Charlie McConalogue as Dún na nGall ainmnithe mar Aire Talmhaíochta

Beidh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil ar an tríú aire talmhaíochta le cúpla mí anuas

Charlie McConalogue as Dún na nGall ainmnithe mar Aire Talmhaíochta

Charlie McConalogue Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

An Teachta Dála as Dún na nGall Charlie McConalogue atá roghnaithe mar an tAire Talmhaíochta nua.

Ainmníodh sa Dáil tráthnóna é.

Tá an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil ar an tríú duine chun an post sin a fháil le cúpla mí anuas.

James Browne, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil as Loch Garman, a thiocfaidh in áit McConalogue mar aire stáit sa Roinn Dlí agus Cirt.

Tá cúlra feirmeoireachta ag McConalogue arb as Gleann Daoile i nDún na nGall dó agus atá ina Theachta Dála ó 2011.

Tá an folúntas ann ó d’éirigh Dara Calleary as a phost mar aire talmhaíochta an mhí seo caite mar gheall gur fhreastail sé ar an dinnéar conspóideach a bhí ag Chumann Gailf Thithe an Oireachtais sa Chlochán sa Ghaillimh.

Ní raibh caite aige ach 37 lá sa phost. I mí Iúil d’éirigh Barry Cowen as an aireacht tar éis 17 lá mar gheall ar chonspóid a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil.

Tá an Dáil ina suí arís tráthnóna i ndiaidh shos an tsamhraidh. Táthar ag filleadh ar Theach Laighean coicís níos luaithe ná mar a bhí beartaithe. I ndiaidh cheisteanna na gceannairí tráthnóna beidh díospóireacht ann faoi reachtaíocht nua atá á tabhairt isteach chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sa tsláinte phoiblí.

Tá ráite ag an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee go bhfuil faoin reachtaíocht nua cumhachtaí breise a thabhairt do na gardaí a cheadódh dóibh teach tábhairne a dhúnadh ar feadh míosa sa chás go ndiúltódh an tábhairneoir cloí leis na rialacha maidir leis an tsláinte phoiblí.

Réiteodh an reachtaíocht nua an bealach d’athoscailt na dtithe tábhairne nach mbíonn bia ar fáil iontu, a dúirt an tAire Dlí agus Cirt.

Agus tús á chur aige le himeachtaí na Dála inniu thagair an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl don chonspóid a bhain leis an dinnéar a reáchtáil Cumann Gailf Thithe an Oireachtais sa Chlochán an mhí seo caite.

“Deargamaidí an tslua…seachrán sotail… nó an dá rud” ba chúis leis an gconspóid faoi Chumann Gailf Thithe an Oireachtais, a deir an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl sa Dáil. Ní cumann oifigiúil de chuid Thithe an Oireachtais an cumann gailf, ar sé, agus dúirt sé gur chóir deireadh a chur leis.

Fág freagra ar 'Charlie McConalogue as Dún na nGall ainmnithe mar Aire Talmhaíochta'