Chaith Foras na Gaeilge an t-airgead a tugadh dóibh anuraidh – Roinn na Gaeltachta

Tá fáilte curtha ag Foras na Gaeilge roimh shoiléiriú ó Roinn na Gaeltachta faoin gcaiteachas a rinne an eagraíocht thrasteorann anuraidh

Chaith Foras na Gaeilge an t-airgead a tugadh dóibh anuraidh – Roinn na Gaeltachta

Tá ráite ag Roinn na Gaeltachta gur chaith Foras na Gaeilge an t-airgead go léir a tugadh dóibh anuraidh.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo, de réir tuarascáil de chuid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, a foilsíodh an tseachtain seo caite, chaith an Foras Teanga – Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise –  €13.325 milliún den €14.028 milliún a cheadaigh Roinn na Gaeltachta dó sa bhuiséad.

Lean éiginnteacht mhór foilsiú an scéil sin Déardaoin na seachtaine seo caite agus níor éirigh leis na hiarrachtaí a rinne Tuairisc.ie agus meáin eile soiléiriú a fháil faoi cé mhéid den €703,000, a maíodh sa tuarascáil nár caitheadh, a bhain le Foras na Gaeilge.

Faoi dheireadh thug Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne le fios ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé hAoine seo caite gur bhain an t-airgead leis an eagraíocht Ghaeilge trasteorann.

Dúirt an tAire Stáit ar an stáisiún céanna Dé Máirt go raibh an méid sin mícheart.

Tá soiléiriú eisithe chomh maith ag Roinn na Gaeltachta i dtaobh an chaiteachais, soiléiriú a deir gur chaith Foras na Gaeilge an maoiniú “iomlán” a cuireadh ar fáil dóibh in 2018.

In 2018, chaith an dá ghníomhaireacht beagnach an leithdháileadh iomlán a bhí cheadaithe ag an CATT dóibh. Go bunúsach, chaith Foras na Gaeilge an leithdháileadh iomlán a bhí ar fáil dó in 2018. 

“Ba mhaith leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a shoiléiriú go raibh maoiniú teagmhasach breise curtha ar fáil i soláthar na Roinne le blianta beaga anuas sa chás gur theastaigh maoiniú chun brú a mhaolú. Is sa bhreis ar an leithdháileadh ceadaithe ag an CATT [An Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas] a bhí an maoiniú seo agus rinneadh é a imfhálú do thionscadail aonuaire, lena n-áirítear taispeántas a fhorbairt ag oifigí Ghníomhaireacht na hUltaise i Ráth Bhoth agus Bliain na Gaeilge 2018.

“Le linn 2018, ní raibh an oiread tóir ar an maoiniú breise neamhlárnach seo is a bhíothas ag súil leis agus, mar thoradh air sin, ní raibh iomlán an mhaoinithe a bhí luaite ar fáil don bhForas Teanga le tarraingt anuas. 

“Caitheadh aon mhaoiniú nár cuireadh i dtreo an Fhorais Teanga laistigh den Roinn ar thograí eile a bhain leis an nGaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileán.”

Thug an Roinn le fios do Tuairisc.ie nach raibh i gceist leis an sciar dá mbuiséad nár chaith Foras na Gaeilge anuraidh ach 1.5%. Den bhreis is €11 milliún a leag an Roinn amach dóibh mar bhuiséad ag tús 2018, níor chaith an eagraíocht teanga trasteorann €170,000.

Maidir leis an €700,000 eile, dúradh gur airgead éigeandála a bhí ann nach raibh fáil ag an bhForas air toisc nár tháinig aon chaiteachas neamhghnách i gceist.

Thug an Roinn le fios gur caitheadh €500,000 den airgead sin i réimse na n-oileán – ar chúrsaí seirbhísí aeir agus farantóireachta – agus gur cuireadh an €200,000 eile ar ais go dtí an státchiste.

Nuair a foilsíodh anseo ar dtús an scéal Déardaoin seo caite faoi chaiteachas an Fhorais Teanga ní raibh Roinn na Gaeltachta sásta a rá le Tuairisc.ie cé mhéid den €703,000 a bhí luaite i dtuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a bhain le Foras na Gaeilge agus cé mhéid de a bhain le Gníomhaireacht na hUltaise, an dá eagraíocht a dtugtar an Foras Teanga orthu.

Thug Foras na Gaeilge le fios do Tuairisc.ie nárbh eol dóibhsean ar bhain an t-airgead nár caitheadh leosan agus dúirt siad gur tharraing siad anuas an maoiniú a fuair siad.

An lá dár gcionn, Dé hAoine, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne ar Nuacht a hAon ar RTÉ RnaG nár chaith Foras na Gaeilge €700,000 den bhuiséad a ceadaíodh dóibh anuraidh, ráiteas atá tarraingthe siar anois ag Roinn na Gaeltachta thar ceann an Aire Stáit.

Tuigtear go raibh Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn i dteagmháil le hoifigigh shinsearacha i Roinn na Gaeltachta faoin scéal ina dhiaidh sin agus gur aontaíodh go gcuirfeadh an Roinn soiléiriú amach faoi chaiteachas an Fhorais in 2018.

D’fháiltigh Seán Ó Coinn roimh an soiléiriú ón Roinn.

“Fáiltímid roimh an soiléiriú ón Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta gur chaith Foras na Gaeilge an leithdháileadh iomlán a bhí ar fáil dúinn inár mbuiséad bonnlíne.

“Tá cúrsaí buiséid níos dúshlánaí ná riamh ó tharla gur laghdaigh buiséad Fhoras na Gaeilge gach bliain ó 2008 go 2016. In 2016 cé gur cuireadh stop leis na ciorruithe, níor tugadh ardú buiséid dúinn dár gclár deontais go fóill. Mar sin, cuirimid an-bhéim ar an tábhacht a bhaineann leis an soláthar atá curtha ar fáil dúinn a chaitheamh go héifeachtach ó bhliain go bliain,” a dúirt Seán Ó Coinn.

Fág freagra ar 'Chaith Foras na Gaeilge an t-airgead a tugadh dóibh anuraidh – Roinn na Gaeltachta'