Ar mhaithe le leigheas, chuas ag an dochtúir is fearr ar m’aithne, an cúilín glasraí. Bhí fear na n-adharc ansin romham agus é leagtha amach ar an bhféasta.
Fear a bhí ann ina mheon ón gcaoi ar choinnigh sé a thalamh agus an muineál a bhí aige ag stánadh go dána orm i mo gharraí fhéin (bhuel sin a chreidtí tráth).
Lena cheart a thabhairt dó ní sprionlóir a bhí ann mar diabhal duine dá mhuintir nár chuir sé fios orthu ag an gcóisir. Ní dos amháin a thriail siad ach an oiread ach ailp a bhaint as chuile bhileog ar an iomaire. Tá rún a bháis agamsa ach tá an nimh coiscthe mar chuirfinn slabhra an bhia ó mhaith go brách na breithe.
Leann an gaiste a moladh dom a thabhairt dóibh anuraidh ach nach alcólaigh chruthanta a bhí iontu agus is amhlaidh a ramhraigh siad ar phórtar. Is cosúil gur breith orthu agus iad a loscadh in uisce bruite an bás glas don seilmide ach chinnfeadh orm an bás sin a thabhairt don ghliomach féin, dá bhlasta é.
Bhreathnaigh mé ar ghnó na feilméarachta seilmidí ar shuíomh Teagasc ach tá a dhúshláin fhéin ag baint le brabach a bhaint as les escargots.
Mise á rá leat gur boc cliste é an heirmeafraidíteach seo atá fireann is baineann is atá in ann suas le 150 ubh a bhreith agus a chur i bhfolach sa gcréafóg. Sin 150 dá shliocht ag placadh i mo gharraí faoi cheann coicíse agus gan aon dúil agam iontu. Cén bhrí ach tá carnán gairleoige ag fás lena n-ais!
Ní trodaí tréan mé agus tuigim gur deacair muirín chomh mór sin a bheathú agus thug mé m’aghaidh ar an gcladach áit ar fearr leis na míola trá an fheamainn ná mise. Ag gabháil soir an duirling lonrach aoibhinn dom bhuail boladh béal bochtúil sna polláirí mé. An bhféadfadh sé go raibh múnlach eastát an Údaráis curtha i bhfarraige i ngan fhios dom? Bhí sí ansiúd go huaigneach, an bolg ite aisti agus an chnámharlach ina bréantais ar an duirling. Ceann de na céiticigh uaisle a raibh a seal ar an saol seo thart go hóg. Í róbheag do Fungi ná Free Willy.
An mise is mo shaol an tsiocair bháis a bhí aici? An trealamh is teicneolaíocht long chogaidh a sheol ar a haimhleas í agus a chuir a córas treorach féin ó mhaith? An ocras nó plaisteach a chniog í? An bhfuil a béile éisc maraithe againn le séarachas agus ceimiceáin?
B’fhiú éalú go háit éigin nach dtuigfinn focal maith ná olc agus go sciúrfainn mí-ádh an tsaoil as m’intinn. Ach cé againn a ghabhfadh ar eitleán anois gan smíste de thaibhse an charbóin a bheith ar do ghualainn agus gorta is ganntan leath an domhain á leagan aige ort.
Is beag bean nár mhór aici an tsaoirse agus an tslándáil a thug eochair a cairr féin di ach féach arís go bhfuiltear ár seoladh ar ais abhaile nó ar an gcóras poiblí iompair agus an imní agus na bagairtí a bhaineann leis sin in áiteanna áirithe sa tír seo.
Éalú ó tharraingt uisce as toibreacha is lochanna an chéad bhrionglóid a treascraíodh – sconna a chasadh agus sruthán uisce glan os do chomhair gan an teach a fhágáil. Mise á rá leat gur deacair sméar a fháil gan dealg agus féach gur fógra sláinte anois a thagann le deoch den uisce – bíodh sin aoileach an duine is an bheithígh, cripteaspóiridiam, clóirín nó ceimiceáin na siléige.
Agus muid tinn ag éisteacht leis na seanscéalta meirgeacha céanna cois tine nach beag a cheap muid go mbeadh baol sláinte sna meáin chumarsáide iontacha a tháinig chun cinn lenár linn. Cáideo [cén fhad] ó bhí sé sábháilte breathnú ar chlár nuachta?
Téamh, gorta, cogadh, marú, díshealbhú, teitheadh, bréaga, aighneas is aicídí tógálacha.
Níl suíomh idirlín nach bhfuil a fhainic féin ag gabháil leis – caimiléirí, bulaithe, troill, ainspridí is seansálaithe. Tá éascaíocht an chnaipe millte ag ainmhianta an bheagáin.
Inbhuanaitheacht aithne mhór na haoise agus dualgas morálta is sóisialta orm cloí léi i mo chodladh agus i mo dhúiseacht. An domhan agus a bhfuil ag fás ann á loscadh agus mise is léir is cionsiocair leis.
Mise á rá leat nach raibh scrúdú coinsiasa is anama na n-eaglaisí leath chomh géar. Ná déan ceannacht. Ná déan dia den tomhaltas. Ná déan marú ar ainmhí is ná hith creach duine eile. Ná santaigh carr ná sciuirdeanna thar sáile do chomharsan. Ná tiomáin san áit a bhféadfá siúl. Ná ceannaigh bia a rinne taisteal. Ná, ná, ná…nach aoibhinn Dia don seilmide!
Céard sin? Port dóchais agus misnigh ag diúgaire glic eile, cuach aoibhinn an altramais.
‘Gach neach dá bhfeiceann cruth an éin…dóibh is aoibhinn bheith dá lua.’
Antóin
Ná déan ceannach, ná tiomáin, ná déan dia den tomhaltas, ná santaigh carr ná sciuirdeanna thar sáile do chomharsan ná..ná..ná srl. Ach cé uaidh a bhfuil na haithneanta nua seo ag teacht?
Ónár gcuid tiarnaí feodacha nua in Davos ar ndóigh, lena gcuid scairdeitleán príobháideach ola-chraosach agus lena gcuid aipeanna chun lorg carbóin na cosmhuintire a mheas.
Buíochas le Dia nach féidir Dia ná Maois a lochtú an iarraidh seo.