Ceoltóir Gaeltachta i lár an aonaigh ag ceiliúradh 100 bliain an Gharda Síochána

Tá Odhrán Ó Casaide, duine de na Casaidigh, coimisiúnaithe ag na Gardaí chun píosa ceoil a chumadh d’ócáid ag comóradh stair 100 bliain na heagraíochta

Ceoltóir Gaeltachta i lár an aonaigh ag ceiliúradh 100 bliain an Gharda Síochána

Tá ceoltóir aitheanta Gaeltachta coimisiúnaithe chun píosa ceoil speisialta a chumadh do cheiliúradh 100 bliain an Gharda Síochána.

Tá sé fógartha gurb é Odhrán Ó Casaide, duine de na Casaidigh, an teaghlach ceoil aitheanta as Gaoth Dobhair, a roghnaíodh chun an píosa ceoil seo a chur le chéile.

Casfaidh banna ceoil an Gharda Síochána an píosa ag ócáid chomórtha speisialta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath mí Lúnasa.

Tá Odhrán Ó Casaide ina chónaí i Ráth Chairn atá léachtóir sa cheol in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. An t-amhránaí Sibéal Ní Chasaide a iníon.

Tá an ócáid i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar cheann de roinnt ócáidí atá beartaithe chun stair 100 bliain an Gharda Síochána a cheiliúradh.

Dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris go raibh súil aige go dtabharfadh na hócáidí deis don phobal tuilleadh a fhoghlaim faoi na Gardaí agus ómós a léiriú dóibh siúd atá agus a bhí ag obair san eagraíocht.

Céad bliain is an lá inniu, ar an 9 Feabhra 1922, a tháinig coiste bunaidh an Gharda Síochána le chéile den chéad uair.

Fág freagra ar 'Ceoltóir Gaeltachta i lár an aonaigh ag ceiliúradh 100 bliain an Gharda Síochána'

  • An tEisreachtach

    Nár chuala tú caint orthu seo:
    Maurice McCabe (sceitheadóir ar gharda é), agus a ndearna na Gardaí ciapadh air?
    John Wilson (‘Is iad na Gardaí an drong is coiriúla sa tír!’ – sceitheadóir eile ar gharda é)?
    Cásanna Dhún na nGall?
    John MacCarthy (Mainistir Leathrátha)?
    Osgur Breatnach agus Triúr na Sollán?
    Naíonáin Chiarraí?
    Cás Úna Lynskey i gCo. na Mí?
    Ian Bailey?
    Drew Harris (Iaroifigeach san RUC – an fórsa póilíneachta ba chaime agus ba bhiogóidí san Eoraip lenár linn féin) a bheith i gceannas ar na Gardaí anois?

    – níl ansin thuas ach dornán de na cásanna scannalacha a raibh na Gardaí ceaptha a bheith á bhfiosrú.