Cérbh é Liam de Paor? Ba dheas an freagra a fuair mé ar mo cheist!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: an leabhar athláimhe mar ‘chaomhnóir’ ar ‘rúin’ a úinéirí 

Cérbh é Liam de Paor? Ba dheas an freagra a fuair mé ar mo cheist!

Cérbh é Liam de Paor a shínigh mo chóip dara láimhe de An Druma Mór sa bhliain 1969?

B’in í an cheist a chuir mé ar na leathanaigh seo an tseachtain seo caite.

Fuair mé freagra.

Bhí dornán maith léitheoirí i dteagmháil liom i ndiaidh dóibh colún na seachtaine seo caite a léamh. Bhí siad ar fad ar aon tuairim: gurbh é Liam de Paor, staraí, seandálaí agus tráchtaire, a raibh colún aige ar an Irish Times sna 1980í, an fear a shínigh mo chóip athláimhe d’úrscéal Sheosamh Mhic Ghrianna.

Ar ndóigh, ainm fíorchoitianta é ‘Liam’, sloinne réasúnta coitianta é ‘de Paor’ agus ní féidir talamh slán a dhéanamh de rud ar bith sa saol seo, ach cá bhfios nárbh é a bhí ann dáiríre. Pé Paorach a bhí ann, bhí lá eile aige ar leathanaigh Tuairisc.ie!

Níorbh í an tuairimíocht faoi chéad úinéir mo chóipse de An Druma Mór an t-aon aiseolas amháin a spreag colún na seachtaine seo caite. Roinn léitheoirí eile grianghraif liom ar na meáin shóisialta, pictiúir de leabhair athláimhe ina seilbh féin agus a n-ainm breactha ag chéad úinéirí na leabhar sin ar an gcéad leathanach.

Chuaigh teachtaireacht a chuir an t-iriseoir Seán Mac an tSíthigh chugam ón mBuailtín i bhfeidhm orm go mór:

‘Tá spioradáltacht agus uaisleacht sa leabhar seanachaite ar chuma éigin, fé mar a bheadh scéal, éirim agus mothúcháin an té a láimhsigh súite ag na leathanaigh. Caomhnóir atá sa leabhar ar rún atá folaithe orainn ach go mbraithimid go bhfuil buanaíocht againn féin ar an rún san, ainneoin sinn a bheith dall ar an gcúis.’

Bainim leabhar eile anuas ó mo sheilfeanna féin, cóip de mhórshaothar Harper Lee, To Kill a Mockingbird. Ceann de charn leabhar Béarla a fuair mé le huacht ó m’aintín, deirfiúr mhór m’athar, ar léachtóir Béarla í tráth ag coláiste oiliúna do mhúinteoirí meánscoile i gcathair Middelburg in iardheisceart na hÍsiltíre. Osclaím an leabhar agus, níos mó ná fiche bliain i ndiaidh a báis, líonann boladh na dtoitíní Miss Blanche a chaitheadh sí mo pholláirí. Bí ag caint ar ‘scéal an té a láimhsigh’ a bheith ‘súite ag na leathanaigh’! Ar an bpointe boise, táim ar ais i seomra suite m’aintín, seomra caol, fada agus leabhair ann ó urlár go síleáil, ar an tolg agus ar gach uile chathaoir. An seomra, seans, inar spreagadh mo dhúil féin sa litríocht den chéad uair. 

Baintear siar asam rud beag nuair a fheicim ainm m’aintín ar an gcéad leathanach, tá a síniú chomh cosúil sin le mo shíniú féin (agus le síniú m’athar). An léiriú is sofheicthe dá bhfaca mé riamh ar cheangal intleachtúil clainne. 

Rith sé liom ina dhiaidh sin gurbh fhéidir gur chóir dom féin m’ainm a chur i gcuid de na leabhair is ansa liom. Ní nós é sin atá agam, ach i bhfianaise an aiseolais a spreag colún na seachtaine seo caite, seans nach drochnós é. 

Fág freagra ar 'Cérbh é Liam de Paor? Ba dheas an freagra a fuair mé ar mo cheist!'

  • Iarla

    Nach spéisiúil an chomhtharlúint é go raibh an staraí Vincent Morley ag trácht ar Liam de Paor le gairid: https://cstair.blogspot.com.es