Ceoldráma le taispeáint amuigh faoin aer ar oileán Gaeltachta

Tá sé i gceist ag Comhlacht Forbartha Inis Meáin, i bpáirt le Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta Éireann, pictiúrlann faoin aer a reáchtáil i nDún Chonchúir ar an oileán

Ceoldráma le taispeáint amuigh faoin aer ar oileán Gaeltachta

Tá ceoldráma le taispeáint amuigh faoin aer ar oileán Gaeltachta an deireadh seachtaine seo.

Tá sé i gceist ag Comhlacht Fobartha Inis Meáin, i bpáirt le Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta Éireann, pictiúrlann faoin aer a reáchtáil i nDún Chonchúir ar an oileán.

Oíche Dé Sathairn agus oíche Dé Domhnaigh, taispeánfar scannánú a rinne Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta Éireann ar an gceoldráma The Lighthouse.

Tá sé i gceist an scannán a chur ar siúl sa dún tar éis luí na gréine.

Taispeánadh an scannán, a rinneadh ag tús na bliana seo, den chéad uair an mhí seo caite ag roinnt láithreacha cósta ar fud na tíre, tithe solais Fhánada agus Dhairbhre ina measc.

Bainisteoir Chomhlacht Forbartha Inis Meáin, Cuan Ó Seireadáin, a d’eagraigh an ócáid.

Tar éis dó teagmháil a dhéanamh le Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta Éireann agus cead a fháil ó Oifig na nOibreacha Poiblí Dún Chonchúir a úsáid mar láthair, dúirt Ó Seireadáin go bhfuil sé ag súil le hócáid “an-speisialta”.

The Lighthouse, a chum Peter Maxwell Davies, bunaithe ar eachtra a tharla ar na hEileanan Flannach in Alban sa bhliain 1900 nuair a chuaigh triúr fear a bhí ag obair i dteach solais ar iarraidh. Insítear an scéal ó thaobh na bhfear agus iadsan a bhí ar long soláthair a thug faoi deara go raibh an triúr ar iarraidh.

“Is eachtra é a tharla i nGaeltacht na hAlban ach is daoine ó taobh amuigh de Ghaeltacht na hAlban a bhí istigh ag obair sa teach solais agus ar an long,” a dúirt Ó Seireadáin agus é ag labhairt ar an gclár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“Tá an teagmháil chultúrtha sin idir an dá chultúr, cultúr Ghaeltacht na hAlban agus cultúr na himpireachta – cultúr an Bhéarla, na seirbhísí mara – an-láidir sa cheoldráma agus beidh sé an-suimiúil é sin a fheiceáil sa chomhthéacs oileánda seo.”

Tá sé i gceist go mbeadh an chéad taispeántas ann Dé Sathairn ag 9pm agus arís Dé Domhnaigh ag 8.30pm. Dúirt Ó Seireadáin, áfach, go raibh na hamanna sin ag brath ar dhul faoi na gréine. Mairfidh an scannán 70 nóiméad.

Ní gá ticéad a chur in airithe do na taispeántais agus cuirfear cathaoireacha agus cluasáin ar fáil. Mhol Ó Seireadáin dóibh siúd atá ag iarraidh freastal ar an ócáid pluid, deoch the agus plaic le n-ithe a thabhairt leo.

Fág freagra ar 'Ceoldráma le taispeáint amuigh faoin aer ar oileán Gaeltachta'