Cérbh iad na heachtraí ba chinniúnaí sna coimhlintí idir Tír Eoghain agus Ciarraí

Cúig huaire a d’imir Ciarraí agus Tír Eoghain a chéile sa chraobh. Seo iad na na heachtraí a d’fhág a lorg ar an gcoimhlint idir na foirne

All Ireland Senior Football Semi-Final Tyrone vs Kerry 24/8/2003 Tyrone's Phillip Jordan with Darragh O'Se of Kerry Mandatory Credit ©INPHO/Morgan Treacy
Phillip Jordan agus Darragh Ó Sé i 2003. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Cluiche Ceannais na hÉireann 1986 – Ciarraí 2-15 Tír Eoghain 1-10

(Cic Éirice @2:00)

Ba é an cluiche seo an chéad uair a cháiligh Tír Eoghain do chluiche ceannais na hÉireann agus bhí siad i gcoinne fhoireann ré órgana Ríochta. Bhí Ciarraí sa tóir ar a dtriú craobh as a chéile agus a seachtú craobh in imeacht naoi mbliana.

Bhí an t-ádh le Tír Eoghain nuair a chuir Jack O’Shea cic éirice amú sa dara nóiméad ach bhí na hUltaigh ar fheabhas don chuid eile den chéad leath, iad trí phointe chun cinn ag leath ama. Fuair Paudge Quinn cúl taobh istigh den chéad nóiméad den dara leath agus trí nóiméad ina dhiaidh, bhí deis ag Tír Eoghain dul naoi bpointe chun cinn nuair a bronnadh cic éirice orthu.

Chuaigh iarracht Kevin McCabe thar an trasnán agus is léir gur spreag sé sin imreoirí Chiarraí. Bhí a chéad cúl faighte acu ag Pat Spillane taobh istigh de chúpla nóiméad agus nuair a fuair Mickey Sheehy,a bhí ag imirt i bPáirc an Chrócaigh den uair dheireanach, cúl le cois an méid sin, chinntigh sé nach mbeadh teacht aniar i dTír Eoghain.

Cluiche Leathcheannais na hÉireann 2003 – Tír Eoghain 0-13 Ciarraí 0-6

(Gluaiseacht @4:21)

haon scór ar leith a léirigh an difríocht idir na foirne an lá seo ach an píosa imeartha sa chéad leath a tharla gar do thaobhlíne Ardán Uí Ógáin. Thug Seán O’Sullivan pas fan na taobhlíne chuig Dara Ó Cinnéide.

Faoin am gur éirigh leis an gCinnéideach éirí ón talamh, bhí ceathrar d’imreoirí Thír Eoghain timpeall air agus giob geab acu air gan staonadh gan stad. Ar chaoi éigin, choinnigh Ó Cinnéide seilbh na liathróide agus d’éirigh leis í a thabhairt d’Eoin Brosnan. Ní raibh Brosnan imithe ach cúpla coiscéim faoin am go raibh gualainn tugtha ag Seán Cavanagh agus Eoin Mulligan dó. Leagadh an Ciarraíoch, agus d’ionsaigh ochtar i ngeansaithe bána é agus é ar an talamh – níos mó na leath d’fhoireann Thír Eoghain!

Níor thaistil an liathróid 20 slat sa ghluaiseacht seo agus níor thúisce seilbh faighte ag Darragh Ó uirthi nó gur chaill sé arís é. Rinne an fear lár páirce lascadh dá bhróg a tharraingt ar an liathróid agus í ar an talamh chun beagán faoisimh a thabhairt dá chomhghleacaithe.

Thaispeáin an mhír sin an stíl nua imeartha a bhí tugtha isteach ag Tír Eoghain. Ba léir nach raibh Ciarraí chun iad a shárú ó thaobh díograise agus nirt sa chluiche sin.

Cluiche Ceannais na hÉireann 2005 – Tír Eoghain 1-16 Ciarraí 2-10

(Cúl @6:06)

Den chéad ceathrú uaire den chluiche seo, bhreathnaigh sé go raibh Ciarraí chun díoltas a bhaint amach don chailliúint dhá bhliain roimhe sin. Agus Colm Cooper ag stiúradh na himeartha sna tosaithe, bhí cúl faighte ag Dara Ó Cinnéide sa séú nóiméad chun Ciarraí a chur chun cinn ach baineadh gortú súile go mistéireach de ‘Gooch’ agus seo le Tír Eoghain á dtabhairt féin ar ais sa chluiche.

Bhí na foirne ar comhscór ag seacht suas go dtí leath ama, 0-8 i gcoinne 1-5, ach is ansin a a rinne Peter Canavan a mhórghaisce. Sheol Philip Jordan liathróid mhór fhada isteach i dtreo Eoin Mulligan ar an líne 21m agus rug ‘Mugsy’ agus Paul Galvin, a bhí ag feidhmiú mar lánchúlaí ar chúis éigin, á fhaire.

Le heireaball a shúl, chonaic Mulligan go raibh Canavan ag déanamh a bhealaigh isteach, thug sé an liathróid dó agus thapaigh laoch lucht na Láimhe Deirge a dheis chun a chinntiú gur Tír Eoghain a bheadh chun cinn ag leath ama.

or fhill Canavan ar an bpáirc ag leath am ach ní raibh deireadh déanta aige ná baol air. Díreach nóiméad tar éis do Tomás Ó cúl a fháil agus an bhearna a laghdú go dtí aon phointe amháin, tháinig Canavan isteach san imirt arís agus, ina chluiche dheireanach don chontae, scóráil sé cúilín eile chun stop a chur leis an teacht aniar a bhí á dhéanamh ag Ciarraí.

Cluiche Ceannais na hÉireann 2008 – Tír Eoghain 1-15 Ciarraí 0-14

(Sábháil @4:48)

Deich nóiméad isteach sa dara leath, bhí Ciarraí trí phointe chun deiridh. Ba é Colm Cooper – cé eile? – a chuir tús le haiséirí na gCiarraíoch. Sheol an Gooch dhá iarracht thar an trasnán, chruthaigh sé ceann do Dharragh Ó agus fuair Tomás Ó scór eile chun Ciarraí a chur chun tosaigh arís gan ach ceathrú huaire fágtha.

D’fhreagair Seán Cavanagh iad le dhá phointe den scoth ach le ceithre nóiméad fágtha, bhí deis ghlórmhar ag Chiarraí. Chuaigh Tomás Ó ar ruathar iontach ar thaobh na láimhe deise den pháirc agus sheol a pas chuig Declan O’Sullivan ag déanamh ar an gcúl. Thug O’Sullivan iarracht mhaith, íseal ar chúl ach d’éirigh le cúl báire Thír Eoghain, Pascal McConnell, an liathróid a chur go leataobh an phosta.

raibh McConnell ach ag tosú mar gheall go bhfuair athair John Devine, bás an Satharn roimhe ach chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar an imirt, é ag déanamh sábháil mhaith ó Tommy Walsh sa chéad leath. Chuir Bryan Sheehan an cic ’45 i ndiaidh iarracht O’Sullivan amú agus bhí Corn Mhic Uidhir buaite ag Tír Eoghain don triú huair faoi dheireadh an chluiche.

Cluiche Cáilithe Bhabhta 3 – Ciarraí 1-16 Tír Eoghain 1-6

(Cúil @49.20)

go raibh deich bpointe eatarthu ar chlár na scór ag deireadh an chluiche, d’fhéadfadh an toradh a bheith i bhfad níos cóngaraí mbeadh athrú beag sa choimhlint i lár an dara leath. Agus 43 nóiméad ar an gclog, bhí 0-10 ag Ciarraíagus  0-5 ag Tír Eoghain – ach laghdaíodh an bhearna nuair a fuair Enda Gormley cúl agus sciorta den ádh air á fháil.

raibh foireann faoi cheannas Mickey Harte buailte ag Ciarraí fós agus bhí an baol ann go dtitfidís as a chéile dá bhfaigheadh Tír Eoghain beagán misnigh ach chinntigh foireann Jack O’Connor an bua sa chéad ghluaiseacht eile i ndiaidh chúl na nUltach.

Rug Bryan Sheehan ar an gcic amach agus thug sé pas do Declan O’Sullivan, a thug pas ar aghaidh chuig Colm Cooper. Léirgh Gooch beagán dá chuid draíochta nuair a stiúir sé pas gleoite isteach i dtreo Sheehan, a choinnigh lena ruathar, agus thug an fear lár páirce pas láimhe trasna an chúil agus bháigh Kieran Donaghy san eangach í.

bhfuair Tír Eoghain ach pointe amháin eile as sin go deireadh na himeartha agus foireann Mickey Harte sáraithe ag Ciarraí ar deireadh.