Chaithfeadh go mbeadh gá le carr ag dream ón Úcráin in áit éigin thíos faoin tír

Nuair a shocraigh Eithne gan a carr a dhíol ach é a thabhairt ar láimh do theaghlach as an Úcráin chuir a chineáltas cor beag sa chinniúint

Chaithfeadh go mbeadh gá le carr ag dream ón Úcráin in áit éigin thíos faoin tír

Mo chara, Eithne a dhéanann obair dheonach do ‘Blood Bikes East,’ a d’inis scéal an chairr dom. Agus bhí níos mó ná casadh amháin sa scéal.

Scríobh mé fúithi anseo tamall ó shin – táimid beirt sa chlub bád dragan. Altra a bhí inti in ospidéal mór i mBaile Átha Cliath agus níl sí i bhfad éirithe as an obair lánaimseartha. Le gairid thosaigh sí ag cuimhneamh ar an gcarr atá aici le roinnt blianta a athrú agus ceann eile a cheannach. B’fhéidir nach ceann nua as an bpíosa a bheadh ann, ach ceann maith athláimhe.

Bhí sí an-cheanúil ar a cairrín beag féin – b’iomaí turas gan choinne a rinne sí inti, le buidéil fola, nó tástálacha práinne a bhí le tabhairt ag an ospidéal. Théadh sí ar na turais sin go minic don charthanacht Blood Bikes East, atá lonnaithe in oirthear na tíre. (Ar ndóigh dá mba thuras an-fhada a bhí ann, bhí carranna ag an gcarthanacht iad féin.)

Bhí an scéal cloiste aici go raibh luach na seancharranna ardaithe go maith agus go mb’fhéidir gurbh fhiú cúpla euro maith a cairrín féin, a bhí coinnithe go maith aici. Agus cuireadh luach air a bhí an-sásúil, mheas sí.

Ansin, bhuail an smaoineamh í gur cheart di a carr féin a thabhairt ar láimh do charthanacht, nó do dhuine éigin nach mbeadh in acmhainn ceann a cheannach.

D’fhiosraigh sí an cás le Cumann na Croise Deirge – an mbeadh sí in ann an carr a bhronnadh ar chlann as an Úcráin in Éirinn?

Bhí siad le teacht ar ais chuici.

Níor tháinig.

D’fhiosraigh sí an scéal arís.

Ach arís ní bhfuair sí aon ghlaoch ar ais. Ansin tharla an tubaiste mhór sa Tuirc agus sa tSiria. Ba léir go raibh Cumann na Croise Deirge ar a mbionda ag déileáil leis sin.

Ach choinnigh sí uirthi – faoin am seo, bhí sí iomlán cinnte go mbeadh gá le carr ag dream ón Úcráin in áit éigin thíos faoin tír. Murab ionann agus go leor, thuigfeadh Eithne an tsaoirse a thugann carr duit agus tú áit éigin taobh amuigh den bhaile mór. Bhí sé fógartha ag an dream a ghlac leis na ‘tairiscintí’ ar thithe d’Úcránaigh, nach bhféadfaidís daoine a chur san áit nach raibh aon chóras taistil phoiblí. Agus dúradh go gcabhródh sé go mór dá mbeadh modh taistil ag na teifigh iad féin.

Lá amháin fuair sí glaoch. Bhí clann aimsithe ag an gCumann – agus bhí an lánúin ag iarraidh castáil léi.

Tháinig an fear agus a bhean go Baile Átha Cliath chun castáil le mo chara a bhí sásta gar chomh fial sin a dhéanamh dóibh. Agus – bhí fear an tí ag iarraidh an margadh ab fhearr a d’fhéadfadh sé a fháil ar árachas don charr- cé go raibh Cumann na Croise Deirge sásta é sin a íoc ar a shon. Chuir sé stró air féin margadh maith a fháil ó bhróicéir árachais sa mbaile mór gar dó.

Bhíothas tar éis a inseacht do mo chara gur in Inis, contae an Chláir a bhí an chlann ach níorbh ea – is in Inis Crabhann, i gContae Shligigh a bhíodar. Ní raibh Eithne róshásta an fear a ligean chun siúil leis an gcarr ar thuras chomh fada, nuair nach raibh mórán taithí aige ar thiomáint ar an taobh clé den bhóthar. Tháinig sí ar phlean.

Chuir sí glaoch ar chara léi. An mbeadh sise sásta tiomáint go contae Shligigh, a carr taobh thiar d’Eithne (agus an lánúin ón Úcráin) agus Eithne a thabhairt abhaile ina dhiaidh sin? Turas de thart ar 500 ciliméadar ar fad a bheadh ann.

Bheadh cinnte.

Bhuaileadar bóthar.

Nuair a leaindeáil siad in Inis Crabhann, chuir an teaghlach agus a gcuid cairde as an Úcráin na múrtha fáilte rompu agus roimh an gcarr ‘nua.’ Chuireadar bord mór sólaistí os a gcomhair agus bhí ceiliúradh acu ar fad.

‘Anois, beidh mé in ann dul amach ag obair,’ a d’fhógair fear an tí. Fuair Eithne amach go bhfuil cáilíocht agus taithí sa teicneolaíocht aige agus gur dochtúir ospidéil í a bhean chéile. D’inis sí d’Eithne go bhfuil sí i mbun cúrsa Béarla, chun gur féidir léi dul amach ag obair.

D’aimsigh Eithne cúrsa ar líne di faoi scáth an Choláiste Ríoga (an RCSI), cúrsa atá leagtha amach go speisialta i gcomhair dochtúirí as na Úcráin. An lá a dtug sí cuairt orthu i gcontae Shligigh, chas sí freisin ar a maicín óg agus ba léir go raibh sceitimíní air.

Cúpla lá tar éis di filleadh abhaile fuair sí litir sa bpost.

Pictiúr lámhdhéanta a bhí ann, a rinne an lead óg. Teach gleoite le go leor seomraí, spéir ghorm agus chuile shórt ag breathnú go hálainn. Bhí na focla ‘Peace’ agus ‘My Little Dream’ chomh maith le bratacha na hÚcráine agus na hÉireann.

Agus páirceáilte go deas néata taobh amuigh den teach, an cairrín beag gleoite as Baile Átha Cliath.

Ach bhí aguisín beag eile leis an scéal. Tamall beag ina dhiaidh sin arís, fuair sí litir eile agus rud éigin istigh ann. Bhí meall páipéir mórthimpeall air.

D’oscail sí é, agus céard a bhí ann ach fáinne gealltanais a seanmháthar. Bhí a fhios aici gur chaill sí é, nó go raibh sé gaibhte amú in áit éigin. Bhí an carr, fiú amháin, cuardaithe agus sciúrtha aici. Sin é a shíl sí.

Ach ghlan an bheirt as an Úcráin an carr arís áááagus d’aimsigh siad an fáinne faoin gcairpéad.

Níl sé ach tamall gairid ó fuair máthair Eithne bás agus bhíodar an-ghar dá chéile. Ba mhinic Eithne ag tabhairt aire di sna laethanta deireanacha. Bhí an fáinne aici mar chuimhneachán ar a seanmháthair agus ar a máthair féin.

Dá mbeadh an carr díolta aici, nó tugtha ar láimh gan aithne a chur ar na húinéirí nua, cá bhfios céard a bheadh tarlaithe don fháinne?

Mar a dúirt ár gcairde sa chlub bád dragan- ‘Bhí sé sa gcinniúint go dtarlódh sé.’

 

Fág freagra ar 'Chaithfeadh go mbeadh gá le carr ag dream ón Úcráin in áit éigin thíos faoin tír'