‘Christmas’ féin an focal is mó cuardach an mhí seo ar shuíomh foclóir.ie

Ar bharr liosta na bhfocal is mó cuardach ar foclóir.ie an mhí seo, tá ‘Christmas’ féin (an Nollaig), ‘elf’ (síofra), ‘Santa Claus’ (Daidí na Nollag), ‘reindeer’ (réinfhia) agus ‘Christmas Tree’ (crann Nollag)

‘Christmas’ féin an focal is mó cuardach an mhí seo ar shuíomh foclóir.ie

Is é ‘Christmas’ féin an focal is mó cuardach an mhí seo ar shuíomh an Fhoclóra Nua Béarla-Ghaeilge, foclóir.ie, de réir staitisticí atá curtha ar fáil ag foireann an fhoclóra i bhForas na Gaeilge do Tuairisc.ie.

Foilsíodh inné liosta na bhfocal is mó a cuardaíodh ar an suíomh le bliain anuas ach tá athruithe Nollaigiúla ar an liosta sin sna trí seachtaine ó thús mhí na Nollag.

Ar bharr an liosta bhí ‘Christmas’ féin (an Nollaig), chomh maith le ‘elf’ (síofra), ‘Santa Claus’ (Daidí na Nollag), ‘reindeer’ (réinfhia) agus ‘Christmas Tree’ (crann Nollag).

Chomh maith leis na téarmaí féiltiúla sin bhí gnáthbheannachtaí na féile ‘Happy Christmas’ (Nollaig Shona) agus ‘Merry Christmas’ (Nollaig mhór mhaith duit) chomh maith le ‘holly’ (cuileann).

Dúirt lucht fhoclóir Fhoras n Gaeilge le Tuairisc.ie nach mbíonn na focail sin á gcuardach go rialta ar an suíomh ach go dtagann rabharta mór cuardaigh mí na Nollag do théarmaí a bhaineann leis an bhféile.

D’fhéadfadh cúpla cúis a bheith leis sin ar ndóigh, daltaí scoile ag iarraidh aistí faoin Nollaig a scríobh mar obair bhaile nó obair scoile, daoine ar bheagán Gaeilge ar mhaith leo cártaí Nollag nó maisiúcháin Nollag a dhéanamh, agus comhlachtaí atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid ina gcuid margaíochta Nollag. D’fhéadfadh sé freisin, ar ndóigh, go mbíonn roinnt cainteoirí maithe Gaeilge idir dhá chomhairle faoi cén uair is ceart ‘Nollaig’ agus ‘Nollag’ a scríobh.

Ar na focail eile is mó a cuardaíodh an mhí seo tá ‘shooting star’ (réalta reatha), ‘star’ (réalta), ‘surprise’ (iontas), ‘friend’ (cara), ‘decoration’ (maisiúchán), ‘family’ (teaghlach) agus ‘present’ (bronntanas).

Happy Christmas!

Nollaig Shona!

Nollaig mhór mhaith duit!

Nollaig faoi shéan agus faoi mhaise duit!

Fág freagra ar '‘Christmas’ féin an focal is mó cuardach an mhí seo ar shuíomh foclóir.ie'