Chabhródh bua sa tsraith go mór le Corcaigh

Tá an crú ag teacht ar an tairne agus an chéad chorn tábhachtach den bhliain le bronnadh i gceann seachtaine

Chabhródh bua sa tsraith go mór le Corcaigh

Bhuel tá deireadh déanta leis na cluichí grúpa sraithe agus na cluichí leathcheannais agus cluichí dícháilithe ar siúl an deireadh seachtaine seo. Tá mórán athruithe déanta ar leagan amach na sraithe iomána le deich mbliana anuas.

In 2012 bhí na sé fhoireann is fearr/láidre i roinn 1A agus an dara leathdhosaen ba láidre in 1B agus a gcluiche ceannais féin ag an dá roinn. Ansin in 2014 tugadh isteach cluiche dícháilithe inar imir an contae ag bun roinn 1B i gcoinne an chontae ar bharr roinn 2A. In 1A bhí cluiche dícháilithe freisin idir an dá chontae ag bun an tábla sa roinn sin. Mar aon leis sin bhí cluichí ceathrú ceannais d’fhoirne eile in 1A agus B.

Ansin in 2017 stopadh an cluiche idir na foirne ag bun 1B agus ag barr 2A de bharr cuid maith cáinte.

In 2019, de bharr athstruchtúrú sraithe eile do 2020, stopadh an cluiche dícháilithe ó 1A rud a bhain cuid maith den fhaobhar de chluichí sraithe na bliana sin.

Ansin in 200 le linn na paindéime, tugadh cead speisialta do na buaiteoirí in 1A agus 1B cluiche ceannais a imirt. Anuraidh agus Covid fós inár measc deineadh cinneadh nach mbeadh aon chluiche ceannais ann ach dá mbuailfeadh buaiteoirí A agus B le chéile (Gaillimh agus Cill Chainnigh) i gcluiche craoibhe, rud nár tharla, go mbeadh corn na sraithe mar dhuais bhreise ag an mbuaiteoir.

Ach seo againn 2022 agus leagan amach na bliana seo i bhfeidhm.

Inniu agus amárach imreofar an leagan is déanaí de na cluichí deireanacha den chomórtas. Tá an crú ag teacht ar an tairne agus an chéad chorn tábhachtach den bhliain le bronnadh i gceann seachtaine.

Anocht i bPáirc Uí Chaoimh imreofar an chéad chluiche leathcheannais i Roinn a hAon agus Cill Chainnigh ag imirt i gcoinne  Chorcaí.

Níl aon dabht ach go bhfuil na ceithre fhoireann atá fágtha dáiríre anois faoi chorn na sraithe a bhuachan. Is minic é ráite ag Brian Cody go mbíonn dúil aige i ngach comórtas a imríonn a fhoireann a bhuachan. Tabhair sracfhéachaint ar a bhfuil bainte amach aige mar bhainisteoir agus cífidh tú go soiléir gur fíor an méid sin.

Dhéanfadh sé an-mhaitheas do Chorcaigh corn (nó trí!) a bhuachan i mbliana agus tromluí chraobh na hÉireann 2021 a chur díobh.

Dar ndóigh beidh na foirne ag dul chun páirce agus leathshúil acu ar an gcomórtas craoibhe a bheidh ag tosú i gceann trí seachtaine. Tá buntáiste de shórt ag na Cait agus ag contaetha na hIarmhí agus Laoise sa chéad dá bhabhta craoibhe (mo leithscéal le muintir an dá chontae sin).

Caithfidh go bhfuil Cody sásta le dul chun cinn na foirne. Tá roinnt imreoirí nua ullamh don chraobhchomórtas, go háirithe Cian Kenny, David Blanchfield agus Mikey Butler. Agus dar ndóigh níor imir TJ Reid aon cluiche sraithe go dtí seo.

Bhí sraith shásúil ag Corcaigh agus tá siad ag feabhsú. Is mó a bheidh ar eolas againn fúthu tar éis na hoíche anocht.

Beidh an cluiche leathcheannais eile idir Loch Garman agus Port Láirge suimiúil freisin. Tá éacht déanta ag Darragh Egan ina chéad bhliain mar bhainisteoir ar na Carmannaigh.

Maidir le Port Láirge tá dintiúir láidre léirithe ag chuid maith des na himreoirí imeallacha atá úsáidte ag bainisteoir na nDéise Liam Cahill agus caithfidh go bhfuil sé sásta go leor go dtí seo.Dhéanfadh bua amárach an-mhaitheas don mhuinín sa dá champa.

Táim ag súil leis an dá cluiche ach é sin ráite, ceapaim gur comórtas leamh go leor a bhí ann go dtí an pointe seo agus a luaithe a bheidh sé críochnaithe is ea is fearr é.

Beidh an cluiche dícháilithe idir Uíbh Fhailí agus Aontroim ar siúl um thráthnóna freisin.

Fág freagra ar 'Chabhródh bua sa tsraith go mór le Corcaigh'