‘Chuaigh scéala amach go raibh Baile an Bhriota lán le siógaí’

Is mór idir Rásaí na Gaillimhe na linne seo agus na rásaí a mbíodh ‘An Fear sa mBairille’ mar shiamsaíocht ann

barrell

Is aisteach an chaoi a bhfanann rudaí faoi leith in intinn an duine nuair a bhíonn dearmad déanta go minic ar chúrsaí a d’fhéadfadh a bheith i bhfad níos tábhachtaí. Is é is dóigh go ndeachaigh na mílte agallamh spóirt trí mo lámha le linn dom a bheith ag obair i Raidió na Gaeltachta, ach bheadh obair agam cuimhniú ar dhosaen acu anois – a mhilleán sin orm féin, seachas orthu siúd a bhí ag caint linn, ní mór dom a rá.

Ceann amháin a fhanann i mo chloigeann go gléineach, áfach, is ea ceann a rinne Seán Bán Breathnach agus mé féin os cionn deich mbliana fichead go ham seo le seanfhear as Baile an Dúlaigh, atá ar imealll thoir chathair na Gaillimhe – míle nó dhó amach Bhóthar Áth Cinn agus in aice an chaisleáin atá i leataobh an bhóthair ansiúd, daoibhse a bhfuil eolas na háite agaibh.

Máirtín Ó Casarlaigh a bhí air, é ag bordáil ar cheithre scór bliain ag an am agus an Ghaeilge bhreá aige a mba í teanga na háite sin í – teanga an Chaisleáin Gheairr, Cheathrú an Bhrúnaigh agus Mhionlaigh freisin – nuair a bhí Máirtín ag éirí aníos ag tús an chéid seo caite.

Stíl labhartha thar a bheith tobann a chleachtadar agus atá fós ag an mbeagán ar an taobh sin den Choirib atá á labhairt go laethúil i gconaí. Tagann na focail amach as a mbéal chomh tobann agus a thagann na piléir as an meaisínghunna agus chí Dia mura raibh sruth cainte ag an gCasarlach, ní mba lá go maidin é.

Rásaí na Gaillimhe le linn a óige an t-ábhar a bhí faoi chaibidil agus, ar ndóigh, neart ábhair ag Máirtín ós rud é gur tógadh é sa bparóiste céanna agus i bhfoisceacht cúpla míle de pháirc na rásaí i mBaile an Bhriota.

Ar an gcúis go raibh pingeacha thar a bheith gann, ba bheag suim a bhí aige ná ag a chomhaoiseanna sna capaill féin ná ní raibh mórán de chuimhne aige orthu siúd a bhuaigh an Galway Plate agus an Hurdle agus é ag éirí aníos. Ach mura raibh, ba bheag den spraoi agus den mhacnas a bhíodh ar siúl timpeall Bhaile an Bhriota a bhí ligthe i ndearmad aige.

Ní raibh aon trácht ar na ‘hurdy-gurdys’ ná ar na ‘bumping-cars’ an uair úd – caitheamh aimsire a bhíodh i bhfad níos bunúsaí a chleacht Máirtín Ó Casarlaigh agus a chomrádaithe – ag féachaint ar ‘Fhear na Trí Chárta’ le súil agus go mbeadh braon istigh aige rud a d’fhágfadh buntáiste acu air, na comórtais nirt leis na ‘Fir Láidre’, nó an ceann ab fhearr ar fad le Máirtín, ‘An Fear sa mBairille’.

Is éard a bhí ansin go dtiocfadh fear síos i gceann de na bairillí móra adhmaid siúd a bhíodh fadó ann agus anois agus arís go sáithfeadh sé a chloigeann aníos ar fead soicinde. Bhíodh cead ag an lucht féachana cleith de mhaide rabhnáilte, a bheadh ar aon tomhais le buidéal pórtair, a chaitheamh leis ag súil lena bhualadh. Ní gan chostas a bhíodh Fear a’ Bhairille ag dul sa seans, ar ndóigh; bhíodh pingin le n-íoc ar chuile mhaide a chaití agus trí pingine le fáil ar ais dá mbuailfí an sprioc.

Bhíodh ógánaigh Bhaile an Dúlaigh, an Chaisleáin Gearr, Chill Uachtair agus Mhionlaigh ag cleachtadh le seachtainí roimhe féachaint cé acu an naoscaire ab fhearr. Gheofadh seisean ansin na pingineacha suaracha a bhí bailithe acu agus ba air a bhítí ag brath nuair a thagadh an lá.

“B’fhearr ná sin arís é nuair a baintí fuil as,” a deir Máirtín, a bhí thar a bheith bríomhar freisin agus é ag cur síos ar na hachrainn a bhíodh idir muintir an Chaisleáin agus iad siúd a thagadh isteach ó Achréidh na Gaillimhe nuair a bhíodh dóthain ólta ag chaon dream agus na cuairteoirí ag filleadh abhaile tráthnóna as na Rástaí ar a gcuid rothar nó de shiúl a gcos.

Fearacht na siamsaíochta, ní raibh an tslándáil ach i dtús a cuid forbartha ag an am sin freisin. Rinne Máirtín Ó Casarlaigh aithris ar an gcaoi a mbíodh na capaill rása fágtha thar oíche sna stáblaí a bhí le hais Pháirc na Rásaí agus gan aon duine dá bhfaire.

‘Chuaigh scéala amach go raibh Baile an Bhriota lán le siógaí,’ a dúirt sé linn. ‘Ach ní siógaí ar bith a bhíodh iontu, ach leads óga na háite agus léinteacha bána orthu ag rith a gcuid rásaí féin timpeall na páirce i lár an mheánoíche agus na capaill tógtha amach as na stáblaí acu. Cheapadar siúd a bhí ag dul an bóthar agus braon sa gcoiricín acu go mba iad an Slua Sí a bhíodh ann!’

Nach iomaí boc mór a rinne iontas lá arna mháireach gur chosúil nach raibh a chapall chomh fuinniúil agus ba cheart dó a bheith agus gan aon tuairim aige go raibh dó nó trí de mhílte rite aige an oíche roimhe.

Is mór idir Rásaí na Gaillimhe na linne seo agus iad siúd a chonaic Ó Casarlaigh. Tá seisean féin imithe anois uainn, go ndéana Dia maith air, ach cuimhním i gconaí an taca seo bliana ar Mháirtín agus na sluaite ag tabhairt faoi Bhaile an Bhriota.

Fág freagra ar '‘Chuaigh scéala amach go raibh Baile an Bhriota lán le siógaí’'

  • cormac

    Agus iad ag iarraidh a chur in iul duinn gur ar na saolta seo amhain a bhionn alfraitsiocht den sort sin ar siul! Ni me an raibh aon eolas ag an gCasarlach faoin gcrioch a rug ar Shergar?