Chuile bhuntáiste ag an mBreatain Bheag agus iad sa tóir ar an ‘Grand Slam’

Ina chluiche deireanach mar bhainisteoir na hÉireann sa chomórtas Sé Náisiún, beidh Joe Schmidt ag súil an ceann is fearr a fháil ar na Breatnaigh den chéad uair i gCaerdydd sa chomórtas seo

Chuile bhuntáiste ag an mBreatain Bheag agus iad sa tóir ar an ‘Grand Slam’

Warren Gatland. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Is é seo an cluiche deireanach sa chomórtas seo ag bainisteoir na hÉireann chomh maith agus níor éirigh le Joe Schmidt an ceann is fearr a fháil fós ar na Breatnaigh i gcluiche Sé Náisiún i gCaerdydd

Níl aon dabht ach gur éirigh le Joe Schmidt agus a chuid imreoirí rudaí a chur ina gceart agus iad i gcoinne na bhFrancach an Domhnach seo caite. Nach mór an trua go raibh orainn fanacht go raibh Babhta 4 den Chomórtas Sé Náisiún linn sular tharla sin.

Mar sin féin bhí cur chuige na hÉireann chomh maith agus chomh snasta sin gur chuir siad iad féin sa chomhaireamh arís, ní hamháin don Chomórtas Sé Náisiún a bheas ag teacht chun críche inniu ach don Chorn Domhanda freisin.

Maidir leis na Sé Náisiún, is cinnte go bhfuil chuile bhuntáiste leis an mBreatain Bheag anois agus iad sa tóir ar an ‘Grand Slam’, nó an ilchraobh, inniu. Chomh maith leis sin, is sa mbaile i gCaerdydd a bheas siad in aghaidh na na nGael agus iad ar thóir an tríú Grand Slam de ré Warren Gatland. Is é an cluiche seo an cluiche deiridh Sé Náisiún ina mbeidh Gatland i gceannas ar an mBreatain Bheag agus seans gur spreagadh ann féin é sin dá fhoireann agus do lucht leanta na Breataine Bige.

Is é seo an cluiche deireanach sa chomórtas seo ag bainisteoir na hÉireann chomh maith agus níor éirigh le Joe Schmidt an ceann is fearr a fháil fós ar na Breatnaigh i gcluiche Sé Náisiún i gCaerdydd. Is cinnte go bhfuil go leor sa mheá don dá fhoireann i gcluiche an lae inniu ach is mó an dúshlán atá roimh fhoireann na hÉireann. Mar bharr ar an mbrú sin ní raibh acu ach sé lá le réiteach don choimhlint seo, murab ionann is na Breatnaigh a raibh lá breise acu chun teacht chucu féin. Má bhíonn an lá leis na Gaeil, rud nach mbeidh éasca, caithfidh siad fanacht ar thoradh an chluiche idir na Sasanaigh agus Albain i Londain. Má bhíonn an lá leis na Sasanaigh is acu siúd a bheas comórtas na bliana seo.

Idir an dá linn ní féidir le himreoirí Joe Schmidt ach chuile iarracht a dhéanamh an tsárimirt a chonaic muid uathu in Áth Cliath a dhéanamh arís i gCaerdydd. Má éiríonn leo é sin a dhéanamh is cinnte go gcothóidh siad deacrachtaí don Bhreatain Bheag. Ní bhíonn sé éasca riamh na Breatnaigh a chloí agus iad sa mbaile, agus is deacra fós a bheidh sé agus leathghreim acu ar an gcomórtas. Níl ó na Breatnaigh ach an bua a fháil, fiú más le pointe amháin féin é chun an ‘Grand Slam’ a ghnóthú.

Dála an scéil, bhí an dá fhoireann sa mbád céanna in 2005, nuair a bhí na Breatnaigh sa mbaile agus iad ar thóir an ‘Grand Slam’ i gcoinne na nGael a bhí ar a ndícheall ag iarraidh an ‘Slam’ a cheilt orthu agus an comórtas ar fad a bhuachan iad féin.

Ag an mBreatain Bheag a bhí an bua an lá sin agus ní haon iontas a bheadh ann dá mba amhlaidh an cás inniu.

Maidir leis na cluichí eile. Beidh na Francaigh sa Róimh i gcoinne na hIodáile. Is cuma ar bhealach cé aige a bheas an lámh in uachtar sa gcoimhlint seo, mar tá muid ag caint faoi fhoirne nach bhfuil ag iarraidh ach fíoríochtar an tábla a sheachaint.

Ní hionann an cás sa gcluiche eile. Má bhíonn an lá leis na Sasanaigh i gcoinne na hAlban agus an bua ag na Gaeil i gCaerdydd is ag foireann Eddie Jones, a fuair an ceann is fearr ar Éirinn sa chéad bhabhta, a bheas an comórtas.

Nach mór an feall a bheadh ansin, na Gaeil ag bronnadh Chomórtas na Sé Náisiún ar na Sasanaigh agus an Breatimeacht ag drannadh linn.

Fág freagra ar 'Chuile bhuntáiste ag an mBreatain Bheag agus iad sa tóir ar an ‘Grand Slam’'