Chuadar in éadan a chéile ar shráid Charna de bharr ocrais agus imní

Chualathas ag Comhdháil i gConamara scéalta cráite ó aimsir an ghorta in 1883

Chuadar in éadan a chéile ar shráid Charna de bharr ocrais agus imní

Rosemary Geraghty, Rita O'Donoghue, Peter Moore agus Geraldine Mills ag an gcomhdháil i gCarna. Pictiúr: Sean Lydon

Ba dheacair scéal cráite na staire a shamhlú in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna i gConamara an deireadh seachtaine seo caite.

Moltar an tIonad seo as an leagan amach agus an compord atá ann agus rinne na tógálaithe obair mhaith. Comhairle Chontae na Gaillimhe a d’eagraigh Comhdháil ansin i gcomhar le grúpaí oidhreachta i gConamara. Bhí fíon, flaithiúlacht, fáilte agus teolaíocht ann.

Ach bhí na scéalta a bhí ag na staraithe ó aimsir na 1880idí dorcha agus duairc, scéalta a tharla ar leic an dorais againn.

Ar an 27 Feabhra 1883 chruinnigh ionann agus 400 duine thart ar theach lóistín a bhíodh san áit a bhfuil teach tábhairne Tí Mheaic i gCarna anois.

Bhíodar tagtha ag cruinniú a bhí eagraithe ag fear darbh ainm James Hack Tuke. Bhí seisean agus a chomrádaithe sa gcumann carthanachta sásta paisinéireacht in aisce a chur ar fáil do dhaoine a bhí ag iarraidh a dhul ar an imirce go Ceanada nó go Meiriceá. Bhí coinníollacha ag baint leis an scéim: chaithfeadh an teaghlach uilig a bheith ag imeacht agus níor mhór go mbeadh cumas labhartha Béarla ag duine amháin acu, ar a laghad.

Bhí an oiread anó agus cruatain ar dhaoine gur tharla achrann sa slua an lá sin i gCarna. B’éigean fios a chur ar na póilíní le foighid a chur iontu.

Roxanne agus Michael Carlson agus Terry Fitzgerald ag an gcomhdháil faoi James Tuke i gCarna. Pictiúr: Sean Lydon

Tuairim is a ceathair nó a cúig de chéadta méadar soir ó Ionad na nImirceach i gCarna atá an áit a raibh an slua feannta sin cruinnithe an lá úd. I dtéarmaí na staire, is fánach an t-achar ó shin é. Go deimhin ba sna deich mbliana sin idir 1880 agus 1890 a saolaíodh seanaithreacha agus seanmháithreacha chuid de na daoine a bhí in Ionad na nImirceach ag an deireadh seachtaine ag éisteacht leis an gcuntas sin.

Bhí an fhulaingt agus an cruatan uafásach sin i bpobal in iarthar Chonamara an-ghar dúinn uilig, ar chuile bhealach.

An staraí, an Dr Gerard Moran, a thug an t-eolas sin agus é ag labhairt faoi obair fhóirithinte agus charthanachta James Hack Tuke i gConamara agus in iarthar Mhaigh Eo.

Dúirt an Dr Gerard Moran nárbh aon eisceacht é cruinniú Charna i mí Feabhra 1883. Bhí daoine chomh himníoch céanna agus i gcruachás chomh mór céanna ag cruinnithe in áiteacha eile; An Cloigeann, an Clochán, Cloch na Rón agus an Mám. Bealach a fháil amach as Conamara ar chaoi éicint a bhíodar a iarraidh, a deir Moran.

Loic na fataí in 1879 agus d’fhág sin go raibh an cruachás go han-dona i gConamara agus in iarthar Mhaigh Eo sna blianta ina dhiaidh sin.

Mhínigh an Dr Moran go raibh daoine siar le cósta an Atlantaigh ag brath beagnach chomh mór céanna ar na fataí an uair sin agus a bhíodar le linn an Ghorta Mhóir sna 1840idí. Dar leis, murach gur oibrigh cumainn charthanachta chomh maith sin sna 1880idí go mbeadh an scéal i bhfad níos measa ar imeall an Atlantaigh. Bhí James Hack Tuke ar an duine ba mhó a bhí gníomhach sna hiarrachtaí fóirithinte sin fiú agus go raibh milleán air scaití faoi bheith ag tabhairt ugach do dhaoine an tír a thréigean. Bhí cúiseanna chomh héagsúil le billí a bhí amuigh ar lucht siopaí (ceapadh dá n-imeodh daoine a raibh airgead le n-íoc acu nach nglanfaí na fiacha sna siopaí go brách), imní ar an gcléir go gcaillfeadh daoine an creideamh Caitliceach agus tuairim ag polaiteoirí ar nós Parnell go raibh easpa tírghrá ag baint leis an imirce.

Marie Mannion, an comhairleoir contae Eileen Mannion agus Maeve Joyce in Ionad na nImirceach i gCarna

Ach in uair na práinne, bhí Tuke den bharúil gur imeacht an t-aon bhealach éalaithe a bhí ag cuid mhór daoine ón gcruatan uafásach ar imeall thiar na hÉireann. Ar ndóigh, tháinig géarchéim seo na 1880idí agus gan ann ach go raibh an anáil ar ais ag an bpobal tar éis an Ghorta Mhóir (1845-1849).

Go deimhin féin, níl muid ach ag teacht ó shlad sin an Ghorta Mhóir anois féin, a deir an tOllamh Christine Kinealy as Ollscoil Quinnipiac in Connecticut, an té a d’oscail an chomhdháil seo i gCarna agus a spreag bunú Institiúid an Ghorta Mhóir san ollscoil thall. Mhínigh sise go dtógann sé cúig ghlúin sula dtagann daoine slán ar fad ó lorg gorta, idir chúinsí intinne agus colainne. Tá an teoiric sin bunaithe ar staidéar fadaimseartha géineolaíochta, a deir Kinealy. D’fhágfadh sin gurb iad glúin óg na tíre seo faoi láthair an chéad ghlúin atá tagtha slán ó mharach agus lorg an Ghorta Mhóir.

Comhdháil ardchaighdeáin a bhí i gCarna ag a raibh eolas agus tuiscint le fáil ar thréimhse uafásach i stair Chonamara. Ach ba chomhdháil í a bhí trom ar an gcroí.

Bí cinnte de go raibh daoine muinteartha le cuimse againn i measc an tslua sin ar shráid Charna a bhí ar mire leis an éadóchas agus an imní ar an 27 Feabhra 1883, ceithre ghlúin ó shin.

Fág freagra ar 'Chuadar in éadan a chéile ar shráid Charna de bharr ocrais agus imní'