Chuaigh sé fá choinne na mná agus bhí leathphionta uisce beatha aige

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo, is mairg a phósfadh ar chomhairle máthar agus cleamhnas míshona againn as Dún na nGall…

Chuaigh sé fá choinne na mná agus bhí leathphionta uisce beatha aige

Bhí fear ann uair amháin agus ní raibh bean ar bith aige agus ba mhaith leis pósadh. Oíche amháin tháinig fear de na comharsana chuige agus dúirt sé go rachadh sé leis ag cuartú mná. Agus d’iarr sé ar an fhear a fháil réidh. 

Nuair a bhí siad réidh d’imigh siad agus chuaigh siad giota beag. D’fhiafraigh an fear de an raibh uisce beatha ar bith leis agus dúirt sé go raibh leathphionta leis. ‘Dheamhan coiscéim a rachas mise leat ag cuartú mná le leathphionta uisce bheatha.’ Agus dúirt an fear nach raibh teach biotáille i bhfad uathu. Agus dúirt sé go rachadh sé isteach fá choinne pionta. 

Agus ansin chuaigh siad go dtí an teach fá choinne na mná. Chuaigh siad go dtí an doras. Agus d’fhoscail siad an doras agus chuaigh siad isteach. Agus d’iarr bean an tí orthu cad a bhí de dhíth orthu. Agus dúirt fear acu go raibh bean a dhíth air. Iníon amháin a bhí ag an bhean agus dúirt a hathair nach dtabharfadh sé a iníon d’fhear ar bith ach fear an tsaibhris agus go raibh rud mór aoise os a chionn. 

Agus tharraing an fear eile an buidéal amach agus chuaigh sé go dtí an drisiúr agus fuair sé babhla mór agus líon sé é. Agus thug sé an chéad ghloine don mháthair. 

‘Caithfidh m’fhearsa an chéad ghloine a ól,’ ar sí agus ansin thug sé an chéad iarraidh don fhear. Agus ansin chuaigh sí síos an seomra agus mhúscail sí a hiníon agus dúirt sí léi éirí. D’éirigh a n-iníon agus d’iarr an bhean uirthi an nglacfadh sí an fear seo. Agus dúirt sise nach bpósfadh sí go cionn bliana eile. Agus dúirt a máthair léi nach bhfaigheadh sí an iarraidh chéanna arís choíche. 

Agus dúirt a n-iníon go rachadh sí go Meiriceá sula bpósfadh sí é. ‘Bhal,’ arsa a máthair ‘tá an fear seo an-saibhir’. Agus bhí an mháthair léi i dtólamh a’ gabháil di é a phósadh agus sa deireadh ghlac sí leis.

Agus cúpla lá ina dhiaidh sin pósadh iad. 

Agus bhí bainis mhór acu an oíche sin. 

Ach le rud eile a rá ní raibh siad i bhfad pósta gur thosaigh siad ag troid eatarthu fhéin. Ní raibh siad i bhfad mar sin gur fhág an cailín é. Agus chuaigh sí go Meiriceá agus bhí sé leis fhéin ansin ar feadh cúpla bliain. Agus lig sé achan rud ag dul amú fán teach.
Agus chuaigh sé ag cuartú mná eile. Chuaigh sé fá choinne na mná agus bhí leathphionta uisce beatha aige. Chuaigh sé isteach agus fuair sé bean eile. Agus tá siad fós ina gcónaí ansin.

Aodh Mac Giolla Riadaí, Raithnigh, Leitir Mhic an Bhaird a fuair an scéal seo ó Sheán Ó Cnámhsa.

Fág freagra ar 'Chuaigh sé fá choinne na mná agus bhí leathphionta uisce beatha aige'