Tá ráiteas eisithe ag Frances Fitzgerald faoina cinneadh éirí as mar Thánaiste i bhfianaise na conspóide is déanaí faoin sceithire Maurice McCabe.
“Rinne mé an cinneadh inniu a chur in iúl don Taoiseach go raibh mé ag éirí as lom díreach mar Thánaiste agus mar Aire Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta. Ba í móronóir mo shaoil í a bheith i Rialtas, ach creidim gur gá an cinneadh seo a dhéanamh chun go seachnófaí olltoghchán nach mbeadh aon fháilte roimhe agus a d’fhéadfadh cur as don tír ag am cinniúnach i stair na tíre.
“I gcaitheamh mo shaoil oibre ar fad, rinne mé mo dhícheall i gcónaí gníomhú go hionraic agus go freagrach, agus sin é an fáth go bhfuil cinneadh déanta agam anois tús áite a thabhairt don leas náisiúnta seachas do mo cháil féin.
Chreid mé riamh i gcothrom na Féinne agus sa chomhionannas agus ba iad na prionsabail sin a threoraigh mé mar Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, mar Aire Dlí agus Cirt agus go deireanach mar Aire Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta,” a dúirt Frances Fitzgerald sa ráiteas a d’eisigh sí tráthnóna.
Ghabh sí buíochas leis an Taoiseach as a “dea-cháil a chosaint”.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Taoiseach as mo dhea-cháil a chosaint leis an misneach agus an diongbháilteacht chéanna a léirigh sé trí bliana ó shin nuair a sheas sé suas chun cáil Maurice McCabe a chosaint. Is é tréith is mó a thuilleann mo mheas ar an Taoiseach ná go gcreideann sé gur chóir an ceart a dhéanamh i gcónaí – seachas an rud a dhéanfadh leas dó go polaitiúil nó i measc an phobail.
Dúirt Fitzgerald go gcosnódh sí a dea-cháil ag binse fiosrúcháin Charleton san athbhliain agus go gcruthódh sí go raibh an ceart aici. Dúirt sí áfach go raibh sí ag éirí as anois ionas nach mbeadh an chonspóid faoina ról i gcás an sceithire Maurice McCabe ag cur as níos mó d’obair an Rialtais. without causing any further distraction to the work of the Government.
Dúirt sí nach ndearna sí aon rud míchuí sa tslí ar dhéileáil sí leis an eolas a cuireadh ar fáil di faoi straitéis dlí iarchoimisinéir an Gharda Síochána i gcoinne Maurice McCabe agus mhaígh sí go ndearna sí gach ab fhéidir léi chun tacú le “tóraíocht na fírinne agus chun sceithirí a chosaint.
Ghabh sí buíochas le gach duine a bhí ag obair ina teannta agus a thacaicgh léi in imeacht na mblianta agus dúirt sí go raibh sí ag súil le lenúint uirthi ag freastal ar mhuintir Bhaile Átha Cliath Thiar Meán.
Dúirt an Tánaiste lena comhghleacaithe rialtais ar maidin go raibh fúithi éirí as dá deoin féin chun toghchán tobann a sheachaint agus ghlac an Taoiseach Leo Varadkar lena cinneadh. Chuir an Taoiseach an méid sin in iúl do cheannaire Fhianna Fáil Micheál Martin i ndiaidh chruinniú an rialtais.
Bhí vóta mímhuiníne le bheith ann sa Dáil anocht faoi ról an Tánaiste sa chonspóid is déanaí faoi chás an sceithire Maurice McCabe agus is cosúil gur ghéill Fitzgerald don bhrú a chuir a comhghleacaithe rialtais, i bhFine Gael agus i gcomhghuaillíocht na neamhspleách, uirthi seasamh ar leataobh roimhe sin.
Thug an Tánaiste féin le fios aréir nach raibh sé i gceist aici éirí as agus sheas an Taoiseach Leo Varadkar léi, ach tháinig cor mór sa chonspóid tráthnóna inné nuair a chuir an Roinn Dlí agus Cirt tuilleadh cáipéisí ar fáil a léirigh go bhfuair an Tánaiste trí ríomhphost ar fad á cur ar an eolas faoin straitéis dlí a bhí beartaithe ag iarchoimisinéir an Gharda Síochána Nóirín O’Sullivan in aghaidh McCabe.
Sheas a comh-airí leis an Tánaiste sular cuireadh amach an t-eolas breise sin, ach thráigh an tacaíocht sin ó shin.
Meastar anois go bhfuil dochar mór déanta ag an gconspóid don Rialtas agus d’fhéadfadh go bhfuil dochar mór déanta aici chomh maith don Taoiseach agus dá sheasamh ina pháirtí féin. Ar an taobh eile den scéal, meastar gur chun leasa a rachaidh an scéal d’Fhianna Fáil agus do Mhicheál Martin.
De réir an eolais nua a tháinig chun solais tráthnóna inné, rinne an Roinn Dlí agus Cirt teagmháil le Frances Fitzgerald trí huaire le linn shamhradh na bliana 2015 faoin straitéis dlí i gcoinne McCabe – ar an 15 Bealtaine agus an 4 Iúil.
Sheol Rúnaí Príobháideach Frances Fitzgerald ríomhphost ar an 25 Bealtaine 2015 inar tugadh le fios go raibh an t-eolas i ríomhphost an 15 Bealtaine “nótáilte” ag an aire.
Bhain an dá ríomhphost a seoladh ar an 4 Iúil 2015 le fiosrúcháin ó na meáin faoi straitéis “ionsaitheach” a bheith á húsáid ag an iarchoimisinéir i gcoinne Maurice McCabe agus le conas ab fhearr don aire déileáil lena leithéid d’fhiosrúcháin.
Dúirt an Taoiseach sa Dáil tráthnóna nach raibh a fhios aige cén fáth nár cuireadh na ríomhphoist chonspóideacha eile ar fáil do bhinse fiosrúcháin Charleton agus gurb í sin an chúis go bhfuil fiosrúchán neamhspleách á chur ar bun aige. Dúirt sé go ndéanfaí athchóiriú ó bhonn ar an Roinn Dlí agus Cirt.
seamus
Cuireann an ghalamaisíocht sin fiúnach orm. ‘Leas na tíre’… mo thóin! Dímheas, dearcadh uasal le híseal, mímhacántacht agus ‘méféineachas’ a bhí sa treis anseo ó thús. Bhfuil LV chomh saonta simplí sin nó an ag iarraidh dallamullóg a chur orainn a bhí sé? Bhí fhios aige go maith ‘go bhfaigheadh sé fén bpoll é’ dá mbeadh toghchán ann. Nó an raibh fhiosa? Táim féin den tuairim gur ‘Enda’ eile atá anseo againn ach é bheith níos ceanndáine agus níos baoithe fós. Chuir FFitz cluain air agus rinne ‘madán os comhair an tsaoil de. Ba cheart dó bheith ag breith chuige féin anois agus a chuid cainte a thomhas go maith. Ach ní dócha go ndéanfaidh mar tá an tsuimiúlacht go tréan ann.