Chuir Austin Currie tús le réabhlóid shíochánta 53 bliain ó shin

Ba é suí agóide Austin Currie an lá áirithe sin an gníomh ceannródaíoch a chuir dlús leis an bhfeachtas Cearta Sibhialta

Chuir Austin Currie tús le réabhlóid shíochánta 53 bliain ó shin

Póilín Ní Chiaráin

Uimhir a 9 Páirc Chionn Aird, i mbaile Chionn Aird, gnáth-theach ar shráid bheag gan aon cheo neamhchoitianta ag baint leis. Seoladh stairiúil é, áfach, mar is ansin a chuir Austin Currie tús le réabhlóid shíochánta 53 bliain ó shin.

Údar suntais a bheadh ann in am ar bith go nglacfadh feisire Parlaiminte seilbh ar theach chun suí agóide a dhéanamh ann in éadan iompar na Comhairle áitiúla. I mí an Mheithimh 1968 i dTuaisceart Éireann bhí sé dochreidte. Bhí iompar Currie dána neamheaglach, mar a bheadh sé go minic arís i gcaitheamh na mblianta fada sa pholaitíocht.

Ba é polasaí na Comhairle tithe a cheilt ar theaghlaigh Chaitliceacha faoi ndear an agóid. Bhí an teach tugtha do bhean shingil Phrotastúnach 19 bliain d’aois cé go raibh os cionn 250 ar liosta feithimh, teaghlaigh mhóra Chaitliceacha a bhformhór.

Ba chuid bhunúsach é an t-idirdhealú i leith tithíochta den bpolasaí chun ardcheannas aontachtach a chaomhnú. Ceileadh tithe ar Chaitlicigh mar nach raibh ceart vótála ach ag sealbhóir tí agus a chéile.

Bhí taithí ag muintir Currie agus a gcomharsana ar an idirdhealú. Ina theannta sin b’fheisire náisiúnach é sa Pharlaimint in Stormont ó 1964 agus eolas aige ar an taifead a bhí á choinneáil ag an Dr Conn McCloskey agus a bhean Patricia i nDún Geanainn. Rith siadsan an ‘Campaign for Social Justice’ agus choinnigh siad cuntas ar chinntí éagóracha faoi thithíocht agus fostaíocht.

Ba é suí agóide Austin Currie an lá sin an gníomh ceannródaíoch a chuir dlús leis an bhfeachtas Cearta Sibhialta a raibh tacaíocht ollmhór aige agus a tharraing aird na cruinne ar an bhail a bhí ar chúrsaí i dTuaisceart Éireann. Baintear siar as daoine inniu nuair a chloiseann siad faoi choinníollacha na linne sin. D’athraigh gluaiseacht chearta sibhialta an tuaiscirt an scéal ó bhonn, i leith tithíochta, fostaíochta agus cearta vótála do gach duine.

Cá bhfios cé mhéad eile a bheadh bainte amach murach gur bhris an foréigean amach. Ba mhinic a mhaígh Austin Currie gur bhain an feachtas cearta sibhialta i bhfad níos mó amach ná mar a bhainfeadh feachtas foréigin ar bith.

Bhí Currie tiomanta don tsíocháin i gcónaí mar a bhí an seisear eile a bhunaigh an SDLP ina fhochair in 1970 – Gerry Fitt, John Hume, Ivan Cooper, Paddy Devlin, Paddy O’Hanlon agus an Seanadóír Paddy Wilson, ar mharaigh an UDA é i 1973. Ó cailleadh Austin Currie Dé Máirt, tá siad sin ar fad ar shlí na fírinne anois.

Bhí Currie neamhbhalbh ina cháineadh ar fhoréigean ó gach dream – an tIRA, an UVF agus an UDA chomh maith le fórsaí an stáit. D’íoc sé féin agus a mhuintir go daor as an seasamh sin. Rinneadh breis is tríocha ionsaí ar a dteach; in eachtra scanrúil amháin scríob dílseoirí na litreacha UVF ar bhrollach a mhná, Annita, le scian tar éis ionsaí a dhéanamh uirthi. Scaoileadh urchair leis an teach, rinneadh iarrachtaí eile briseadh isteach chun fogha a thabhairt fúthu. Bhí idir dhílseoirí agus phoblachtánaithe freagrach as iarrachtaí. Bhí Annita cróga chomh maith le Austin.

Nuair a bunaíodh Feidhmeannas roinnt na cumhachta i 1974 bhí Currie freagrach as tithíocht. Tá roinnt nár mhaith dó ariamh gur chinn sé go gcaithfí cíos agus rátaí a coinníodh siar le linn stailc chearta sibhialta a aisíoc; ba air a thit an crann mar aire i rialtas droim láimhe a thabhairt do chinneadh a deineadh le linn na hagóidíochta.

Níor mhair a thréimhse Aireachta i bhfad mar scrios aontachtaithe agus dílseoirí roinnt na cumhachta ach bhí Currie gníomhach sa pholaitíocht ó thuaidh go ceann cúig bliana déag eile. Ba mhinic gaol corrach aige leis an SDLP, é in éadan staonadh ó thoghcháin áirithe ach níor briseadh an nasc ariamh.

I 1989 nuair a toghadh é ina Theachta Dála d’Fhine Gael i mBaile Átha Cliath Thiar ba é an chéad duine ar toghadh sa dá dhlínse é. Fós féin is é an t-aon duine é a bhí ina aire thuaidh agus theas.

Dúirt a chlann gurb í an tsíocháin, an comhionannas agus an ceartas sóisialta a bhí mar réalta eolais aige. Díol suntais ab ea é gur thug aontachtaithe ómós dó tar éis a bháis. Mhol Jeffrey Donaldson agus Doug Beattie a chrógacht, a thiomantas don tsíocháin agus a sheasamh neamheaglach in aghaidh an fhoréigin. Dúirt an tUachtarán go raibh oidhreacht shaibhir fágtha aige don phobal thuaidh agus theas agus moladh go hard é i dTeach Laighean. Don SDLP, is cailliúint mhór eile é agus an fathach deiridh de na bunaitheoirí, mar a thug Mark Durkan air, ar lár.

Níorbh aon ionadh é gur tugadh a chorp abhaile go contae Thír Eoghain, áit a raibh a chroí ann. Adhlacadh é in aice a mhuintire in Éadan na dTorc. Ní raibh an tsíocháin ná an pholaitíocht foirfe sa tsochaí tráth ar cuireadh sa chré é inné ach is mór an dul chun cinn atá déanta ón uair ar tháinig Austin Currie chun aibíochta. Rinne sé féin cion fathaigh chun cúrsaí a fheabhsú, go síochánta agus beag beann ar iarrachtaí lucht na láimhe láidre stop a chur leis.

Fág freagra ar 'Chuir Austin Currie tús le réabhlóid shíochánta 53 bliain ó shin'