Ól neart uisce agus fág an Gleneagle ar a laghad uair amháin gach lá

Sa tsraith seo, ceistítear roinnt daoine aitheanta faoina gceangal le hOireachtas na nGael. An geábh seo, is í Siún Ní Dhuinn atá linn

Ól neart uisce agus fág an Gleneagle ar a laghad uair amháin gach lá

Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

Gur chaill mé amach ar an oiread sin mar nach ndeachaigh mé ann go dtí go raibh mé i dtús m’fhichidí!

Céard é an rud is fearr faoin Oireachtas?

Comhluadar; téim abhaile gach bliain agus cé go mbím traochta, airím go bhfuil ceangal níos láidre idir mé agus mo chairde, sílim go mbraitheann an pobal ar fad mar sin.

Céard é an rud is measa faoin Oireachtas?

Nuair a bhíonn daoine ag caint faoin oíche a chaill tú…

An tOireachtas ag filleadh ar Chill Airne— smaoineamh maith?

Measaim é. Tá taithí ag foireann an Oireachtais ar an áit agus taithí ag an óstán orainne!

Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine atá ag freastal ar a chéad Oireachtas?

Súigh isteach gach a bhfuil timpeall ort – ceol, caint agus cairdeas.

Club na Féile nó Corn Uí Riada?

Club na Féile.

Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?

Deacair a rá, tá sé dúshlánach freastal ar na himeachtaí ar fad, cheal ama… ach ní dóigh liom go bhfuil aon leigheas air sin!

Céard is comhartha Oireachtas maith ann?

Cairde nua!

Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

Ól neart uisce agus fág an Gleneagle ar a laghad uair amháin gach lá!

Cérbh é an tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

Thaitin Corcaigh 2008 go mór liom, an bhliain ar bhain Ciarán Ó Con Cheanainn ach le fírinne, taitníonn gach aon cheann liom ar chúiseanna éagsúla.

Fág freagra ar 'Ól neart uisce agus fág an Gleneagle ar a laghad uair amháin gach lá'