina dhiaidh le seacht mbliana anuas, fear a mbíodh caidrimh aige le mná ar feadh an chuid is mó dá shaol, a bhfuil mac aige fiú amháin, ach a deir – a chuid focal féin – nach bhfuil sé ‘céad faoin gcéad díreach’ agus a luigh liom uair nó dhó.
Uair nó dhó, ba é sin an méid. Bhí an caidreamh a bheadh eadrainn i gcónaí amach romhainn, sa todhchaí, lá breá éigin nuair a bheadh a shaol ‘ar ais ar a bhonnaibh’ agus nuair a bheadh rudaí áirithe ‘socraithe amach aige dó féin’. Ach níor tháinig an lá sin go fóill agus inniu dealraíonn sé go bhfuil sé níos faide uainn ná riamh. Bíonn ‘níos mó ama’ ag teastáil uaidh i gcónaí agus idir chuile útamáil tá an chuid is mó de mo chuid daichidí caite agam ag fanacht leis.
Agus mo dheartháir óg Brasaíleach taobh istigh san árasán ag pleidhcíocht lena ghuthán póca chaith mise tamall eile ag stánadh ar an éinín beag bán sa charrchlós. Fearacht an éinín sin lean mise orm ar feadh i bhfad rófhada ag bualadh mo chuid sciathán ag iarraidh D. a mhealladh, a dhúshlán a thabhairt, a aird a tharraingt – rud ar bith – go dtí an pointe nach raibh mo dheartháir óg Brasaíleach agus cairde eile in ann an radharc a sheasamh a thuilleadh.
Ach uaireanta caithfidh duine botún a fheiceáil ón taobh amuigh, fiú más go meafarach féin é, lena thuiscint go bhfuil sé féin i mbun na hamaidí céanna.
Fág freagra ar 'Chuir éinín bán rud nó dhó ar mo shúile dom maidir le mo shaol grá'