Chuaigh mé ar thóir caifé ina bhféadfainn cuma an scríbhneora a chur orm féin…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Agus é ag iarraidh gothaí scríbhneora a chur air féin i bPáras an lá cheana bhí ár gcolúnaí meallta ag teach caife a raibh cuma na réabhlóide air. Ach ní caifé a bhí ann ar chor ar bith…

Chuaigh mé ar thóir caifé ina bhféadfainn cuma an scríbhneora a chur orm féin…

Tharla mé i bPáras an lá cheana agus ní raibh neart agam orm féin. Níor luaithe amuigh as stáisiún traenach Gare du Nord mé nó chuaigh mé ar thóir caifé ina bhféadfainn cuma an scríbhneora a chur orm féin.

Admhaím láithreach gur fonn galamaisíochta, níos mó ná rud ar bith eile, ba chúis leis an deifir a bhí orm peann a chur le páipéar.

Ní raibh aon rud faoi leith le scríobh agam. Ach bhí mé i gcathair Jean-Paul Sartre agus Simone de Beauvoir, Marguerite Yourcenar agus Marguerite Duras, Ernest Hemingway agus Gertrude Stein, James Baldwin agus Mavis Gallant.

Céard eile a dhéanfainn ach suí i gcaifé, cuma mhachnamhach a chur orm féin agus leathanach nó dhó a líonadh i leabhar nótaí? Bhí leathuair an chloig le meilt agam sula raibh coinne agam le cara de mo chuid.

Isteach liom sa Rue du Château de l’Eau, sráid fhada chúng sa chuid is faide ó dheas den dixième, an 10ú limistéar, mar a bhfuil cónaí ar mo chara, gar do stáisiún meitreo République. Ní raibh easpa tithe caife ar an tsráid. Go deimhin, shílfeá nach raibh ar an tsráid ach tithe caife.

Mheall ceann ar leith m’aird: ‘Anticafé’ a bhí scríofa os cionn an dorais, i litreacha móra a raibh cuma saghas bagrach orthu. Go deas, a shíl mé. D’oirfeadh an t-ainm réabhlóideach, mar dhea, don scríbhneoireacht, mar dhea, a bhí ar intinn agam a dhéanamh.

Bhí mo lámh ar mhurlán an dorais agam nuair a baineadh siar asam. Bhí fógra mór crochta in aice leis an doras, litreacha bána ar chúlra oráiste, ag tabhairt le fios go ngearrfaí €5 in aghaidh na huaire an chloig ar dhuine chun úsáid a bhaint as an gcaifé.

Céard seo, a shíl mé. Cíos ar bhord caifé? Cén fáth sa diabhal nár smaoinigh mé air sin fadó, fadó nuair a bhí teach caife agam féin i gcathair na Gaillimhe – áit nach mbíodh náire ar chustaiméirí áirithe bord a choinneáil ar feadh cúpla uair an chloig agus gan á ól acu ach cupán caife suarach amháin?

Rith sé liom ansin nach raibh agam ach leathuair an chloig. Ní ólfainn ach cupán caife amháin, agus fiú amháin i gceartlár Pháras, ní chosnódh a leithéid €5. Isteach liom in pâtisserie díreach trasna an bhóthair.

Shuigh mé ag an bhfuinneog, áit a raibh radharc maith agam ar an ‘Anticafé’ úd a bhí ag cur mearbhaill orm. Bhí an áit sin lán, a gcuid ríomhairí glúine oscailte ag na custaiméirí ar fad. Ó am go chéile, d’éiríodh duine nó beirt chun cupán caife a dhéanamh dóibh féin. Dóibh féin? Arbh áit féinfhreastail a bhí ann? An t-ainm a bhí ar an gcaifé in aice leis an ‘Anticafé’ a thug freagra na ceiste sin dom. ‘Coworking’ an t-ainm a bhí ar an gcaifé sin, agus bhí ainm fíorchosúil leis sin ar chaifé arís eile díreach in aice leis.

Ní tithe caifé a bhí anseo ar chor ar bith!

Láithreacha oibre comhionaid a bhí iontu!

“Tá an tsráid seo breac leo, tá siad ag tógáil áit na seansiopaí éadaigh Giúdacha ó rinneadh uaisliú ar an gceantar seo,’ a mhínigh mo chara nuair a bhuail sé liom sa pâtisserie.

“Tá an-tóir ag daoine óga cruthaitheacha ar an gceantar seo ach tá na hárasáin beag bídeach. Rachfá glan as do mheabhair ag iarraidh a bheith ag obair i gceann acu.”

Is maith a thuigim an gá a bhíonn ag daoine cruthaitheacha le tithe caife. Spásanna compordacha iad a mbíonn soláthar seasta caiféine ar fáil iontu, agus comhghleacaithe de chineál éigin: obair uaigneach a bhíonn i gcuid mhór den obair chruthaitheach.

Ach a luaithe is a thuig mé gur oifig gléasta suas mar chaifé a bhí san ‘Anticafé’, dáiríre, bhí mé sásta go raibh mé ar an taobh eile den tsráid.

Dá mbeadh cónaí orm ar an Rue du Château de l’Eau is sa pâtisserie a chuirfinn gothaí scríbhneora orm féin, a shocraigh mé. B’fhéidir go bhféadfainn eagarthóireacht a dhéanamh ar leabhar i láthair oibre chomhionaid – ach cinnte dearfa ní bheinn in ann an chéad dréacht de leabhar a scríobh ina leithéid d’áit.

Fág freagra ar 'Chuaigh mé ar thóir caifé ina bhféadfainn cuma an scríbhneora a chur orm féin…'

  • Fearn

    Ar dtubaiste leis nár bhain tú amach “Les Deux Magots”, ceárta scríobhneoirí agus intleachtóirí an domhain, más fíor, a Alex.
    Ach braithim go raibh Alex an fiontraí i dtreis i bPárás in éineacht le súil Alex an scríobhneoir bail ó Dhia ort. Faigheann smaoineamh smaoineamh eile gan aon agó.
    Anseo, in Alban dom, tá mé eolach ar chaife a bhfuil fógra in airde acu: No campers .i. caith do chuid is imigh. Is fearr liom an caife a bhfuil fios mo pheacaí uile itheacháin acu, agus a ligeann scód liom m’aiféaltas a dhéanamh cois bóird ar mo shuaimhneas!