Chaithfinn an chuid eile de mo shaol d’uireasa lintilí, ach tá siad anseo sa leabhar oidis

Má tá an focal ‘simplí,’ nó ‘sciobtha’ sa teideal, seans maith go bhfuil an leabhar  cócaireachta sin ag ár gcolúnaí

Chaithfinn an chuid eile de mo shaol d’uireasa lintilí, ach tá siad anseo sa leabhar oidis

‘Tá mé ag dul ag an siopa, an bhfuil aon rud ag teastáil?’ a d’fhiafraigh Fear an Tí díom agus é ag crochadh leis a chóta is a chuid eochracha

‘Umm,’ a deir mé agus bhreathnaigh mé aníos ón leabhar cócaireachta a bhí á léamh agam. ‘Bhí mé leath ag cuimhneamh ar phota mór sillí a dhéanamh…’ 

Thart ar bhliain ó shin a thosaigh mé ag ceannacht leabhar cócaireachta. Thosaigh mé ag cuimhneamh go gcaithfeadh go bhfuil bealach níos éasca ann le dinnéir a dhéanamh, seachas a bheith ag cócaireacht gach tráthnóna agus ag caitheamh leath an tráthnóna ag níocháin soithí. 

Má tá an focal ‘simplí,’ nó ‘sciobtha’ sa teideal, seans maith go bhfuil an leabhar  sactha isteach sa mbearna idir an bosca aráin agus an tóstaire.

Tá sé faighte amach agam gur cuma cén gheallúint atá déanta i dteideal an leabhair, ní bheidh aon cheann de na hoidis istigh sciobtha, ná simplí ach an oiread.

Fós, leanaim orm den tóraíocht agus nuair a fheicim leabhar nua agus gealladh fúithi, creidim arís.

Creidim. 

Tá an iomarca ann,’ a dúirt mé le Fear an Tí an lá cheana.

‘Ní fhéadfadh mé a iarraidh ort iad seo uilig a fháil.’ 

Níl aon tagairt do phota mór sillí i móideanna an phósta, is ní raibh mé ag iarraidh dul thar fóir leis an scéal. 

‘Abair liom céard atá tú a iarraidh,’ a dúirt sé, ‘agus gheobhaidh mé é.’ Cé a deir go bhfuil deireadh leis an rómánsaíocht i saol an lae inniu? 

Ní raibh aon dul as. Bhreathnaigh mé ar ais ar an leabhar agus ar an liosta comhábhar.

‘Emm, má tá tú cinnte…tá pónairí dubha ag teastáil,’ a dúirt mé.

‘Fadhb ar bith,’ a deir sé, agus d’airigh mé mearbhall ag teacht orm is thosaigh an scríobh ar an leathanach ag snámh anonn is anall os mo chomhair agus mé ag iarraidh é a léamh. 

‘Agus pónairí duánacha.’ 

‘Togha,’ a deir sé. ‘An bhfuil aon rud eile ag teastáil?’ 

‘Níl, ach amháin lintilí, ceanna dearga agus glasa…’.

‘Ok,’ a deir sé, agus beireann sé ar lámh an dorais. 

‘Ó, agus roinnt spíosraí,’ a deir mé agus fios agam go raibh mé imithe thar fóir. 

‘Tabhair dom an liosta,’ a deir sé gan aon mhairg air. 

Bhí a fhios agam go mbeadh orm an pota mór sillí a dhéanamh anois.

Bhreathnaigh mé ar ais ar an oideas, bhí díol do dheichniúr ann. Cén chaoi a n-íosfadh muid an méid sin sillí? 

Chuimhnigh mé nach dtaitníonn sillí liom, dháiríre, agus go bhféadfainn an chuid eile de mo shaol a chaitheamh go sásta d’uireasa pónairí ná lintilí.

Ní raibh aon dul as. Bhí mé sáite ródhomhain sa scéal.

‘Má tá tú cinnte?’ a deirim.

B’fhéidir le Dia go mbeadh éalú éicínt anseo. 

‘Coinnigh ort,’ a deir sé. 

‘Ok, um, tá noitmig ag teastáil… agus cainéal,’ 

‘Togha,’ a deir sé.

‘Togha?’ a deirim.

‘An b’shin é?’ 

‘Em, beagnach,’ a deir mé, ‘tá cuimín ag teastáil freisin, agus lus an choire, ó, agus oragán agus sin é mórán, seachas paipríce deataithe…agus sillí.’

Fág freagra ar 'Chaithfinn an chuid eile de mo shaol d’uireasa lintilí, ach tá siad anseo sa leabhar oidis'

  • Ocras éigin orm

    Abair linn cén lá agus cén t-am a Bhridget agus tiocfaidh léirtheoirí Thuairisc chugat i gcomhair blaiseadh den bhéile blasta. Ná spárail na lintilí sin, is breá linn iad.

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Sea, is dóigh liom gur maith an ceacht é seo! Ach bhíos riamh buartha faoi “oideas”… cad is ciall don ainm “Oideas Gael”! :-)

  • Alana

    Tuigim do fhadhb. Le déanaí, táim ag iarraidh oidis vegan a dhéanamh. A lán lintilí agus spíosraí. Teastaíonn a lán ama uaim chun na béilí a dhéanamh ach tá siad an-bhlasta.