Tá P.J Mara molta agus cáinte ar go leor bealaí nár thuill sé ó tháinig scéala a bháis go moch inné, Dé hAoine.
Ceardaí cumarsáide, comhairleoir agus saineolaí ab ea é thar aon rud eile – fear cumasach a d’oibrigh go dian ar son a mháistrí, Charlie Haughey agus Bertie Ahern.
Is é an focal ‘shite’ is túisce a ritheann liom nuair a chuimhním ar chuid mhór de na comhráití a bhí agam leis, go háirithe le linn thréimhse Haughey mar Thaoiseach. Dá mbeadh ábhar agallaimh* á phlé againn roimh ré, chloisinn “shite” á thabhairt ar ábhar ar bith nach gcuirfeadh an Taoiseach fáilte roimhe, nó ar aon ábhar eile a mheas PJ nach raibh tábhacht leis.
De ghnáth, phléadh sé gearáin tar éis agallaimh le feidhmeannaigh shinsearacha RTE. Ach dá nglaofadh sé orm féin lena mhíshásamh a chur in iúl, ní fada go raibh caint ar ‘chacamas’ le cloisteáil.
Ar ndóigh, níor chuir a ghairbhe ná á dhrochbhéasa as dom. Is thar ceann a mháistir a labhraíonn gach preasoifigeach le hiriseoirí, bíodh sin go béasach nó go feargach.
Níor airigh mé bagairt ná mailís phearsanta uaidh ariamh, cé nach bhféadfaí an rud céanna a rá faoi dhearcadh Fhianna Fáil ar RTE le linn thréimhse Haughey mar Thaoiseach.
Bhí PJ níos séimhe ina theacht i láthair le linn thréimhse Ahern mar Thaoiseach, ach ar ndóigh bhí cóir ghaoithe leis an rialtas an uair sin agus trí olltoghchán buaite ag Fianna Fáil sarar éirigh sé as a phost.
Cá bhfios cén chomhairle a chuirfeadh sé ar a iarchomrádaithe a bhfuil aghaidh á tabhairt inniu acu ar Ard-fheis an pháirtí i Citywest Dé Sathairn.
Is tráthúil go mbeadh Fianna Fáil ag cuimhneamh an deireadh seachtaine ar dhíograis agus ar chumas Mara. Ba léir do Mhara cén phríomhaidhm a bhí leis an bpolaitíocht: cumhacht a bhaint amach agus ansin í a choimeád.
Tá ceist mhór á meá ag lucht Fhianna Fáil nach féidir éalú uaithi idir seo agus lá an toghcháin.
Cé a bheas i gcumhacht, nó i bhfocail eile, cé a bheas i gcomhrialtas le Fine Gael?
Cén tairbhe mar sin a bhainfidh Fianna Fáil (nár cheil a spéis roimhe seo i rialú na tíre) as seasamh i leataobh ón bpríomhcheist sin?
*Níor thairg mé ceisteanna d’aon urlabhraí rialtais ariamh, ach bhínn toilteanach cur síos ginearálta neamhiomlán a dhéanamh ar na hábhair a bhí fúm a phlé san agallamh
Cén bhaint atá ag an IRA le cúram leanaí?
Arís eile, thagair Joan Burton don IRA agus freagra ar cheist ó Sinn Féin á thabhairt aici sa Dáil Déardaoin. Agus arís eile, ní raibh baint dá laghad ag a ndúirt sí leis an gceist.
Chuir Mary Lou McDonald i leith an Tánaiste gur cleas toghchánaíochta é geallúint Pháirtí an Lucht Oibre cúram leanaí a chur ar fáil ar chostas €2 in aghaidh na huaire.
Dúirt Joan Burton léi go dtabharfadh an scéim faoiseamh mór do thuismitheoirí agus gur fógraíodh é tar éis dianstaidéar a bheith déanta ar an gcostas. Níor thairg sí meastachán ar an gcaiteachas a bheadh riachtanach, ach gheall sí go mbeadh figiúr i bhforógra toghcháin Pháirtí an Lucht Oibre.
Is ina dhiaidh sin a tharraing Joan Burton cúrsaí an IRA anuas. Cén fáth go gcreidfí Sinn Féin, a dúirt sí, nuair nár ghéill Gerry Adams go raibh sé ina cheannaire ar an IRA, ainneoin fios a bheith aige gur poblachtánach maith é Slab Murphy?
Is le ceist eile a d’fhreagair Mary Lou ceist an Tánaiste:
“What does that have to do with child care?”
Freagra, ar ndóigh, ní bhfuair sí.
Ceist againn ort, a Thánaiste, faoin seachaint ceisteanna seo atá ar bun agat ó ceapadh mar cheannaire ar do pháirtí thú. An dóigh leat dáiríre
go gur mó seans go dtabharfaidh vótóir ar bith vóta don Lucht Oibre i bhfianaise na cainte seo? Nó an dóigh leat go n-athróidh an chaint seo intinn vótóir ar bith atá ag beartú vótáil do Shinn Féin?
Is láithreoir ar an gclár ‘Morning Ireland’ ar RTÉ Raidió a hAon é Cathal Mac Coille
padraig
Ba mho na ‘ceardaí cumarsáide’ e a Chathail, ba cheardai maith de chineal eile e freisin oir saolaiodh mac do agus e in aois a 70 bliain, a chonach sin air agus go ndeana Dia trocaire sa chre air.(Bhi 75 bliain saraithe ag athair Michael Collins nuair a saolaiodh e!).
Bhi PJ sasta cur suas le scoladh teangan agus le bullaiocht o Haughey, maistin a d’iosfadh an da chluais anuas dhe babhtai ni folair. Fear ab ea PJ, da chlisteach e, t’reis an tsaoil, a bhi sasta adhradh don umhlaiocht agus slogadh na lachan a thabhairt ar mhorchuid ‘shite’ lena linn fein mar mhaithe lena phost a choimead. Ni heol dom moran daoine (ach cupla masochist fanach) a bheadh sasta bheith faoi fhorlamhas Haughey agus Ahern, duine i ndiaidh a cheile.
Niorbh e an leas coitinn a bhi i dtus tabhachta ag ceachtar den bheirt sin mar is eol duinn, mo lean.
Ba cheardai iontach, leis, e PJ ar chnapain eithigh a insint d’reir mar a oir agus a bhos ar a chroi aige agus sin modus vivendi na polaitiochta anseo o shin i leith agus slogadh na lachan a thabhairt ag muintir na hEireann ar na cnpain cheanna sin go rimhinic. Thuig se, ag deireadh thiar, gur fusa ‘fuineadh i dteannta na mine’, rud agus a dhein. Nuair a cailleadh Arthur Griffith ni raibh de mhaoin an tsaoil aige ach pingin rua amhain ina phoca, an bhfeadfai an rud ceanna a ra faoi cheachtar den bheith reamhraite ata imithe ar thaobh na breise?