Chrochfadh sí an sagart den altóir le bréaga

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Chrochfadh sí an sagart den altóir le bréaga

Chrochfadh sí an sagart den altóir le bréaga. Bréagadóir maith í.

D’fhéadfá a rá freisin go gcuirfeadh duine dath dubh ar an mbán le bréaga.

Sea nó go n-inseodh sé an oiread bréaga is a dhéanfadh mada de shodar.

Nó aríst eile d’fhéadfá a rá go gcuirfeadh sé bréag ar na naoimh.

Béal na bréige a thugtar ar an mbréagadóir.

Tugann daoine fianaise bhréige i gcúirt.

Is ionann moladh bréige agus moladh mí-ionraic.

Focal eile ar bhréag is ea éitheach.

Seo cúpla focal eile fós ar bhréag mhór: fadhbóg, pait, gailleog.

Cuirtear airgead bréige thart scaití. Tá planda ann ar a dtugtar cróch bréige Is minic a chuirtear bréag ar dhuine.

Is fíor sin gan bhréag, gan áibhéil—gan amhras. Níl smid bhréige sa méid sin.

Tá ainmhithe ann a ligean bás bréige orthu féin.

Sileann cuid de na daoine deora bréige.

Fear bréige a chuirtí i bpáirc arbhair leis na préacháin a dhíbirt. Taibhse préachán ainm eile air.

Fág freagra ar 'Chrochfadh sí an sagart den altóir le bréaga'

  • Sinead

    Píósa iontach GRMMA