Chuile dhuine agus a anró féin – seachaint olltoghcháin, mar shampla

Dráma cuid mhaith atá sa bpolaitíocht agus is cuid den dráma na comhdhálacha ‘machnaimh’ a bhíonn ag na páirtithe chuile bhliain

Chuile dhuine agus a anró féin – seachaint olltoghcháin, mar shampla

Taca an ama seo chuile bhliain tagann na páirtithe polaitíochta le chéile le machnamh a dhéanamh ar an téarma Dála atá rompu. Ó tugadh an Buiséad chun cinn ó mhí na Nollag go dtí mí Dheireadh Fómhair is minic tús  áite ag an seó áirithe sin sa bplé céanna. Baintear leas as na comhdhálacha le corr-eitleog a chur san aer chuile bhliain. Cibé ábhar a ndírítear air bíonn an chuid is mó de na himeachtaí agus na hábhair réitithe go maith roimh ré. Leagtar amach go cúramach na hamanna agus na háiteacha a mbíonn cead ag iriseoirí labhairt leis na hionadaithe éagsúla. Is ar na nithe eile a tharlaíonn a bhíonn na hiriseoirí céanna dírithe, áfach.

Le blianta fada anois, le teacht agus fás na meán sóisialta agus na nuachta ceithre-huaire-fichead déanann na páirtithe polaitíochta iarracht seilbh agus smacht níos daingne a choinneáil ar an méid a eisítear leis na meáin chumarsáide. Cé go bhfuil an dá dhream an-mhór le chéile tá siad amhrasach faoina chéile freisin.

Iarracht atá sna comhdhálacha réamh-Dhála cláracha oibre na bpáirtithe a chur chun cinn. Déanfaidh páirtithe an fhreasúra neart ionsaithe i mbliana ar an Rialtas faoin ngéarchéim tithíochta agus faoi mhí-éifeacht Eoghan Murphy agus é ag déileáil leis an ngéarchéim sin. Tá tús curtha cheana féin ag Sinn Féin leis na hionsaithe céanna an tseachtain seo. Ní hiontas ach oiread agus iad cois teorann go ndearna Sinn Féin go leor cainte freisin faoi chiallachais an Bhreatimeachta.

Is féidir linn a bheith ag súil ag comhdhálacha eile le neart foláirimh faoin éigeandáil sa gcóras sláinte nach éigeandáil gheimhridh amháin í feasta!

Maidir le cruinniú phríomhpháirtí an rialtais i nGaillimh Déardaoin agus Dé hAoine, is féidir linn a bheith ag súil go ndéanfaidh Fine Gael cur síos cuimsitheach ar an mbealach go bhfuil ag éirí leis na beartais atá á gcur i bhfeidhm acu ó thaobh cúrsaí tithíochta agus sláinte. Déarfaidh siad linn freisin, mar a dúirt an tAire Airgeadais Pascal Donohue i léacht de chuid an Collins Institute le gairid, gurb iadsan an páirtí is fearr le téarnamh agus athstruchtúrú eacnamaíoch agus sóisialta na tíre a chinntiú.

Go háirithe i ré éiginnte seo an Bhreatimeachta.

Tá ráite ag Fianna Fáil nach bhfuil sé i gceist acu aon phlé a dhéanamh faoin socrú muiníne agus soláthair ag gcomhdháil siúd atá ar siúl faoi láthair, ach cuirfear suim ar leith in aon leidí a bheidh á dtabhairt acu faoi leanacht nó gan leanacht leis an gcomhaontú sin. Tá an socrú a rinneadh ag teacht chun críche agus tuairimí éagsúla ann faoinar cheart don pháirtí leanacht de. Ar ndóigh ba mhaith leis an Taoiseach, a deir sé, tosú láithreach ar an idirbheartaíocht, cuireadh ar dhiúltaigh Fianna Fáil dó.

Creideann leascheannaire Fhianna Fáil Dara Calleary gur chóir go gcoinneofaí leis an socrú agus buiséad amháin eile a bhaint as. Deir Michael McGrath, urlabhraí airgeadais an pháirtí, nach chun leas aon dreama é go mbeadh an tír gafa le holltoghchán san earrach nuair a bheidh an crú ag teacht ar an tairne ó thaobh an Bhreatimeachta. Ach deir John McGuinness nach bhfuil tairbhe ar bith dá pháirtí cloí leis an gcomhaontú. Dochar atá déanta d’Fhianna Fáil ag an socrú, dar leisean. Ábhar achrainn, b’fhéidir.

Eatarthu féin a bheidh an Lucht Oibre ag troid freisin, is cosúil. Tá díomá ar cheannaire an pháirtí Brendan Howlin go bhfuil a dhúshlán tugtha ag Alan Kelly. Tá an páirtí chomh beag ó thaobh ionadaíochta i dTithe an Oireachtas agus ó thaobh tacaíochta lasmuigh díobh go bhfuil sé deacair a aithint cá bhfuil bóthar a slánaithe. Polaiteoirí cumasacha iad Howlin agus Kelly. Inseoidh cíbe dráma a bheidh ag cruinniú machnaimh Pháirtí an Lucht Oibre dúinn an bhfuil fonn ar an bpáirtí parlaiminte tabhairt faoi thoghchán ceannaireachta tráth a mbíonn baol chuile lá ann go dtarlóidh olltoghchán tobann.

Chuile dhuine agus a anró féin, a deir an nath cainte. Shamhlóinn gurb é an t-anró is mó atá faoi láthair ag na páirtithe ar fad olltoghchán a sheachaint. Ach cad a tharlóidh má chuirtear moill arís eile ar an tuarascáil ó Gabriel Scally faoi scannal na hailse i muineál na broinne? Má chuirtear vóta mímhuiníne in Eoghan Murphy? Agus cá bhfios cén timpiste eile a d’fhéadfadh tarlú.

Dráma cuid mhaith atá sa bpolaitíocht agus is cuid den dráma na comhdhálacha seo chuile bhliain. An rud is iontaí fúthu go n-éiríonn leo, ainneoin iarrachtaí na bpáirtithe smacht iomlán a choinneáil ar chúrsaí, corr-eachtra spéisiúil, scéal grinn nó conspóid a sholáthar dúinn i gcónaí.

Fág freagra ar 'Chuile dhuine agus a anró féin – seachaint olltoghcháin, mar shampla'

  • léitheoir!?

    Teideal an dráma polaitíochta seo; “An dall ag giollaíocht an daill”? “An mhéar fhada?” “An mhéar a thógáil as”? “An ciorcal órga”? “An mhéar a thógáil as an gciorcal órga”? “Ag fanacht le Godot na tithíochta”? “An lá is faide anonn”? “Codail amuigh”?