Chomhairligh státseirbhíseach sinsireach i Roinn na Gaeltachta d’Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, a bheith feasach ar shocruithe polaitíochta agus baill á gceapadh aige ar bhord Údarás na Gaeltachta.
De réir cáipéisí a fuair Nuacht TG4 faoin Acht Um Shaoráil faisnéise, cuireadh an chomhairle sin ar an Aire Stáit le linn próiseas neamhspleách oscailte a bheith á reachtáil ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí chun daoine a fháil do bhord nua an Úadráis. Bhí an tAire Stáit McHugh i ndiaidh cinneadh a dhéanamh gur trí phróiseas poiblí a cheapfaí daoine don bhord.
Ba é an 9 Samhain an spriocdháta le hiarratas a dhéanamh chuig PAS don seacht bhfolúntas ar an mbord (an Cathaoirleach ina measc) agus tuigtear do Tuairisc.ie go ndearna 42 duine iarratas ar bheith ina gcomhaltaí.
Cuireadh 22 duine de na hiarratasóirí sin ar ghearrliosta de dhaoine a measadh a bheadh feiliúnach le bheith ina gcomhaltaí ar Bhord an Údaráis agus bhí ceathrar díobh sin áirithe mar dhaoine a bheadh oiriúnach do Chathaoirleacht an bhoird.
Nuair a cuireadh an gearrliosta faoi bhráid an Aire Stáit ar an 21 Nollaig, mhol Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, an Dr Aodhán Mac Cormaic don Aire Stáit McHugh, a sheiceáil le Roinn an Taoisigh ar cheart go gcuirfí socruithe polaitíochta san áireamh agus na comhaltaí á roghnú aige.
Sa ríomhphost a sheol an státseirbhíseach is sinsearaí sa Stát atá ag plé go buan le cúrsaí Gaeilge chuig an Aire Stáit, tharraing sé aird ar an ‘gComhaontú Muiníne agus Soláthair’ faoina bhfeidhmíonn an rialtas mionlaigh le tacaíocht Fhianna Fáil.
“B’fhiú duit seiceáil le Roinn an Taoisigh an gcaithfidh tú moltaí a fháil ó Fhianna Fáil mar gheall ar an ‘Confidence and Supply Agreement’ nó ó na Teachtaí neamhspleácha mar gheall ar a dtacaíocht don Rialtas,” a dúirt Mac Cormaic sa ríomphost a seoladh chuig an Aire Stáit.
Faoi Acht na Gaeltachta 2012, laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Faoin Acht, ceapann Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, ar bhord an Údaráis agus ainmníonn na comhairlí contae, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse, cúigear comhaltaí.
Bhain conspóid mhór leis an reachtaíocht sin in 2012 a chuir deireadh leis na toghcháin a bhíodh ann do Bhord an Údaráis
agus daoine den tuairim gur chreimeadh ar an bpróiseas daonlathach a bhí ann, ach mhaígh an rialtas ag an am gur bord neamhspleách, saor ó thionchar polaitíochta a bheadh ann feasta.
Tugtar cuireadh anois do dhaoine a bheadh ag iarraidh a bheith ina gcomhaltaí boird iarratas a dhéanamh chun an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (nó PAS).
Seoladh an ríomhphost go dtí an Aire Stáit tráth a raibh na hiarratais a rinneadh trí phróiseas neamhspleách á meas ag an Roinn. Bhí sé ráite cheana ag an Aire Stáit le feidhmeannaigh na Roinne go b’fhearr leis go gceapfaí comhaltaí trí chomórtas poiblí. Ní fios an ndeachaigh an tAire Stáit McHugh i gcomhairle le Fianna Fáil nó leis na teachtaí neamhspleácha sular ceapadh an bord nua. Níor éirigh le Nuacht TG4 aon fhreagra a fháil ó Roinn na Gaeltachta ar shraith ceisteanna i dtaobh an scéil seo a chuir siad faoina mbráid inniu.
I meamram a sheol an Dr Mac Cormaic chuig an Aire Stáit McHugh i mí Iúil, tugadh le fios don Aire Stáit go raibh ceithre rogha aige i leith an tseachtair comhaltaí a bhí le ceapadh ar an mbord:
1. Léirithe spéise, trí phróiseas na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, a lorg ó dhaoine a mbeadh suim acu a bheith ar an mbord, an Cathaoirleach san áireamh. Dhéanfaí measúnú ar na hiarratais seo agus chuirfí moltaí faoi bhráid Aire na Gaeltachta ina dhiaidh sin.
2. An seachtar comhaltaí a bhí ar an mbord deireanach, an Cathaoirleach san áireamh, a athcheapadh ar feadh téarma eile gan dul trí chomórtas oscailte.
3. An Cathaoirleach agus roinnt comhaltaí eile a athcheapadh ar feadh téarma eile gan dul trí phróiseas na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí. Sa chás sin, bheadh iarratais fós á lorg do na folúntais eile ar an mbord.
4. An Cathaoirleach amháin a athcheapadh ar feadh téarma eile ach an seisear eile a roghnú trí chomórtas oscailte.
Thug an tAire Stáit McHugh le fios gurbh é a rogha ná go gceapfaí na comhaltaí trí phróiseas na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, is é sin go lorgófaí léirithe spéise ón bpobal i dtaobh na bhfolúntas.
Nuair a fograíodh Bord nua an Údaráis i mí Eanáir, bhí seachtar a bhí ar an mbord roimhe sin ar an mbord nua, an Cathaoirleach ina measc.
Fág freagra ar 'Chomhairligh Roinn na Gaeltachta do McHugh socruithe polaitíochta a chur san áireamh agus Bord an Údaráis á cheapadh'